Ag moladh agus ag cáineadh na hiomána

Ba chun leas na hiománaíochta é dá gcoiméadfadh an réiteoir a chártaí ina phóca go dtí go ndéanann imreoir gníomh atá salach agus réamhbheartaithe

Ar Lá Nollaig na mBan fógraíodh moltaí Choiste Athbhreithnithe na hIomána. Bhí an grúpa seo agus iarbhainisteoir iománaithe Thiobrad Árann, Liam Sheedy, i mbun taighde le cúpla mí anuas. Ina  chathaoirleach orthu a bhí Sheedy.

An sprioc a bhí acu ná súil ghéar a chaitheamh ar spórt ealaíonta na hiomána agus iarracht a déanamh teacht aníos le moltaí chun cur le gach a mbaineann leis an spórt ársa seo.

Dar ndóigh, bhuaileadar le chuid maith de na páirtithe is mó a chuireann suim sa chluiche agus chuir siad ceistneoir ar líne ar fáil don phobal i gcoitinne.

Nuair a bhí deireadh déanta, chuireadar le chéile tuarascáil a nochtadar don domhan mór an Mháirt seo chaite.

D’adhmaíodar go bhfuil seod de chluiche againn agus le píosa ‘tweekáil’, nó roinnt mionathruithe, go bhféadfaí é a scaipeadh go forleathan ar fud na tíre, agus, mar aon leis sin, é a dhéanamh níos fearr do na himreoiri agus don lucht féachana.

Léigh mé an tuarascáil agus an cúig mholadh déag a atá le léamh ann. An moladh a tharraing an méid is mó díospóireachta le cúpla lá ná ‘uimhir a hocht’ a bhaineann le cártaí buí agus an pionós a ghabhann leo.

De réir na rialacha atá ann i láthair na huaire, taispéantar cárta dearg d’imreoir a thuilleann an dara cárta buí agus cuirtear den pháirc imeartha.

Faoin moladh nua, caithfidh an t-imreoir an pháirc a fhágáil ach is féidir le himreoir eile teacht isteach ina ionad. Bhí formhór a léigh mé sna meáin i gcoinne an mhodladh sin.

Bhí cuid maith daoine ag rá go mbeidh níos mó den imirt chinicúil sna cluichí má ghlactar leis an moladh.

Nílim féin i bhfabhar an mholadh áirithe seo ach an oiread.

Le cúpla bliain anuas, tá cártaí buí á dtaispeáint ag réiteoirí rómhinic ar fad agus go minic d’fheallanna neamhurchóideacha.

Má thaispéantar cárta go luath i gcluiche, bíonn an t-imreoir faoi bhrú agus bíonn an réiteoir faoi bhrú freisin. Bheadh sé i bhfad níos fearr don imreoir, don réiteoir, agus don choimhlint dá gcoiméadfadh an réiteoir na cártaí ina phóca go dtí go ndéanann imreoir rud éigin salach agus réamhbheartaithe. 

Táim i bhfabhar an loca pionóis (nár luadh in aon chor) freisin. Ceapaim gur fiú triail a bhaint as agus i mo thuairim bheadh sé i bhfad níos fearr ná moladh sin a cúig déag.

Táimid go léir ag súil le tástáil mholadh a trí. De réir an mholadh seo, beidh an cúl báire ag seasamh ina aonar sa chúl nuair a bheidh poc pionóis á thógaint.

Dar ndóigh, ní bheidh cead ag fear buailte an tsliotair bheith taobh istigh den líne fiche méadar agus an sliotar á bhualadh aige.

Cinnte is fiú é seo a thriail mar, faoi mar a sheasann an riail i láthair na huaire, tá an buntáiste ag na cúlaithe in ionad é bheith ag na tosaithe.

Faoi mholadh uimhir a dó, tá an coiste ag iarraidh go mbeadh Stiúirthóir Iomána Náisiúnta ann. Bhí an post sin ann cúpla bliain ó shin agus an fear is fearr sa tír sa phost.

Ach briseadh as a phost é agus níor ainmníodh aon duine eile ann ó shin. Sea, ba é Paidí De Buitléir a bhí sa phost agus níl aithne agam ar mhórán eile atá  chomh heolach, chomh hoilte, chomh spreagúil leis. Is é Aspal na hiomána é agus thabharfainn an post arís dó  – is é sin, má tá se sásta é a thógaint.

Tá mórán eile sa tuarascáil agus scríobhfaidh mé níos mó fúthu sin sna seachtainí amach romhainn.

Tá súil agam nach leanfaidh sé an t-uafás eile de thuarascálacha atá ag bailiú smuit i gcófraí ar fud na tíre agus go spreagfaidh sé díospóireacht agus athraithe a chuirfidh le cluiche álainn na hiomána.

Fág freagra ar 'Ag moladh agus ag cáineadh na hiomána'