Ag imirt do Ghaillimh in aghaidh Dhoire a bhí mé Domhnach na Fola…

Cothrom an lae seo 50 bliain ó shin agus cúrsaí polaitíochta ó thuaidh ag éirí níos teasaí tháinig foireann peile Dhoire go Gaillimh. I ndiaidh an chluiche a fuarthas an drochscéal faoi uafás Dhomhnach na Fola...

Ag imirt do Ghaillimh in aghaidh Dhoire a bhí mé Domhnach na Fola…

Tar éis an imtheorannaithe gan triail ar an 9 Lúnasa 1971, d’fhreagair CLG na Gaillimhe iarratas ó Bhord Chontae Dhoire cluichí a imirt chun airgead a bhailiú do Chiste Faoisimh an Tuaiscirt.

D’imir Gaillimh in aghaidh Dhoire sa chéad chluiche i bpáirc sacair an Brandywell, ar an 5 Nollaig 1971. Cuireadh deireadh leis an gcosc ar an sacar agus ‘foreign games’ eile ag Comhdháil CLG i mBéal Feirste an Cháisc sin. D’imir mé le foireann na Gaillimhe i 1971. Bhíomar i gcluiche ceannais na hÉireann Meán Fómhair na bliana sin in aghaidh Uíbh Fhailí ach chailleamar an cluiche.

Thaistil muid ó thuaidh ar an Satharn, an 4 Meán Fómhair, agus mar go raibh na ‘Trioblóidí’ ag dul in olcas, d’fhanamar thar oíche san óstán Inter-Contae ar bhruach theas abhainn na Finne i Leifear.

Ó thús an imtheorannaithe ar an 9 Lúnasa, d’fhás an IRA Sealadach i gcathair Dhoire ó dhornán beag gníomhaithe go breis agus céad gníomhaí agus bhíodh troideanna agus cathanna gunnaí leis an RUC agus arm na Breataine acu gach lá.

An oíche Shathairn sin, mharaigh buama a chuir an UVF i McGurk’s Bar i mBéal Feirste 15 duine agus ar an mórshiúl uafásach seo a bhíothas ag caint ar an raidió sa charr agus muid ag taisteal chuig an gcluiche. 

Bhí an t-atmaisféar lán teannais nuair a shroicheamar Páirc Brandywell agus sular cuireadh tús leis an gcluiche bhí cath mór ar siúl thart ar Bhóthar Lone Moor agus Taobh an Bhogaigh in aice leis agus daoine óga ag iarraidh an RUC agus saighdiúirí na Breataine a bhrú siar le clocha agus buamaí peitril agus na saighdiúirí á bhfreagairt le piléir rubair.

Bhí súil ag Bord CLG Chontae Dhoire le slua mór mar go raibh an teacht isteach le dul chuig Ciste Faoisimh an Tuaiscirt agus le cabhrú le hathfhorbairt a dhéanamh ar Pháirc na gCeilteach. Ach d’fhan go leor Gael ó chroíthailte na peile i nDoire Theas ag baile mar gheall ar an méid a bhí ar siúl sa chathair.

Cluiche 13 an taobh a bhí ann mar gheall ar an bpáirc sacair a bheith níos lú, rud a d’fhág go raibh bua mór ag Doire ar Ghaillimh, 4-13 in aghaidh 3-6. Tar éis an chluiche agus cuid againn i mbun comhrá le himreoirí agus le hoifigigh Dhoire maidir leis na scéalta polaitiúla is déanaí, chonaiceamar go raibh grúpa déagóirí as Doire tar éis roinnt ‘cuimhneachán’ ón achrann a tharla níos luaithe le hArm na Breataine a thrádáil le cuairteoirí an Deiscirt.  Ba é an praghas ar philéar rubair ná deich scilling.

Duine d’imreoirí Dhoire a thuig do mheon na gCaitliceach óga i nDoire ab ea Tom McGuiness a d’imir i lár na páirce an lá sin. Bhí Tommy Mellon, Cathaoirleach Bhord Chontae Dhoire, ag spochadh as McGuiness: “Bhí an slua níos lú ná mar a bhí mé ag súil leis, shíl mé gur chuir Martin amach an focal ‘No throwing stones today, the brother is playing with Derry’.”

D’inis siad dúinn go raibh an streachailt ar son chearta sibhialta a bhí ar siúl ansin le trí bliana nach mór caite in aer agus, tar éis an imtheorannaithe, gur ‘Éire Aontaithe’ a theastaigh anois, go háirithe ón aos óg.

Sular thugamar faoin turas fada ar ais go Gaillimh, chuaigh cúpla duine againn chun cuimhneacháin a cheannach ach bhí siad go léir díolta. Thug Tommy Mellon faoi deara go raibh díomá orainn. D’iarr sé orainn fanacht tamall eile agus d’imigh sé leis. Nuair a d’fhill sé dúirt sé linn gur iarr sé ar an dream óg an raic a thosú arís ar feadh tamaill chun cúpla piléar rubair eile a fháil dúinn. Rinne siad sin agus taobh istigh de leathuair an chloig agus bhí mo chuimhneachán agam agus muid ag dul ar ais síos an bóthar go Gaillimh, ag tnúth leis an gcluiche fillte a socraíodh don Domhnach, an 30 Eanáir 1972 i Staid Thuama.

Idir an dá chluiche sin is ag éirí níos teasaí a bhí cúrsaí polaitíochta. Ar an Satharn an 22 Eanáir rinne reisimint na bParaisiút ionsaí brúidiúil ar lucht agóide a bhí ag máirseáil in aghaidh an imtheorannaithe ar thrá Aird Mhic Giollagáin (Magilligan) gar do Dhoire. Is cuimhin le Bernie Mullan, as club CLG Ballerin an ócáid:

 “Bhí go leor fear CLG imtheorannaithe agus chuaigh clubanna CLG Dhoire go léir go dtí an agóid i Magilligan. Bhí litir agóide ag Paddy Cassidy ó na clubanna agus bhí sé á tabhairt d’oifigeach airm na Breataine a bhí i gceannas nuair a bhuail an t-oifigeach Paddy trasna san aghaidh le bata adhmaid. Ba é sin an Coirnéal Derek Wilford a d’ordaigh do reisimint na bParaisiút tabhairt faoin lámhach le marú i nDoire seachtain ina dhiaidh sin.”

Cuireadh fáilte chroíúil roimh fhoireann Dhoire i dTuaim agus oíche Dé Sathairn thug siad cuairt ar an Las Vegas Ballroom in éineacht le go leor d’fhoireann na Gaillimhe. Dúradh sa Tuam Herald: ‘Is beag cuairt a thug foirne an Tuaiscirt ar na háiteanna seo agus ba mhór an nuaíocht é nuair a thug foireann mhór Dhoire a gcéad chuairt ar staidiam Thuama. B’fhéidir gur cúiteamh éigin é an fháilte a cuireadh rompu mar chaill siad an chluiche.’ (05/02/1972). Ní raibh an cluiche cosúil le cluiche lán scórála an Brandywell agus bhí an bua ag Gaillimh, 0-6 in aghaidh 0-5. 

Rinneamar ár mbealach le himreoirí Dhoire go dtí Óstán an Imperial i dTuaim le haghaidh béile tar éis an chluiche. Agus muid ag siúl isteach san óstán tháinig nuacht RTÉ ar an teilifís… ‘Scaoileadh seisear marbh ag mórshiúl na gcearta sibhialta i nDoire inniu …’. 

Bedlam is cíor thuathail a bhí ann ina dhiaidh sin agus imreoirí Dhoire a raibh muintir agus cairde acu ar an mórshiúl ag iarraidh glaoch abhaile. Bhí guthán amháin ag an óstán chomh maith le bosca fón poiblí. Sa pandemonium, chinn lucht Dhoire imeacht abhaile láithreach agus níor fhan siad leis an mbéile.

Ar feadh an tráthnóna agus na hoíche go léir tháinig drochscéalta nua chugainn faoi líon na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh. Chuaigh meaisín bolscaireachta Arm na Breataine i mbun gnímh ag áitiú gur scaoileadh urchair leo, go bhfuarthas rian buamaí in ingne na mairbh agus rian ábhar pléascach ar éadaí na ndaoine a maraíodh nó a gortaíodh. Bhí ráflaí ag imeacht thart go tiubh. Bhí Jack Lynch chun a ghealltanas ‘the Irish government can no longer stand by and see innocent people injured’ a chomhlíonadh. Dúradh gur thréig saighdiúirí a bhí i mBeairic Uí Mhaoilíosa i nGaillimh, arbh as Doire iad, an áit lena raidhfilí agus go raibh siad ar an mbóthar go Doire.

Bhí alltacht agus uafás ar dhaoine agus mhéadaigh an fhearg iontu de réir mar a nochtadh an fhírinne faoin mbarbarthacht. ‘Sheer unadulterated murder’ an cur síos cruinn a bhí ag an iriseoir Iodálach Fulvio Grimaldi ar ar tharla. Ar fud na tíre Dé Luain agus Dé Máirt, bhí agóidí ar siúl. D’imigh oibrithe ón obair chun agóid a dhéanamh. Ag cruinnithe údaráis áitiúil ritheadh rúin ag cáineadh na maruithe. I neart a chuaigh na hagóidí ag ambasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath. 

Bhí na sochraidí beartaithe don Chéadaoin agus d’fhógair an rialtas lá cuimhneacháin náisiúnta. D’eagraigh Club Poblachtánach Ollscoil na Gaillimhe bus chuig na sochraidí. 

Cé nár mhac léinn ansin mé fuair mé áit ar an mbus. Bhí sé fós ag sioc go trom agus an bus ag fágáil na Gaillimhe roimh bhreacadh an lae. Thiomáin an bus ó Thuaidh trí thír a bhí fíorchiúin – bhí gach rud dúnta. Shroicheamar an teorainn ar bhóthar St Johnstone isteach go Doire agus bhí orainn an cúpla míle eile a shiúl.

Bhí Doire plódaithe le daoine – measadh go raibh 70,000 ann do na sochraidí – ina measc easpaig, Teachtaí Dála, airí rialtais an Deiscirt, polaiteoirí náisiúnacha agus gnáthdhaoine maithe as gach cearn den oileán. Bhí aon chónra dhéag curtha taobh le taobh i séipéal Naomh Muire, An Creagán. Bhí an séipéal lán go doras le gaolta, comharsana agus cairde ag déanamh comhbhróin, agus bhailigh na mílte taobh amuigh. I rith na n-adhlacthaí i reilig na cathrach bhí sé ag gleadhradh báistí agus na daoine ag caoineadh na marbh.

Bhí mearbhall orainn faoin uafás go léir, sórt speabhraídí orainn, iontas fós gur tharla a leithéid. Agus slua na sochraide scaipthe, chuamar go dtí suíomh na maruithe agus na láithreacha éagsúla…Árasáin Rossville agus Páirc Ghleann Fhada… ina láithreacha cuimhneacháin cheana féin. Triúr déag ar fad agus iad go léir faoi 41 bliain, naonúr acu níos óige ná mise.

Is iad seo na daoine a maraíodh Domhnach na Fola: Patrick Doherty, 31, Gerald Donaghey, 17, John ‘Jackie’ Duddy, 17, Hugh Gilmour, 17, Michael Kelly, 17, Michael McDaid, 20, Kevin McElhinney, 17, Bernard ‘Barney’ McGuigan, 41, Gerard McKinney, 35, William ‘Willie’ McKinney, 27, William Nash, 19, James Wray, 22 agus John Young, 17.

I measc an 15 eile a gortaíodh ar an lá bhí John Johnston, 59, a fuair bás ina dhiaidh sin de thoradh a ghortuithe.

Bhí aontaithe againn a bheith ar ais ag an mbus idir 5.30 agus sé a chlog. Thart ar a dó a chlog, bheartaigh ár ngrúpa scaipeadh agus dul ag ithe mar ní raibh oiread agus cupán tae ag éinne ón oíche roimhe. Ag fágáil Sráid Rossville dúinn bhuail cúpla duine againn chun comhrá le triúr. D’aithin mé Seán Ó Conaill a bhí ag imirt mar lántosach ar fhoireann Dhoire a d’imir in aghaidh na Gaillimhe i dTuaim an Domhnach roimhe sin. In éineacht leis bhí Charlie Gallagher, iarpheileadóir de chuid an Chabháin agus an t-iománaí as Doire, Liam Hinphey.

Bhí siad an-tógtha leis gur tháinig muid go dtí na sochraidí chun tacaíocht a thabhairt do na daoine agus phléamar na himeachtaí ón Domhnach agus cad a tharlódh ina dhiaidh sin. D’fhiafraigh mé díobh an bhféadfaidís caifé nó bialann a mholadh dúinn. Dúirt Charlie Gallagher: ‘Níl aon rud oscailte ar an taobh seo den Fheabhail ach tá tú ag teacht abhaile liomsa agus beidh bia agus deoch agaibh ann agus fágfaidh mé ar ais sibh ag an mbus.’ Cé a d’fhéadfadh diúltú?

Bhí Charlie Gallagher ag obair mar fhiaclóir teaghlaigh sa chathair agus bhí cónaí air i dteach breá in aice le hOspidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin 

ar imeall duilleogach na cathrach. Chuir a bhean Maureen an-fháilte romhainn agus bhí seans againn ár scíth a ligean le bia agus deochanna. 

Bhí Charlie in ardghiúmar agus scéalta peile á n-insint aige faoin Sigerson, Cabhán agus Uladh. Ní raibh aon deifir air agus faoin am ar bhaineamar an teorainn amach i Rover Charlie bhí an bus imithe. ‘Ní fadhb ar bith é,’ arsa Charlie, agus d’éirigh linn coinneáil leis an mbus i Srath an Urláir.

Bhí eagraí an bhus as UCG ar buile. ‘An dtuigeann tú gur chuir tú moill beagnach dhá uair an chloig orainn cé nach raibh greim le n-ithe ag aon duine ar an mbus seo ó aréir?’ ar sé le Charlie. D’fhreagair Charlie é. ‘Bhuel, ní fhágfaidh sibh Bealach Féich ocrach.’

Mhínigh sé do bhainisteoir Óstán Jacksons (‘is iomaí béile maith a bhí againn ann tar éis cluichí’ arsa Charlie) agus mhínigh sé go rabhamar tagtha aníos as Gaillimh chuig na sochraidí i nDoire agus nár itheamar an lá ar fad. Ghlaoigh Barry Jackson ar a fhoireann agus laistigh d’achar gairid bhí gach duine ina suí ag ithe stéige agus sceallóga. Cé gur lá brónach a bhí ann, ba lá é freisin inar thuig mé tábhacht CLG i sochaí na hÉireann, thuaidh agus theas.

Sa leabhar The GAA’s Lost Icon le Paul Fitzpatrick, cuireadh síos ar Charlie Gallagher mar George Best CLG. ‘Gaiscíoch óg Cootehill (Muinchile)…imreoir iontach sciliúil, ach scrios an t-alcól é.’ 

Fuair Charlie Gallagher bás nuair a bádh i dtimpiste é i 1989. Fuair Sean Ó Conaill, sárimreoir peile Dhoire bás in 2003. Tá Liam Hinphey fós linn agus é sna hochtóidí.

Fág freagra ar 'Ag imirt do Ghaillimh in aghaidh Dhoire a bhí mé Domhnach na Fola…'