Ag gruaimscrolláil ar TG4 faoin apacailipsis atá le teacht

Agus a theanga ina leathphluic aige déanann Oisín Mistéil cíoradh ar na bagairtí eiseacha a ghabh chugainn i gcaitheamh na mblianta

Ag gruaimscrolláil ar TG4 faoin apacailipsis atá le teacht

Oisín Mistéil a chur 'Go mBeirimid Beo' i láthair

Táimid ar fad clipthe cráite ag an bpaindéim. Sáinnithe, suaite, sceimhlithe ag an mbagairt eiseach seo. Mórán againn gafa le líon cásanna laethúla Covid, an líon othar sna hospidéil agus san haonaid dianchúraim. An drochscéal á raideadh chugainn ar ár ngléasanna teicneolaíocha, sinn ag gruaimscrolláil faoi mar a thugann Oisín Mistéil air go seanbhlastúil sa chlár dátheangach Go mBeirimid Beo (TG4, Dé Céadaoin).  

Agus a theanga ina leathphluic aige déanann Oisín comparáidí a rianú idir bagairtí eiseacha na paindéime agus an t-athrú aeráide agus bagairtí a bhí ann san am a caitheadh, an bhagairt núicléach go háirithe. Tá an clár seo idir mhagadh agus dáiríre ach tá teachtaireacht láidir ann, go mór mór thiar ó dheireadh agus an clár ag cur abhaile orainn nach bhfuil ach deich mbliana nó mar sin againn le gníomh fónta le dealramh a dhéanamh. 

Ní hé seo an chéad uair againn a bheith ag fáscadh lámh agus ag sileadh allais faoin  apacailipsisatá le teacht. Bhí crith cos agus lámh orainn ó ghéarchéim Chúba go titim fhalla Bheirlín maidir leis an mbagairt núicléach. Is láithreoir caithiseach, compordach, deisbhéalach é Oisín agus tugann sé siar bóithrín na smaointe sinn chuig an ré úd a raibh an cogadh núicléach ag bagairt ar an domhan. 

Ag tús an chláir címid Bill O’Herlihy ag tabhairt faoi mhír maidir leis an mbuncar a bhí le tógaint fé bhun Scoil Mhóinín na gCiseach in oirthear chathair na Gaillimhe i 1966. Cad é bús ann mar ná beadh ach dhá sheomra ann is spás do 55 duine. Neamheolas agus neamhthuiscint ann maidir leis an saol a bheadh ann tar éis na pléisce núicléiche. Ní fiú na deich triuf an buncar, faoi mar a deir Emmet Ryan ag deireadh an chláir. Bhí ionchur breá anseo ó Chóilín Ó hIarnáin agus Úna Ní Bhroiméil, ach b’ait liom go raibh giuirléidí ón tréimhse fós fágtha sa seomra, a bhfuil an chuma air gur áit stórála anois é. Nár cheart iad seo a bheith curtha i dtaisce nó ar taispeáint? Rud eile ar thugas suntas dó ná gur teideal Gaeilge, Bás Beatha, a bhí ar an leabhar treorach don phléasc núicléach.  

Ina dhiaidh sin labhraíodh faoin bhfeachtasaíocht i gcoinne an stáisiúin núicléach i gCeann an Chairn. Lucht na háite níos suaite faoin ainriantacht ná an bhagairt núicléach.  

Labhair Pádraig Mac Cárthaigh, léachtóir fisice in Ollscoil Chorcaí, go heolgaiseach as Gaeilge faoin imoibreoir núicléach a bhí ar thailte na hollscoile ansin ar feadh na mblianta fad is a bhí na Corcaígh ag maíomh gur dhúthaigh saor ó ábhar núicléach í. Bhí an-suim agam ina chuid cainte faoin gcomhleá núicléach, próiseas ginte fuinnimh a d’fhéadfadh sinn a thabhairt as an tsáinn timpeallachta ina bhfuilimid.  

Cé nach raibh aon locht agam ar an mír faoi na cloigthithe – go deimhin bhí sí suimiúil – níor luigh sí leis an gcuid eile den chlár. Taibhsíodh dom gur sruth smaointeachais a stiúir an clár go minic. Mar is dual do TG4 le tamall is clár dátheangach a bhí anseo agus ionchur againn ó leithéidí Brendan Howlin, cé go bhfuil roinnt Gaeilge ag an bhfear céanna.  

Críochnaíodh an clár le teachtaireacht láidir faoin timpeallacht agus faoin gcóras eacnamaíoch craosach atá ag slogadh acmhainní nádúrtha.  

Turas greannmhar, ait, tráthúil.   

Fág freagra ar 'Ag gruaimscrolláil ar TG4 faoin apacailipsis atá le teacht'