Ag fágáil slán le sorcas sacair na Nollag

Má bhímid in ísle brí nuair a chríochnóidh Corn an Domhain inniu tabharfaidh dinnéar na Nollag ardú meanman dúinn laistigh de chúpla lá

Ag fágáil slán le sorcas sacair na Nollag

Tá Corn Domhanda Chatar ag teannadh ar cheann scríbe. Bhí mórán a cháin an cinneadh, agus údar acu, an comórtas a reáchtáil i rith an Gheimhridh (cháin gach n-aon an cinneadh an comórtas a reáchtáil sa Chatar, ach sin conspóid eile ar fad). Measaim féin go n-oireann an t-am seo den bhliain do nósanna féachana an leathsféir thuaidh.

Faoiseamh ón dúluachair. Cad eile a bheimis ag déanamh agus na laethanta ag dul i ngiorracht? Má bhímid in ísle brí nuair a chríochnóidh an comórtas tabharfaidh dinnéar na Nollag ardú meanman dúinn cúpla lá ina dhiaidh sin.

D’andúiligh spóirt na hÉireann is mór an faoiseamh é nach bhfuil an cluiche ag teacht salach ar chluichí móra CLG. Sin ráite tá cluiche leathcheannais na gclub sna camáin idir Baile Gunnair agus Baile Héil ag teacht salach ar chluiche ceannais Chorn an Domhain, rud a bhainfidh barrthuisle as figiúirí féachana TG4.

Tá dílseacht gan údar agam don chraoltóir náisiúnta maidir le clúdach spóirt de – CLG, sacar agus rugbaí. Leisce ar leanbh na Glúine X nós a bhriseadh. Dá bhrí sin ní raibh aon cheist ach luí ar chnaipe RTÉ ar an gcianrialtáin agus mé do mo chaitheamh féin ar an gcúits an Mháirt agus Céadaoin le féachaint ar na cluichí leathcheannais.

Is beag duine a thuar go mbainfeadh an Chróit an chéim seo den chomórtas amach agus níor thuar éinne go mbeadh Maracó fós sa Chatar ag an bpointe sin. Tháinig an bhrionglóid chun críche dóibh beirt go taise gan trua. Le bheith macánta faoi cuireadh de dhroim seoil iad gan dua agus níor éirigh le héinne acu báide a aimsiú. Ní gan choinne go bhfuil an Fhrainc agus an Airgintín len é a fhéachaint le chéile ar an Domhnach. Meabhraíodh dúinn go bhfuil Corn an Domhain buaite ag bainisteoir na Fraince Didier Deschamps mar bhainisteoir agus mar imreoir. Tá bainisteoir Mharacó Walid Regragui sa phost le cúpla mí.

Bhí paistí imeartha ó Lionel Messi a mheabhraigh a laethanta órga dúinn. An-seans go bhfuil laethanta órga Kylian Mbappé roimhe amach. Tá an bheirt acu len é a fhéachaint le chéile sa chluiche ceannais inniu agus tá uisce le fiacla.

Dríodar cainte agus gach re sea acu sa stiúideo. Bhí Damien Duff, Liam Brady agus Shay Given bailithe isteach ar an Máirt agus Joanne Cantwell ag raideadh ceisteanna chucu. Ba dhóbair gur thit sí den gcathaoir nuair a mhaígh Duff ná féadfadh Mbappé coinneal a choimeád le Messi nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa. Cuileachta ag baint leis féin agus Given; Brady cancrach mar is gnáth.

Bhí Brady ar an gcúits arís ar an gCéadaoin agus Richie Sadlier agus Didi Hamann bailithe isteach le Peter Collins ina bhfeighil. Hamann ag maíomh go bhfuil laethanta na peile oscailte, mealltaí, siamsúla caite. “Más siamsaíocht atá uait téigh ag an sorcas,” a dúirt sé. Pé acu scéal eile tá cluiche amháin fágtha sara n-imeoidh an sorcas uainn ar feadh ceithre bliana eile. Aireoimid uainn é.

Fág freagra ar 'Ag fágáil slán le sorcas sacair na Nollag'