Ag ealaín thart san Iodáil agus ag dul thar teorainn le Uwe an AE

Cúpla bliain ó shin rinne ár gcolúnaí gearrchúrsa ealaíne san Iodáil agus is iomaí scéal a bhí ag a comhghleacaithe ar an gcúrsa céanna

Ag ealaín thart san Iodáil agus ag dul thar teorainn le Uwe an AE

Cúpla bliain ó shin rinne mé gearrchúrsa ealaíne san Iodáil. Ba é

mian mo chroí le fada an cúrsa áirithe sin a dhéanamh. Alt i nuachtiris a thugadh Ryanair amach a tharraing m’aird air i dtosach. Chaill mé an iris ach chuimhnigh mé air toisc gur fear as Dún na nGall, é féin agus a bhean chéile, a bhí ina bhun.

Bhí roinnt daoine an-spéisiúil ina measc siúd a bhí ar an gcúrsa, i seanteach feirme sa Tuscáin. Fear a bhí ar a phinsean a d’fhágadh a iPad oscailte san áit a raibh fáil ar an idirlíon gach lá. Sasanach ab ea é a bhí ina chónaí san Eilvéis agus bhíodh súil á coinneáil aige ar an stocmhargadh ó tharla cúpla comhlacht taiscéalaíochta idirnáisiúnta a bheith aige. Bhí beirt bhan ann a bhí ina gcónaí i Londain agus gur mhó a suim sa tsiopadóireacht ná san ealaín. Agus bhí Uwe ann…

Gearmánach ab ea Uwe agus choinnigh sé chuige féin cuid mhaith. Ach tráthnóna, nuair a thugtaí amach na crúiscíní fíona, tharraingíodh sé amach a ghiotár agus thosaíodh ag casadh amhrán de chuid Simon agus Garfunkel, fad is a bhíomar inár suí ar an ‘patio’ ag fanacht leis an dinnéar.

Bhí fear Dhún na nGall ina chócaire i Londain tráth agus chuireadh sé béilí blasta os ár gcomhair gach lá. D’éirigh muid gach maidin agus boladh an ‘focaccia’ nua-bhácáilte ag teacht aníos as an gcistin.

Oíche amháin idir ‘Bridge Over Troubled Waters’ agus ‘The Boxer’ thosaigh Uwe ag inseacht a scéil. Ba as Oirthear na Gearmáine é ó thús. Ba ansin a tógadh agus a cuireadh oideachas air.

Ach ba é mian a chroí i gcónaí dul thar teorainn agus éalú ón tír sin. Bhí a fhios aige gur iomaí duine nár tháinig slán ó iarracht éalaithe, ach i ndeireadh na n-ochtóidí chuaigh sé féin agus cara leis ar ‘saoire’ go dtí ceantar a bhí gar don teorainn sa deisceart.

Bhí na mílte de chlaíocha sreinge, soilse agus túir faire rompu i ngach treo. D’fhanadar gur thit an oíche agus trí sheans, fuaireadar bearna sa gclaí sreinge. Choinníodar orthu ag siúl agus ag déanamh a mbealaigh tríd na sconsaí agus na claíocha éagsúla.

Le breacadh an lae ní raibh a fhios acu cá raibh siad.

Thuigeadar go raibh contúirt ann go mb’fhéidir go rabhadar tar éis a n-aghaidh a thabhairt sa treo mícheart agus go mb’fhéidir go rabhadar sa nGearmáin Thoir arís. Ar deireadh, toisc nach raibh aon rogha acu, b’éigean dóibh dul i muinín an chomhrá le strainséir.

Bhíodar imithe thar an teorainn.

Níor thuigeadar féin go raibh gluaiseacht fhrithchumannach mhór ann ag an am agus go raibh an teorainn á briseadh ag daoine eile in áiteacha eile. Ach ní raibh a fhios ag éinne cén chaoi a gcríochnódh cúrsaí. Chuir na Sóivéadaigh deireadh fuilteach le héirí amach dá leithéid cheana – sa tSeicslóvaic.

D’éirigh go maith le Uwe agus shocraigh sé síos san iarthar. Ba léir dúinne ar an gcúrsa go raibh post maith aige. Nach raibh BMW deas páirceáilte aige i ngaráiste an tí s’againne sa Tuscáin?

Ag deireadh an chúrsa smaoinigh mé ar sheift. Bhí m’eitilt-se le himeacht as Milano agus bhraith mé go raibh Milano ar an mbóthar abhaile ag Uwe. Nach mbeadh sé go deas síob a fháil sa BMW gan díon, chomh fada le m’óstán?

Fadhb ar bith. Chaith sé mo mhála isteach agus away linn.

Bhí fadhb bheag aige leis an díon gréine agus ní raibh deis agam an ghruaig a scaoileadh siar síos liom ar nós réalt scannáin agus muid ag treabhadh ó thuaidh ar an Autovia. Ansin bhí an ‘sat nav’ le feistiú le sreanga i bpoll ar an dais. Ar éigean a d’oibrigh sé ar chor ar bith.

‘Na sléibhte, tá a fhios agat…’

Bhí siúl maith faoi. Bhí mise beagáinín neirbhíseach toisc gur thuig mé anois gur seancharr a bhí ann. Chomh luath agus a chonaic mé comhartha don Metro in Milano d’iarr mé air an carr a stopadh chun go n-imeoinn uaidh sin ar thraein na cathrach.

‘Fan soicind,’ ar seisean. ‘Caithfidh mé thú a scaoileadh amach as an gcarr – níl an doras sin ag obair.’

Bhí mé faoi ghlas sa gcarr an t-am ar fad, i ngan fhios dom féin. Fuair mé amach ar an turas scanrúil sin, cén post a bhí anois aige. An fear a d’éalaigh tríd an tsreang 25 bliain roimhe sin agus gan aige ach a chuid éadaigh, bhí post anois aige san Aontas Eorpach.

Bhí sé ag obair i Roinn na Teorann san AE. Bulaí fir, a Uwe.

Fág freagra ar 'Ag ealaín thart san Iodáil agus ag dul thar teorainn le Uwe an AE'