Ag cur do thuairisce…

Colún eolais agus plé dár léitheoirí…

Quotations

COMÓRTAS

Comhghairdeachas le Catríona Fennell a bhuaigh comórtas na seachtaine seo caite, cóip den leabhar An Cúigear Cróga. Go maire sí a nuacht is go mbaine sí taitneamh as an leabhar breá seo!

Ceithre thicéad – péire an duine – le haghaidh Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais atá le gnóthachtáil an tseachtain seo ach clárú dár Nuachtlitir anseo. Beirt a dtarraingeofar a n-ainmneacha amach as an hata as seo go ceann seachtaine. Is ar an 22 Bealtaine a bheidh na Gradaim ar siúl, in óstán an Radisson Blu i nGaillimh. Go n-éirí leat!

Le teacht…

Ag caint ar na deacrachtaí a bhíonn ag duine nuair a chliseann ar a cheangal idirlín a bheidh Alex Hijmans amárach. Déanann Alex amach nach féidir linn maireachtáil dá uireasa. ‘Sin an saol atá cruthaithe againn dúinn féin’, a deir sé, ach fiafraíonn ansin ‘an bhfuilimid in ann don saol sin?’.

Amárach, leis, a fhoilseofar an chéad alt eile le Mártan Ó Ciardha. Tá comhfhreagras feicthe ag Mártan ar fianaise stairiúil é ar thús ré nua in aclaíocht agus in ullmhúcháin imreoirí Chumann Lúthchleas Gael. Deir sé linn gur “sna hOllscoileanna a facthas tús na réabhlóide” aclaíochta sin – “go háirithe sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath”, agus rianaíonn scéal na n-imreoirí is mó le rá a bhí ar an gcoláiste sin agus coláistí nach é.

Bí ag faire amach don méid sin, más ea, agus do cholún Phóilín Ní Chiaráin, a bheidh ag caitheamh súil ar an titim shuntasach atá tagtha ar líon na ndaoine a chaitheann vóta sna toghcháin ó thuaidh.

I mBéal an Phobail…

Den dara huair in imeacht míosa, tá gearán déanta ag an gcraoltóir Ray D’Arcy faoin bhfeasachán nuachta Gaeilge a chraoltar le linn a chláir. Cúrsaí rithime a bhí ag dó na geirbe aige go deireanach, mar a thuairiscigh Maitiú Ó Coimín.

Tá Maitiú seo againne ina measc siúd a ainmníodh mar Réalta Óg na Bliana ag na Gradaim Chumarsáide agus is féidir vóta a chaitheamh dó anseo.

Alt rialta le Maitiú is ea Amú san Aistriúchán, mar is eol duit, agus bhí alt na seachtaine seo i measc na gceann is mó a léadh le cúpla lá anuas.

Cá bhfios nach bhfuil dul amú ar an Aire Oideachais freisin?

Más fíor don saineolaí teanga, Éamonn Ó Dónaill, is iad aos óg na Gaeltachta a bheidh thíos leis na hathruithe atá beartaithe ar chóras marcála na hArdteistimeireachta fad is a bhaineann sé le cúrsaí Gaeilge, agus creideann sé gur “chun donais” a rachaidh a gcumas scríofa sa teanga dá mbarr.

Má thagann ann dó, shamhlófá go mbeadh an cheist seo ar cheann de na ceisteanna a phléifeadh coimisiún éigeandála teanga atá molta don Ghaeltacht ag Conchur Ó Giollagáin le gairid.

Deir Ó Giollagáin gur gá a leithéid de choimisiún a bhunú i dtreo is go gcuirfí bonn láidir faoi iarrachtaí an Ghaeilge dhúchais a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

Neosfaidh an aimsir an gcuirfear a mholadh i bhfeidhm.

Bain taitneamh as an deireadh seachtaine fada, agus cuimhnigh nach é deireadh an domhain é má chliseann ar do cheangal idirlín; go deimhin, b’fhéidir gurb é an rud is fearr a d’fhéadfadh tarlú duit!

Kevin Hickey

Thar ceann fhoireann Tuairisc.ie

Má bhíonn aon cheist ar mhaith leat go bpléifí ar an gcolún seo í, déan teagmháil le Kevin Hickey ag kevinhickey@tuairisc.ie.

 

Fág freagra ar 'Ag cur do thuairisce…'