Táimid fíorbhuíoch díbh faoi na pictiúir iontacha atá seolta chugainn agaibh go dtí seo. Faraor, ní fhoilsítear Amú san aistriúchán ach uair sa tseachtain agus mar sin ní féidir gach uile cheann acu a fhoilsiú gach seachtain. Coinnímid gach aon cheann acu, áfach, mar sin ná bíodh díomá ort mura bhfeiceann tú do cheannsa an tseachtain seo; b’fhéidir go bhfoilseofaí amach anseo é! Idir an dá linn, coinnígí oraibh ag seoladh na bpictiúr chuig nuacht@tuairisc.ie.
Chuir Jim Lockhart i mBaile Átha Cliath pictiúr na seachtaine seo chugainn – rud a fhágann gur ó Chúige Laighean a tháinig sampla dhá sheachtain i ndiaidh a chéile. Tá muid ag fanacht go foighneach ar shamplaí as Cúige Uladh!
An Áit: Sráid Diúc i mBaile Átha Cliath
An Béarla: No through road
An Ghaeilge: Uimh tríd an bóthar
Focal ó na moltóirí: Tá an cineál seo ruda feicthe againn cúpla áit timpeall na tíre le blianta beaga anuas ach níor thuig muid i gceart an botún go dtí anois. Tar éis dianmhachnamh a dhéanamh ar an gceist, tuigimid gurbh é an giorrachán Béarla ó ‘number’ (uimhir) go ‘no.’ (uimh) ba chúis leis an uafás. Meas tú an comhtharlúint é go dtugann Google Translate ‘uimh tríd an bóthar’ mar aistriúchán air?
Le cúnamh Dé, cuirfear an bac céanna a bhí ar charranna síos an tsráid seo ar úsáid Google Translate ar chomharthaí poiblí!
An leagan ceart: ‘Ní trébhóthar é seo’ a mholtar ar Téarma.ie ach thaitneodh ‘Bóthar dúnta romhat’ linne.
Fearn
Sin an t-iomrall is fearr fós!
padraig
Sea bítear ag gáirí féna leithéid ach is truamhéileach, cloíteach an scéal é ar a lán slite. Ní ghlacfaí lena leithéid in aon tír eile ná ní lú mar a tharlódh a leithéid. Is féinmhagadh agus féinaithisiú a bhíonn ar siúl anseo againn agus tá sé sin amhlaidh maidir le comharthaí Gaeilge-Béarla freisin .i. na logainmneacha. Ach ní dhéantar aon trácht orthu sin, glactar leo, ní dhéantar aon iontas den ghibris lofa Béarla, ní huafás linn iad, ní liobarnach linn iad, is cuid dár bhfo-aigne thláth,iarchóilíneach iad le fada an lá. Nach mór an seó sinn! Nach mór an seó a bhí ag an státseirbhíseach Sasanach agus é ag ransú a aigne d’iarraidh cuimhneamh ar leagan Béarla……seoigh. Níor chás daoibh comórtas a thosnú anois maidir leo sin. Féach an logainm álainn ceolmhar ‘Sceichín a’ Rince’ (Canúint na nDeise) arna thiontú go Skeheenaranky! Cill go Kill, Corcaigh go Cork srl gan trácht ar na sráidainmneacha Gallda atá fós againn fud fad na tíre amhail Wellington Road, Victoria Cross, Union Quay. Mo dhúshlán fúibh!
sean o rathaille
Cuireadh grabhas orm le gairid ach a bhfaca ‘Carraignavar’ scrite ar sheastan i gCorcaigh agus earrai adhmaid a ndiol ag mangaire on gceantar sin. ‘Canathaobh nar cuireadh an ainm Ghaeilge in airde chomh maith’ ?arsa mise leis. ‘A ni bheadh fhios ag einne ca bhfuil se sin’ ar se. Chuas isteach sa suiomh idirlin agus fuaireas ainm na scoile i mBearla amhain, freisin. Labhras leis an bpriomoide (i mBearla), fuaireas an freagra ceanna uaidh. An b’in e an sort niuidi-neaidi ata ag cur ‘oideachais’ ar an aos og anois? Chuir se lagmhisneach agus dochma thar na bearta orm. Ach troidfead iad agus naireoidh me iad. Seoinini an tsotail agus an aineolais. An bhfuilimid chomh briste, basctha sin mar chine, a ra go nglacaimid le truflais, le neamhbhri le grainiulacht seachas an t-earra ceolmhar dathanach duchasach ciallmhar a thainig anuas chugainn le sinsearacht? Is mairg a bhaineann le cine a thit.
Eibhlįn Uí Ęalaithe
Bhí an Gaeilge chomh láidir sin I gCarraig na bhFearr sna 1930í gur freastail leanaí ón na paróistí eile ar an scoil Nuair a bhí an tAthair Tadgh Ó Murchů ann seascadaí d’iarr sé ar Córas Iompaor Eireann CARRAIG NA bhFEAR acur ar an mbus agus d’iarr sé ar cúpla daoine ón Cork Examiner an ainm Gaeilge a n úsáid
Táim caoga+bliana d’aois anois agus is cuimhin liom teach mo shean uncail sa sráid bhaile agus siopa leis an sean cló Garilge ar an fógra Tá eolas ag daione ar fud an tír faoi Carraig na bhFear agus an cûirt filîochta a bhí ann. An duine seo is dócha go bhfuil Cinn ADHMAID ar ! Nílim cinnte ach ceapaim go raibh an duine seo ag díol earraí speisialta ( ealaíontóir)
Cordelia Nic Fhearraigh
A Mhaitiú, a chara
An bhfuil oifig áit ar bith sa tír go dtig daoine/cuideachaí a threorú chuig leis na ‘botúin’ seo a chuir ina cheart? An dtig é seo a dhéanamh saor in aisce? An bhfuil na daoine a sheolann na botúin seo chugaibh ag ceistiú na heagraisí féin faoin droch Ghaeilge atá ar na comharthaí acu?
Tá mise ag ceistiú na heagraisí Stáit go rialta fán droch aistriúchán agus an neamhaird iomlán atá tugtha don Ghaeilge ar a gcuid comharthaí (seolaim grianghraf chucu). Ach tá daoine aonaracha, grúpaí pobail/deonach agus comhlachtaí/cuideachtaí príobháideacha ag déanamh iarracht an Ghaeilge a úsáid fosta agus níl treor ar bith acu fán litirú ceart. Nárbh fhiú inse daofa go bhfuil oifig comhairliúcháin sa tír chun cuidiú a thabhairt daofa ar bhonn deonach? Nó an seo dualgas Fhoras na Gaeilge?
…tá mise as Cúige Uladh dála an scéil :-)