Ba é Maitiú Ó Coimín, nó Майтиу О’Коймин mar a thug suíomh nuachta Rúiseach amháin air, a scríobh an tuairisc a léadh ar fud an domhain faoi dhaoine a bhí ag baint leasa as an nGaeilge i dteidil scannáin phornagrafacha ar Youtube d’fhonn iad a cheilt.
Ach ní raibh sa mhórscúp idirnáisiúnta sin ach sampla amháin de shaothar an fhir óig seo ar Tuairisc.ie. Tá Maitiú ainmnithe anois mar Réalta Óg na Bliana ag Oireachtas na Gaeilge.
Is féidir vótáil dó trí GRADAM105 a sheoladh chuig 57003 ó Phoblacht na hÉireann nó 60999 ó Thuaisceart Éireann nó ón mBreatain Mhór. (Cosnaíonn téacsanna €1.00/£1.00 an ceann)