‘Ag croitheadh lámh leis an diabhal’ san Afganastáin

An mbeidh an cineál céanna saoil i ndán do mhná na hIaráine agus atá i ndán do mhná na hAfganastáine anois?

‘Ag croitheadh lámh leis an diabhal’ san Afganastáin

Tá an iliomad tuairiscí scríofa faoin tír seo ó tharraing Meiriceá amach aisti i mí Lúnasa 2021. Chaith mé súil ar cheann nó dhó díobh agus ní thabharfadh aon cheann acu cúis dóchais dhuit. Go deimhin tá pictiúr i gceann acu a chuirfeadh pictiúr samhailteach d’ifreann ó na meánaoiseanna i gcuimhne duit. Ach tiocfaidh mé ar ais chuige sin.

Scríobh mé cheana faoin tír agus an treo a raibh sí ag dul. An uair sin, bhí mé tar éis a bheith ag caint le hiarphóilín a chaith tamall thall ag traenáil póilíní – mná cuid mhaith díobh sin.

Bhí faitíos air siúd ag an am nach raibh sé féin ná na dreamanna eile ón Iarthar a bhí i mbun traenála, ag déanamh aon mhaith – an iomarca tuairimí éagsúla acu, mheas sé. D’imigh sin agus tháinig seo. Cé a chreidfeadh cúpla bliain ó shin go dtitfeadh an tír isteach san umar uafáis ina bhfuil sí anois?

Tá an t-iarphóilín ar ais san Afganastáin arís agus is í an obair atá ar siúl aige anois ná scrúdú leanúnach a dhéanamh ar an tír agus tuairiscí a scríobh go rialta ar son comhlachtaí tráchtála. Ar an gcéad amharc ní cheapfá go mbeadh aon acmhainn nádúrtha ag an tír ach is cosúil go bhfuil saibhreas mianraí áirithe ann – go háirithe na cinn a úsáidtear sa nuatheicneolaíocht – litiam, mar shampla.

Mar a tharla, bhí ceangal ag iar-ambasadóir na Gearmáine chuig an tír seo, trína fear céile, leis an Afganastáin freisin. Bhí Deike Potzel ina hAmbasadóir ar son na Gearmáine anseo go dtí anuraidh. Is é Markus, a fear céile, an Leas-Ionadaí Speisialta ar son Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe san Afganastáin le tamall anois.

Scríobh seisean tuairisc ina raibh sé an-ionraic faoin méid a bhí feicthe aige thall agus faoi céard a cheap sé a bheadh amach rompu. Bhí sé an-díomách faoi bhail na mban agus na gcailíní sa tír. Le gairid mhol sé do thíortha ón iarthar ambasáidí a oscailt arís. Cheap sé go raibh gá lena leithéid le go dtuigfeadh muintir an iarthair céard a bhí ag titim amach ann.

Bhí Markus é féin ina Ambasadóir thar ceann na Gearmáine chuig an Afganastáin roimhe sin agus ba léir go raibh an-chur amach aige ar an tír. I measc na dteangacha atá ar a thoil aige, tá an Ghearmáinis, Béarla, An Pheirsis agus an Dari.

Ón uair a d’fhógair an Taliban le gairid go mbeidís ag cur deireadh le fostaíocht ban sna heagraíochtaí deonacha tá sé fógartha ag roinnt de na heagraíochtaí go mbeidh siad ag tarraingt amach as an tír. Cá bhfágfaidh sé sin na milliúin atá ag fulaingt leis an ocras agus leis an mbochtanas?

Tá an chosúlacht ar an scéal gur cheap an Taliban nach mbeadh sé de mhisneach ag na heagraíochtaí tarraingt amach agus go raibh cead a gcinn acu féin chomh fada agus a bhain sé le brú síos na mban agus a gcearta bunúsacha a cheilt orthu.

Bhí iarPhríomh-Aire na Nua-Shéalainne, Helen Clark, ar raidió an BBC an lá cheana. Duine eile í siúd, atá ag obair do na Náisiúin Aontaithe san Afganastáin – is í Ceannasaí Chlár Forbartha na NA. Agus thagair sí do na heagraíochtaí atá ar tí an Afganastáin a thréigean, de bharr fógra an Taliban faoi fhostaíocht ban.

‘Ag croitheadh lámh leis an diabhal’ a thug sise ar an gcaidreamh leis an Taliban. Fiafraíodh di cén chaoi a bhféadfaidís daoine bochta a thréigean – amuigh sa bhfuacht, agus iad ag fáil bháis leis an ocras? D’admhaigh sí gur fadhb uafásach é sin, a rinneadh de bharr an cinneadh atá tógtha ag an Taliban.

Fiafraíodh di an raibh na heagraíochtaí ag cur a bprionsabal féin roimh bheatha agus sábháilteacht na ndaoine?

Ach is é an freagra a thug sí, gur ‘líne dhearg í seo, chomh fada agus a bhaineann leis an Náisiúin Aontaithe’.

‘Caithfidh siad an cinneadh seo (gan mná a fhostú) a tharraingt siar – níl an dara rogha ann,’ a dúirt sí.

Agus lena chois, dúirt sí go mbeadh amhras ar na heagraíochtaí faoin tacaíocht a gheobhaidís amach anseo, ó na dreamanna a thugann airgead dóibh, dá gcloífidís le fógra an Taliban.

An féidir tada a dhéanamh faoi anois? Ar nós Markus Potzel, thagair sí do na hambasáidí. Dúirt Helen Clark go bhfuil tíortha ann, a bhfuil ambasáidí iomlána acu in Kabul. Ba chóir dóibhsean a chur ar a súile don Taliban nach féidir cur suas leis an gcinneadh seo.

Bhí cara liom i láthair sa gcathair an lá cheana ag léirsiú a bhí ar siúl ag mná as an Iaráin. Ón uair a maraíodh an bhean óg Mahsa Amini roinnt míonna ó shin, bíonn na mná seo i mbun agóide gach deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath.

Níl caint ná insint scéil ar an drochíde a fhaigheann mná a bhíonn i bun agóide mar seo ina dtír féin, an Iaráin.

Tá sé tugtha faoi deara ag na húdaráis sa dá thír – an Afganastáin agus an Iaráin – gur eascair cuid mhaith de na léirsithe as na hollscoileanna. Nach mbíonn an diabhal ar mhná nuair a bhíonn oideachas orthu?

Agus is léir gurb é an freagra, an t-oideachas a cheilt orthu. Mura mbeidh siad san ollscoil, ní féidir leo a bheith i mbun comhcheilge in aghaidh an Stáit.

Deirtear anois go bhfuiltear ag cur cailíní chomh hóg le naoi mbliana d’aois amach chun pósadh toisc gur fearr an saol a bheas acu agus iad pósta ná a bheith coinnithe sa mbaile ag déanamh faic. An mbeidh an cineál céanna saoil i ndán do mhná na hIaráine agus atá i ndán do mhná na hAfganastáine anois?

Bhí pictiúr i gceann de na tuairiscí faoin Afganastáin a chuirfeadh scéin ionat. Ba léir go raibh bean óg a raibh coir (mhorálta) curtha ina leith, curtha i dtalamh suas go dtína muineál. (Bhí an pictiúr dá cloigeann curtha as riocht chun nach n-aithneofaí i.) Bhí sí timpeallaithe ag scata fear. Fir óga a bhí iontu chomh fada is a bhí mé in ann a dhéanamh amach. Bhí cloch ina ghlaic ag gach duine acu agus iad ag comhlíonadh an fógra báis – an bhean a mharú le clocha.

Agus bhuail an smaoineamh mé – cén sórt oideachas nó traenáil a fhaigheann siad agus iad óg a chuireann ina gceann gur rud maith é seo – gur cheart mná a chur chun báis ar an mbealach seo, go barbarach, go míthrócaireach agus é a dhéanamh os comhair an phobail?

Agus an t-oideachas coiscthe anois ar chailíní, cén sórt máithreacha a bhéas iontu siúd amach anseo agus cén sórt oideachas agus traenáil a bheas siadsan in ann a thabhairt dá gclann mhac?

Ní féidir an cheist a fhreagairt gan smaoineamh ar an bpictiúr sin sa tuairisc.

Fág freagra ar '‘Ag croitheadh lámh leis an diabhal’ san Afganastáin'

  • Antain Mac Lochlainn

    An-alt. Cás na mban san Afganastáin, bhrisfeadh sé do chroí.

  • Catríona Níc Aodha

    Go raibh míle maith agat as do thuarisc. Scéal náireach, uafásach atá ann.