‘Is ‘afterthought’ í an Ghaeilge acu’ a deir Seanadóir i ndiaidh cruinniú leis an Roinn Sláinte

Bhí cruinniú ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte inné chun na fadhbanna a tháinig chun cinn le linn na paindéime i dtaobh freastal ar phobal na Gaeilge a phlé

‘Is ‘afterthought’ í an Ghaeilge acu’ a deir Seanadóir i ndiaidh cruinniú leis an Roinn Sláinte

Tá ráite ag Seanadóir de chuid an Rialtais nach bhfuil sí “muiníneach” go dtuigeann an Roinn Sláinte na dualgais atá uirthi i leith na Gaeilge tar éis di bualadh le hArd-Rúnaí na Roinne.

Bhí cruinniú ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt, inné chun plé a dhéanamh ar na fadhbanna a tháinig chun cinn le linn na paindéime i dtaobh freastal ar phobal na Gaeilge.

Agus í ag labhairt le Tuairisc.ie i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil gur léir gur “afterthought í an Ghaeilge” sa Roinn Sláinte i gcónaí agus go bhfuil amhras uirthi nach dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí mura n-athrófar an meon atá ag oifigigh shinsearacha inti.

“Nílim muiníneach as an tuiscint atá ag an Roinn maidir le cearta teanga agus a cuid dualgas ó thaobh na teanga,” arsa an Seanadóir Clifford-Lee. “Is afterthought í an Ghaeilge an t-am ar fad.”

Dúirt an Seanadóir dá mbeadh paindéim eile ann amach anseo go raibh gach seans ann go mbeadh na fadhbanna céanna ann ó thaobh na Gaeilge de.

Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte, Robert Watt, cheana gur brú ama a d’fhág nár cuireadh eolas agus seirbhísí ar fáil i nGaeilge. Dúirt Clifford-Lee gur thuig sí go raibh brú ollmhór ar na seirbhísí sláinte le linn na paindéime ach nach bhféadfaí glacadh leis nach ndéanfaí freastal ar phobal na Gaeilge dá bharr.

“Tuigim go bhfuil Béarla ag gach duine a bhfuil Gaeilge acu ach ní hin an pointe. Tá dualgas reachtúil ann chun freastal ar an nGaeilge, go háirithe nuair a bhíonn tú ag déileáil le cúrsaí sláinte le linn paindéime. Tá sé níos tábhachtaí ná mar atá sé riamh freastal ar an nGaeilge ag an bpointe sin,” a dúirt sí.

“Go dtí go mbeidh an dearcadh sin ag na daoine sinsearacha uile i ngach roinn rialtais, ní bheidh aon dul chun cinn le feiceáil.”

Lorg an Seanadóir an cruinniú le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte chun teip an stáit eolas faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. I mBéarla amháin a bhí formhór na seirbhísí agus an eolais a cuireadh ar fáil faoin ngéarchéim ó thosaigh sí bliain go leith ó shin agus is minic go mbíonn moill ar aon ábhar i nGaeilge, má fhoilsítear in aon chor é.

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee gur chóir go mbeadh aistritheoirí fostaithe sa Roinn Sláinte chun ábhar a aistriú láithreach, seachas a bheith ag brath ar chomhlachtaí seachtracha “a mbíonn brú mór” orthu freisin. Tuigtear, áfach, nach bhfuil sé i gceist ag an Roinn glacadh leis an moladh sin.

Dúirt an Seanadóir Clifford-Lee go raibh sí chun “teagmháil leanúnach” a dhéanamh le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte agus leo siúd a bhí freagrach as an nGaeilge sa Roinn chun a chinntiú go ndéanfaidh siad soláthar “mar is cóir” don Ghaeilge. Dúirt sí freisin go bhfuil an fhadhb pléite go minic aici leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly, comhghleacaí léi i Fianna Fáil.

“Tá súil agam go bhfuil siad ag smaoineamh ar an teanga ar shlí dhifriúil anois agus go dtuigeann siad go gcuireann na fadhbanna seo as go mór do dhaoine,” a dúirt an Seanadóir.

Beidh fiosrúchán faoi theip an rialtais agus na seirbhísí sláinte eolas agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge le linn na paindéime ina mhórchuid d’obair Choiste Gaeilge an Oireachtais, a bhfuil an Seanadóir Clifford-Lee ina ball de, an fómhar seo.

Tá ionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Roinn Sláinte le teacht os comhair an choiste inniu agus arís an tseachtain seo chugainn chun cás na teanga le linn na géarchéime sláinte poiblí a chíoradh.

Fág freagra ar '‘Is ‘afterthought’ í an Ghaeilge acu’ a deir Seanadóir i ndiaidh cruinniú leis an Roinn Sláinte'

  • Seán ÓM

    “Tuigim go bhfuil Béarla ag gach duine a bhfuil Gaeilge acu ach ní hin an pointe“

    Ní bhíonn ach Béarla measartha ag roinnt mhaith daoine níos sinne sa Ghaeltacht – díreach na daoine atá go mór i mbaol!

    Ach b’fhéidir go bhfuil saol an sean-Bhéarlóra níos luachmhaire na saol an sean-Ghaeilgeora don Roinn agus Watt.

    “Is féidir lena bpáistí rudaí a aistriú agus léiriú i nGaeilge don seandream”
    = “Is féidir lena bpáistí ar ndualgaisí a chomhlíonadh dúinn”

  • CS

    Is amhlaidh an scéal a Sheáin, tá aithne ag cara liom ar go leor daoine aosta sa Ghaeltacht (Connemara sa chás seo) gan ach Béarla measartha ar a dtoil acu. Dream dofheicthe don Stát Angla-Éireanach seo.

    Seo an fhadhb le stát ró-lárnaithe. Riachtanais an tromlach > riachtanais áitiúil.

    Dá mbeadh Gaeilgeoirí cruinnithe in áit amháin agus a gcóras riaracháin féin acu, ar nós tíortha beaga macasamhail San Marino, nó Canton Éilvéiseach fiú amháin, seachas a bheith a snámh in aghaidh móramh naisiúnta na tíre seo i gcónaí… Samhlóinn go mbeadh cúrsaí ní b’fhearr

  • micheál de Róiste

    Tá go leor leanaí óga gan Bhéarla is deineadh leatroim orthu agus a bhfadhbanna siar na glúinte agus fós láithreach.