
Ba sa Chultúrlann i mBaile na Manach i ngeimhreadh na bliana 1984 a casadh Adrian Hardiman ormsa den chéad uair. Cé gur i mBéarla a thug sé a chuid cainte an oíche úd – ba i nGaeilge a labhair sé liom féin i ndiaidh na n-imeachtaí agus chuir sé litir phearsana i nGaeilge chugam dornán laethanta ina dhiaidh sin.
Ní cuimhin liom focal Béarla a labhairt
riamh leis. Rachadh sé as a bhealach i dtólamh le beannú dom pé acu i gclós na gCeithre Chúirt nó ar shráideanna na cathrach a chastaí ar a chéile sinn.
Cé go raibh sé ina reachtaire ar an gCumann Dlí agus Staire le linn dó a bheith i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, ba sa bhliain 1983 a chuir an pobal aithne i gceart ar Adrian. Bhí sé ina phríomhurlabhraí an bhliain sin ag an bhfeachtas in éadan an Ochtú Leasú ar an mBunreacht.
Sheas sé mar iarrthóir d’Fhianna Fáil i dtoghcháin áitiúla na bliana 1985 i ndáilcheantar Dhún Laoghaire ach ní raibh rath ar a chuid iarrachtaí. Chláraigh sé ansin leis an bPáirtí Daonlathach nuabhunaithe.
B’abhcóide den scoth é agus ba léiriú ar a chumas é gur deineadh é a ainmniú go díreach chun na Cúirte Uachtaraí gan seal a bheith caite san Ard-Chúirt mar phrintíseach aige.
Bhí ardmheas ar a ghaois agus ar a éirim intinne rud a bhí an-fheiceálach ina chuid breithiúnas scríofa.
Bhí gaolta aige i Mín Doire Dhamh (an baile fearainn inar saolaíodh mé féin) i bparóiste Ghaoth Dobhair agus seans gurbh é an ceangal sin a mhúscail a spéis sa Ghaeilge. Ba é a thiomáin an bhreith mhóraimh sa Chúirt Uachtarach i gcás Ó Beoláin v Fahy a dhearbhaigh dualgas reachtúil a bheith ann tiontú oifigiúil d’Achtanna a chur ar fáil sa phríomhtheanga oifigiúil a luaithe agus a chuireann an tUachtarán a lámh le Bille.
Sa bhreithiúnas sin, thug an Breitheamh Hardiman léargas maith ar an stádas láidir ba cheart a bheith ag an Ghaeilge faoi réir Airteagal 8 den Bhunreacht.
Bhí suim ar leith aige i gcur chun cinn na Gaeilge taobh istigh den dlíchóras. Ba mhinic dó a bheith mar Bhreitheamh ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh – comórtas a eagraíonn Gael Linn de mhic léinn – ba ghnách leis páirt ghníomhach a ghlacadh sa ‘triail’ agus diancheistiú á dhéanamh ar na hábhair abhcóide aige.
Bhí comhrá fada agam leis i ndiaidh na Breagchúirte bliain amháin agus dúirt sé liom go raibh rún aige idirghuí a dhéanamh le hÓstaí an Rí le go mbeadh an Bhréagchúirt mar chuid de chúrsa oiliúna d’abhcóidí óga.
Ar an drochuair scairt Dia air agus é i mbláth a mhaitheasa. I bhfocail an Phiarsaigh ‘Sciobann sé úr agus críon le chéile’. Déantar comhbhrón anseo lena bhean chéile An tIar-Bhreitheamh Cuarda Yvonne Murphy. Go ndéana an Rí a mhaith air.