Acht Gaeilge nó cearta ginmhillte? Ní féidir ceart amháin a roghnú thar cheann eile

Ní cóir a bheith ag éileamh go ndéanfaí rogha idir cearta nó go gcuirfí i gcomórtas lena chéile iad

Acht Gaeilge nó cearta ginmhillte? Ní féidir ceart amháin a roghnú thar cheann eile

Mar scigmhagadh a chuala mé an rogha i dtosach. ‘Mura dteastaíonn ón DUP go ndéanfaí maolú ar an mbac ar ghinmhilleadh níl le déanamh acu ach glacadh le hAcht Gaeilge.’ D’fhuasclódh sé sin an tsáinn in Stormont dar leis an lucht grinn agus bheadh Stormont in ann a chinntiú nach nglacfaí leis an mBille a ritheadh in Westminster dá mbeadh móramh ina choinne.

Bhí an DUP ar buile mar gur ghlac Westminster agus Teach na dTiarnaí leis na leasuithe ar Bhille Thuaisceart Éireann chun díchoiriú a dhéanamh ar ghinmhilleadh agus chun stop a chur le díscor na Parlaiminte chun Breatimeacht gan mhargadh a éascú.

Bradaíl go neamhbhailí ar ghnóthaí an Tuaiscirt ab ea é a dúirt Nigel Dodds – agus sárú ar an déabhlóid.

D’fhan siad réasúnta ciúin faoin leasú a cheadódh pósadh comhghnéis mar go raibh a fhios go maith acu go raibh an cath sin caillte acu fadó, is dócha. Ní raibh aon chaint ar bhradaíl nuair a d’fháiltigh siad roimh an leasú a cheadódh pinsean d’íobartaigh neamhchiontacha na dTrioblóidí. Scrúdóidh an colún seo amach anseo cad is brí leis an leasú ar an sainmhíniú dlíthiúil ar íobartach atá i gceist a dhéanamh ansin, athrú a bhí á éileamh ag an DUP le fada.

Ceaptar go bhfaighidh an Bille aontú na banríona an tseachtain seo ach thitfeadh sé ar an 21 Deireadh Fómhair dá mbeadh Stormont ag feidhmiú faoin lá sin mar sin í an sprioc san reacht. Ba é sin ba chúis leis an magadh nó an searbhas faoi rogha an DUP.

Ní ag magadh a bhí gach dream. D’éiligh an feachtas frith-ghinmhillte ‘Both Lives Matter’ go ndéanfaí margadh chun Stormont a athbheochan ar mhaithe leis an mBille a chur ar ceal. D’eisigh lucht an fheachtais sin an tvuít seo a leanas.

Agus í ag tacú leis an éileamh d’áitigh an Dr Anne McCloskey, comhairleoir de chuid Aontú i nDoire agus an t-aon chomhairleoir ag an bpáirtí sin ó thuaidh, go ndéanfadh daoine teagmháil lena bpolaiteoirí chun brú a chur orthu. Is iad ionadaithe an DUP is goilliúnaí faoin mbrú sin.

Gaeilgeoir is ea an Comhairleoir McCloskey agus níl sí in éadan Acht Gaeilge ach thug sí tús áite don fheachtas in aghaidh an ghinmhillte. Maíonn lucht an fheachtais go bhfuil móramh abhus dubh dóite in aghaidh an ghinmhillte ach léirigh pobalbhreitheanna éagsúla le blianta beaga anuas go bhfuil móramh i bhfabhar leasuithe i gcruachásanna.

An mbeadh an DUP toilteanach glacadh le hAcht Gaeilge chun an glas ar Stormont a scaoileadh agus stop a chur le leasú ar an dlí faoin nginmhilleadh? Ba bheag dá chosúlacht a bhí air. Is fiú cuimhneamh gur thug an DUP an t-eiteachas do réiteach anuraidh nach raibh aon bharántas ann faoi phósadh comhghnéis a cheadú ná leasú ar an mbac ar ghinmhilleadh. Ba é an tAcht Gaeilge lag an coinníoll nach nglacfaí leis.

Ní hé an DUP amháin atá i gceist. Chuir an comhairleoir McCloskey i leith Shinn Féin go raibh siad ag tacú le riail dhíreach ó Westminster. ’Sé dearcadh Shinn Féin go bhfuil dualgas ar rialtas na Breataine stop a chur le ceilt cearta sa chás nach bhfuil Stormont ag feidhmiú mar ba chóir.

Tá cainteanna fós ar siúl idir na páirtithe faoi Stormont a athbhunú ach is deacair a shamhlú go mbeadh Sinn Féin, an SDLP nó Alliance toilteanach a dhul ar ais roimh an 21 Deireadh Fómhair chun cuidiú le neamhghéilliúlacht an DUP.

Nó chun rogha a dhéanamh idir cearta; ní ‘smarties’ iad.

Tá comhráite ar siúl ag Conradh na Gaeilge le feisirí in Westminster faoi Acht Gaeilge a bhaint amach thall. Tá go leor den bharúil gurbh fhéidir Acht níos láidre a fháil in Westminster ná an moladh a bhí i gceist sa mhargadh idir Sinn Féin agus an DUP mí Feabhra anuraidh nach raibh ceannaire an DUP in ann a dhíol.

Conas a d’fhéadfadh ceannairí Shinn Féin Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill margadh a dhéanamh anois chun cuidiú leis an DUP an leasú ar ghinmhilleadh a sheachaint? Séanadh ar a bpolasaí a bheadh ann. Bhí siad mórálach as a ról san reifreann ó dheas agus iad ag fógairt ‘the north is next’.

Conas a d’fhéadfaidís cúlú uaidh sin?

Deir siadsan agus páirtithe eile gur ceisteanna faoi chearta an duine iad an pósadh comhghnéis, ginmhilleadh (i gcásanna ar leith) agus cosaint reachtúil don Ghaeilge agus do mhionteangacha go ginearálta.

Cén chaoi a roghnaíonn tú ceart amháin díobh sin thar cheann eile? Ní bheadh buntáiste polaitiúil le baint ag Sinn Féin as réimse amháin cearta a chaitheamh i leataoibh ar mhaithe le filleadh ar Stormont.

Íoróin é gurb é Westminster an cara is fearr atá ag Sinn Féin faoi láthair agus dhá éileamh dá gcuid curtha le Bille Karen Bradley.

Tá an DUP ar bís chun a dhul i mbun cainteanna leis na Tóraithe faoina gceannaire nua maidir lena margadh muiníne agus soláthair ach ní féidir leo na giotaí den Bhille nach maith leo a chur ar ceal ar bhealach ar bith eile ach filleadh ar Stormont.

Agus tá Boris Johnson is an Breatimeacht ag cur leis an éiginnteacht.

Fág freagra ar 'Acht Gaeilge nó cearta ginmhillte? Ní féidir ceart amháin a roghnú thar cheann eile'

  • Pádraig

    Pósadh comhghnéis. Cad é, go sonrach, na cearta nach bhfuil ann? Seachas téarmaíocht/foclaócht.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Póilín Ní Chiaráin, ‘Acht Gaeilge nó cearta ginmhillte? Ní féidir ceart amháin a roghnú thar cheann eile’, Dé Céadaoin, Iúil 24, 2019.

    ‘Díchoiriú a dhéanamh ar ghinmhilleadh’ a thugann Póilín Ní Chiaráin ar an méid a cheadódh ‘na leasuithe ar Bhille Thuaisceart Éireann’ a rinne Teach na dTeachtaí, agus Teach na dTiarnaí le déanaí. Is téarma oifigiúil dlí é ‘díchoiriú’. Go bhfios domsa, ní díchoiriú a rinneadh ar ghinmhilleadh, ach é a dhéanamh dleathach i gcásanna áirithe, agus é sin, mura dtosaíonn an Tionól thuaidh ar shuí arís roimh dheireadh Mhí Dheireadh Fómhair i mbliana. Coir is ea an ginmhilleadh sa Ríocht Aontaithe i gcónaí, ach go bhfuil cásanna ann nach ndaortar duine ar bith i gcoir, má dhéantar an ginmhilleadh. Chomh fada le Poblacht na hÉireann de, ní Bille a thuilleadh, ach Acht, is ea doiciméad reachtaíochta, má shíníonn an tUachtarán é, tar éis don Oireachtas é a rith.

    Áitíonn Póilín gur ar son an ‘phósta’ comhghnéis atá tromlach mhuintir Thuaisceart Éireann. Is an–deacair é sin a dhéanamh amach. Is é an córas céanna Reifrinn atá sa Ríocht Aontaithe agus atá i bPoblacht na hÉireann. Ní hiad tromlach na vótálaithe cláraithe a shocraíonn toradh Reifrinn i gceachtar den dá dhlínse, ach tromlach na vótálaithe a vótálann lá an Reifrinn. Is gnách go staonann idir 35% agus 40% de vótálaithe cláraithe ó vótáil i Reifreann i bPoblacht na hÉireann.

    Chomh fada le Tuaisceart Éireann de, níl toghlach ar bith, de na 18 dtoghlach atá ann, ar vótáil breis is 50% de na vótálaithe cláraithe i Reifreann an Bhreatimeachta. 56% den méid a vótáil, lá Reifreann an Bhreatimeachta thuaidh, a vótáil le Fanacht.

    Tá slí chun a fháil amach go daonlathach cad é meon an tromlaigh de thogra ar bith. Ar an chéad rud, é a chur ar Reifreann an dteastaíonn ó na vótálaithe an togra sin a chur ar Reifreann. Mura ndeir breis is 50% de na vótálaithe cláraithe go dteastaíonn, ní bheidh aon bhun daonlathach le dul a thuilleadh leis an scéal. Má deir breis is 50% de na vótálaithe cláraithe go dteastaíonn uathu an togra a chur ar Reifreann, beidh bun daonlathach leis an togra féin sin a chur ar Reifreann. Agus ansin gan glacadh leis an toradh ar an dara Reifreann, mura mbíonn breis is 50% de na vótálaithe cláraithe ag tacú leis an togra. Ní córas daonlathach Reifrinn ach córas olagarcach atá thuaidh agus theas, thoir agus thiar, faoi mar atá. Ach sin é an saghas córais a thaitníonn leis an Taoiseach Varadkar, ós iad na mochóirithe an t–aon dream amháin a bhfuil beann aige féin orthu.

    Is mionlach an–bheag atá homaighnéasach. Is codán an–bheag den mhionlach beag sin a dteastaíonn uathu stádas an phósta a bhronnadh ar chaidreamh beirte homaighnéasach le chéile. Nach aisteach go mbeadh Gaeilgeoirí ar bith, thuaidh ná theas, ag dul as a gcranna cumhachta ag tacú leis an nginmhilleadh, ná leis an ‘bpósadh’ comhghnéis, agus san am céanna ag éileamh ceart ar an teanga Ghaeilge, más fíor; is é sin, ag iarraidh cur le líon na nGaeilgeoirí, ach ag tacú lena marú sula saolaítear iad, agus ag tacú leis an ‘bpósadh’ comhghnéis, ‘pósadh’ nach bhfuil aon seans faoin spéir go nginfí leanaí tríd.

    Dúirt Máirtín Ó Cadhain na deicheanna de bhlianta ó shin gur mhó den tochas croí ná den tochas cinn a bhí i stair na hÉireann riamh. Ní dócha go ndéarfadh an Cadhnach é sin inniu. Ní bhactar leis an tochas croí féin inniu. Idir 800 agus 900 leanbh in aghaidh na míosa atá á marú faoin Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018, más fíor buíon máinlianna atá ag tacú leis an Acht sin.

    Dála an scéil, is cuid de dhlí Phoblacht na hÉireann chomh maith is ea é gur pearsa dhaonna is ea féatas daonna [An tAcht um Cheartas Coiriúil (Fianaise Dlí–Eolaíochta agus Córas Bunachair Sonraí DNA), 2014]. Glacann an tAcht céanna sin leis an Tástáil DNA, agus ciallaíonn sé sin go n–admhaíonn dlí na tíre gur leis an ubhthoirchiú [fertilization] a thagann ann don phearsa dhaonna.