Diúltaithe d’argóint faoi ‘comhthoil intuigthe’ in achomharc iarfhostaí le RTÉ RnaG faoi ionsaí gnéasach

Caitheadh amach sa Chúirt Achomharc inniu príomhargóint lucht dlí Mhichíl Uí Leidhin ar an mbonn gur ‘argóint nua’ a bhí inti ach tá a machnamh fós á dhéanamh ag na breithiúna ar ghnéithe eile den chás

Diúltaithe d’argóint faoi ‘comhthoil intuigthe’ in achomharc iarfhostaí le RTÉ RnaG faoi ionsaí gnéasach

Diúltaíodh sa chúirt inniu d’argóint faoi ‘comhthoil intuigthe’ a cuireadh i láthair in achomharc iarfhostaí le RTÉ RnaG in aghaidh a chiontaithe in ionsaí gnéasach.

Caitheadh amach príomhargóint lucht dlí Mhichíl Uí Leidhin ar an mbonn gur ‘argóint nua’ a bhí inti agus ar an mbonn nár cuireadh faoi bhráid na cúirte go foirmeálta roimh ré an argóint sin.

Ciontaíodh Micheál Ó Leidhin, arb as Baile an Sceilg i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ó dhúchas dó ach a bhfuil seoladh aige in Ard Aidhin i mBaile Átha Cliath, as ionsaí gnéasach a dhéanamh go moch ar maidin an 13 Bealtaine 2018 sa teach a raibh cónaí air i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath ag an am.

Mhaígh abhcóide Uí Leidhin, Lorcan Staines, gur cheart go mbeadh atriail ann mar go raibh “comhthoil intuigthe” i gceist san eachtra.

D’áitigh Staines go raibh “comhhthoil intuigthe” faighte ag Ó Leidhin ón mbean mar go raibh gníomhaíocht ghnéasach ar bun acu níos túisce an oíche sin.

Dúirt Staines nach raibh aon locht aige ar aon fhoireann dlí a ghníomhaigh ar son Uí Leidhin ina chás roimhe seo ach thug sé le fios nár aontaigh sé lena gcur chuige. Bhí, a dúirt sé, an cur chuige sin bunaithe ar argóint go raibh “tuiscint mhacánta” i gceist. Ráineodh gur cur chuige “teaicticiúil” a bhí ansin ach nárbh é an cur chuige ceart é, ar sé.

Dúirt Staines dá n-aontódh na breithiúna lena léamh féin ar an gcás go gcaithfí géilleadh gur ciontaíodh Ó Leidhin “d’ainneoin a raibh san fhianaise”.

Sa chás sin, ba chóir “ar a laghad ar bith” go dtabharfadh an chúirt treoir go mbeadh atriail ann ionas go bhféadfadh “an uile pháirtí déileáil leis an gceist ceann ar aghaidh”.

Cheistigh Aileen Donnelly, duine den triúr breithiúna a bhí ag éisteacht an achomhairc, an é nach eol do dhaoine cheana go bhfuil sé de chead ag duine dul a chodladh agus dúiseacht arís gan aon duine lámh a chur orthu in aghaidh a dtola.

Dúirt sí chomh maith nach ionann gníomhaíocht ghnéasach a bheith agat le duine cheana agus toil an duine a bheith agat dona thuilleadh gníomhaíochtaí gnéasacha ina dhiaidh sin. Luaigh sí, mar shampla, go dtarlaíonn éigniú i bpóstaí.

Mhaígh ionadaithe ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí  nár deineadh an argóint faoi chomhthoil intuigthe le linn na trialach agus nárbh í an argóint sin a cuireadh faoi bhráid na cúirte mar bhunús leis an achomharc sna cáipéisí oifigiúla.

“Go bunúsach, maidin inniu, den chéad uair, tá cúinsí atá éagsúil  ar fad againn, agus an tUasal Staines ag rá nach bhfuil aon bhaint in aon chor ag an ‘tuiscint mhacánta’ leis an scéal.”

D’iarr an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí [DPP] tuilleadh ama ar na breithiúna chun an argóint a scrúdú sa chás go nglacfaidís leis an mbonn a bhí le hargóint fhoireann dlí Uí Leidhin.

Tar éis tréimhse ghearr sosa leis an scéal a mheas, dúirt an Breitheamh John Edwards nach raibh sé i gceist aige glacadh leis an gcás a bhí á dhéanamh ag foireann an chosantóra.

Dúirt sé nach gceadódh sé d’fhoireann Uí Leidhin dul i dtuilleamaí argóint nua. Dúirt an Breitheamh nach ndearnadh aon iarratas foirmiúil ar na forais a pléadh os comhair na cúirte ag éisteachtaí ó bhéal. Dúirt sé nach raibh sé “maith go leor” cás nua a dhéanamh os comhair na mbreithiúna agus leanúint ar aghaidh leis cé nach raibh na céimeanna foirmiúla glactha ina chomhair.

“Ní sé maith go leor go seasfadh an t-abhcóide suas i lár argóna, gan ruainne páipéir, gan aon tairiscint, gan aon mhionnscríbhinn forais, agus go gcuirfeadh míniú chun cinn… go leanfadh sé ar aghaidh amhail is go raibh leasú ar an achomharc ceadaithe.

“Ach níl sé [ceadaithe]. Ar an údar sin níl sé i gceist againn cead a thabhairt don Uasal Staines brath ar an bpointe nua sin.”

“Chomh maith leis sin níor ardaíodh an cheist sin ag an triail,” a dúirt an Breitheamh.

Níos túisce sna himeachtaí, dúirt an Breitheamh Donnelly go raibh an t-achomharc a bhí faoi bhráid na mbreithiúna á dhéanamh ar “bhonn iomlán difriúil ón mbonn a rinneadh ag an triail”.

Le linn na héisteachta, maíodh gur chóir atriail a bheith ann ar an mbonn go raibh Ó Leidhin páirteach i ngníomhartha gnéis chomhthola, chomh fada le comhriachtain ach gan sin tarlú, leis an mbean roimhe sin. Dúradh go bhféadfaí ar a laghad an argóint a dhéanamh go raibh an chomhthoil intuigthe agus ar an mbonn sin gur chóir atriail a bheith ann.

Dúirt an Breitheamh John Edwards nach gcuirfí san áireamh ach an argóint a bhí sna cáipéisí a cuireadh faoi bhráid na cúirte, is é sin go raibh cinneadh an ghiúiré “claon”.

Níor eisigh na breithiúna a gcinneadh faoi sin agus déanfaidh siad sin amach anseo. Níor eisigh na breithiúna a gcinneadh ach oiread faoin bpianbhreith a gearradh ar Ó Leidhin.

Mhaígh Staines go raibh an cion “ag an leibhéal is ísle” maidir le hionsaithe gnéis agus go raibh saol agus gairm Uí Leidhin millte ag an bpoiblíocht a fuair an cás.

D’iarr sé ar an gcúirt an chuid eile den phianbhreith a chur ar fionraí.

Mhaígh lucht dlí an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí go raibh an phianbhreith cuí agus nach ndearna an Breitheamh aon bhotún i bprionsabal agus í á gearradh air.

18 mí sa phríosúin a gearradh ar Ó Leidhin ach cuireadh trí mhí ar fionraí ar choinníollacha áirithe.

Dúradh le linn na héisteachta chomh maith nach n-úsáidtear an chomhthoil intuigthe go hiondúil ach i gcás eachtraí coitianta, amhail teagmháil le daoine ar an tsráid agus duine ag dul tharstu. D’fhiafraigh an Breitheamh Donnelly “nár mhór” idir sin agus fear a bhí in airde ar bhean a bhí ina codladh a chur sa chatagóir chéanna.

 

Fág freagra ar 'Diúltaithe d’argóint faoi ‘comhthoil intuigthe’ in achomharc iarfhostaí le RTÉ RnaG faoi ionsaí gnéasach'