Achainí ar an bpobal eolas a thabhairt i dtaobh tinte sléibhe mídhleathacha

Tá ceantair Ghaeltachta i measc na gceantar is mó a bhfuil damáiste déanta iontu ag loscadh sléibhe le roinnt míonna anuas

Achainí ar an bpobal eolas a thabhairt i dtaobh tinte sléibhe mídhleathacha

Ba chóir d’aon duine a bhfuil aon eolas acu faoi thinte mídhleathacha sléibhe a bheith á lasadh an t-eolas sin a thabhairt do na húdaráis, dar leis an Teachta Dála de chuid Fhine Gael, Ciarán Cannon.

I ráiteas a eisíodh thar ceann roinnt Teachtaí Dála tuaithe de chuid Fhine Gael, dúirt Cannon go raibh an dúlra á mhilleadh agus an pobal á chur i mbaol ag an nós “místuama” fraoch a lasadh i gceantair tuaithe.

“I am appealing to the public never to start these fires and to report any knowledge of this reckless behaviour to the authorities,” a dúirt Cannon, Teachta Dála do Ghaillimh Thoir.

Tá ceantair Ghaeltachta i measc na gceantar is mó a bhfuil damáiste déanta iontu ag loscadh sléibhe le roinnt míonna anuas, agus dúirt lucht Bhriogáid Dóiteáin na Gaillimhe go bhfuil cuid de na tinte i nGaeltacht na Gaillimhe á lasadh “go mailíseach”.

11 cás ionchúisimh atá tugtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta faoin Acht um Fhiadhúlra le deich mbliana anuas maidir le lasadh tintreacha mídhleathacha.

Gearradh fíneálacha i bhformhór na gcásanna sin agus ordaíodh dóibh siúd a tugadh os comhair na cúirte costais dlí a íoc freisin.

D’fhéadfadh go ndearna an Garda Síochána a gcuid fiosrúchán féin freisin, taobh amuigh d’fhiosrúchán na Roinne.

Tá sé in aghaidh Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra fásra a dhó taobh amuigh de na tréimhsí a leagtar síos san Acht do ghearradh agus dó fásra. Ní ceadmhach fásra ar bith a dhó idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa, séasúr neadaithe na n-éan.

Dúirt Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann go bhfuil na tinte ag scriosadh na n-áiteanna a mbíonn ainmhithe ina gcónaí iontu agus go bhfuil bláthanna agus plandaí á loscadh. Dódh teach cónaithe i dtine sléibhe i Maigh Eo ag an deireadh seachtaine. Bhí roinnt tithe cónaithe i gceantar an Tuairín, Dhoire Choill agus i Muiceanach Idir Dhá Sháile i gConamara i gcontúirt mar gheall ar na tinte i gConamara le déanaí.

Fág freagra ar 'Achainí ar an bpobal eolas a thabhairt i dtaobh tinte sléibhe mídhleathacha'