‘Ábhar misnigh agus ábhar imní’ i dtuarascáil faoi na seirbhísí atá ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta

Ghlac os cionn 1,000 duine páirt sa ‘Suirbhé ar Sheirbhísí Teaghlaigh sa Ghaeltacht’ a rinne Tusimitheoirí na Gaeltachta

‘Ábhar misnigh agus ábhar imní’ i dtuarascáil faoi na seirbhísí atá ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta

Tugtar léargas i suirbhé atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar an éileamh atá sa Ghaeltacht ar sheirbhísí teaghlaigh i nGaeilge.

Dúirt 69% de daoine a thug le fios nach raibh seirbhísí áirithe ar fáil dóibh i nGaeilge go mbainfeadh siad úsáid as na seirbhísí sin dá mbeidís ar fáil i nGaeilge.

Roghnaigh os cionn 1,000 duine Gaeltachta páirt a ghlacadh sa suirbhé ar líne.

Cuireadh ceisteanna sa suirbhé maidir le réimse leathan seirbhísí teaghlaigh, is é sin aon tseirbhís atá ar fáil sa phobal atá dírithe go sonrach ar theaghlaigh nó ar pháistí. 

I measc na seirbhísí sin bhí na seirbhísí sláinte a chuireann an stát ar fáil, an córas scolaíochta, seirbhísí cúram leanaí, clubanna spóirt, clubanna óige agus go leor eile. 

Cuireann idir eagrais stáit, eagrais phobail agus eagrais dheonacha na seirbhísí a luadh sa suirbhé seo ar fáil.

Léirigh daoine a líon an suirbhé isteach go raibh siad sásta leis na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil dóibh.

Dúirt 93% de na daoine a mhaígh gur bhain siad úsáid as seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge go raibh siad “sásta” nó “an-sásta” le gné na teanga de na seirbhísí sin.

Deirtear sa tuarascáil, áfach, gur ábhar “suntais agus imní” é nach bhfuil seirbhísí áirithe teaghlaigh “fiú iad sin ar féidir gnáthsheirbhísí, bunseirbhisí nó seirbhísí riachtanacha a thabhairt orthu” ar fáil do chuid mhaith de phobal na Gaeltachta i nGaeilge ná i mBéarla.

Nuair a chuirtear cúrsaí oideachais agus cúram leanaí as an áireamh, dhá réimse ina bhfuil seirbhísí i nGaeilge ar fáil den chuid is mó, measadh go raibh riar maith seirbhísí eile ann nach raibh fáil ag muintir na Gaeltachta orthu i nGaeilge.

Ag labhairt di agus torthaí an tsuirbhé á bhfógairt aici, dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta Sorcha Ní Chéilleachair gur “ábhar misnigh agus díol suntais an úsáid a bhaintear as seirbhísí teaghlaigh i nGaeilge sa Ghaeltacht”. Dúirt sí go raibh éileamh mór ar na seirbhísí sin agus go mbíonn daoine sásta leis na seirbhísí Gaeilge nuair a chuirtear ar fáil iad. 

Dúirt Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, áfach, nár chóir “neamhaird” a dhéanamh ar an scéala gur thug “sciar suntasach” de phobal na Gaeltachta le fios nach raibh seirbhísí teaghlaigh áirithe ar fáil dóibh.

Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar leis na hOifigigh Pleanála Teanga, Tús Maith agus Údarás na Gaeltachta a reáchtáil an suirbhé ar líne. Fuarthas maoiniú agus tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Fostaíodh Sarah McGuinness, taighdeoir ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Claith le comhairle a chur ar lucht an cheistneora, an suirbhé a dhearadh, agus na staitisticí a ríomh.

Fág freagra ar '‘Ábhar misnigh agus ábhar imní’ i dtuarascáil faoi na seirbhísí atá ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta'