Ábhar machnaimh do na páirtithe i dtoradh an fhothoghcháin

Ní ar pholasaithe na bpáirtithe ná ar phearsantacht na n-iarrthóirí amháin a vótálann daoine

Ábhar machnaimh do na páirtithe i dtoradh an fhothoghcháin

Ní athróidh bua Ivana Bacik an tírdhreach polaitiúil i nDáil Éireann (tá móramh seacht vóta fós ag an gcomhrialtas) ach ar bhealaí éagsúla bainfidh sé croitheadh as an lucht ceannais i ngach páirtí.

Ní foláir a rá láithreach gur léirigh toradh an fhothoghcháin i ndáilcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas dhá ghné den bhuanfhírinne pholaitiúil. Buaitear i gcónaí beagnach ar iarrthóirí ó pháirtithe atá i mbun rialtais, murar léir don phobal cúis láidir phearsanta gur chóir iad a thoghadh.

  1. Beidh toradh an fhothoghcháin agus gach ar tharla roimh ré á mheá go cúramach i gcúig pháirtí go háirithe. Dúisíonn an toradh deich n-ábhar machnaimh ar a laghad faoina bhfuil i ndán, ní hamháin do na páirtithe, ach don saol polaitiúil i gcoitinne. Níl a leithéid de rud i saol na polaitíochta agus cliseadh gan dóchas gur féidir teacht as, mar a léiríonn bua Ivana Bacik. Tugadh léasadh gan trócaire do Pháirtí an Lucht Oibre in olltoghchán 2016 nuair nár atoghadh ach seachtar Teachtaí Dála (as 37 a toghadh in olltoghchán 2011). Chuaigh scéal an pháirtí chun donais arís anuraidh, nuair nár atoghadh ach seisear agus tá pobalbhreitheanna ag tabhairt le fios le bliain nach bhfuil ach triúr nó ceathrar as gach céad vótóir ag tacú leis an bpáirtí. Is cúis mhór mhisnigh agus dóchais don pháirtí mar sin toradh an fhothoghcháin, rud a theastaigh go géar, cé nach bhfuil aon chinnteacht ann go bhfeicfidh siad toradh chomh breá arís.
  2. Ní cóir an phríomhchúis gur toghadh Ivana Bacik a ligean i ndearmad. Bhí sé d’ádh ar a páirtí go raibh sár-iarrthóir acu a thuill meas go forleathan mar gheall ar a taithí agus a cumas. Is féidir a bheith réasúnta cinnte freisin gur chabhraigh neamhthoghadh ban sa dáilcheantar anuraidh lena feachtas. Ní leigheasfaidh a bua cruachás an Lucht Oibre ach, mar a dúirt Alan Kelly ar theacht an dea-scéala Dé hAoine, bréagnóidh sé an tuairim gurb ionann an choimhlint pholaitiúil agus coimhlint idir Fine Gael agus Sinn Féin.
  3. Ba chóir go spreagfadh toghadh Ivana Bacik machnamh i bPáirtí an Lucht Oibre ar an ullmhúchán cuimsitheach, ó thaobh polasaithe agus straitéise de, a theastóidh le haghaidh an chéad olltoghcháin eile. Gheall an páirtí in 2016 agus anuraidh nach mbeidís páirteach i gcomhrialtas, ach b’fhearr dóibh aghaidh a thabhairt anois ar an athrú léargais a fheicfear sula vótálfar in olltoghchán eile. Beidh go leor daoine, sa pháirtí agus lasmuigh de, ag iarraidh ar an Lucht Oibre a bheith toilteanach dul i gcomhrialtas arís, gan Sinn Féin a chur as an áireamh mar chéile comhrialtais.
  4. Tá sé róluath an tionchar a bhí (nó nach raibh) ag cúrsaí inscne ar thoradh an olltoghcháin a mheá, go háirithe toisc go raibh go raibh go leor cúinsí polaitíochta eile i gceist. Theastódh mion-eolas freisin faoi aistriúcháin sula dtiocfaí ar thuairim chinnte ach ní dhearna sé aon dochar do thriúr iarrthóirí go raibh a n-ainmneacha i ndiaidh a chéile (Bacik, Boylan, Byrne) in ionad ard ar an bpáipéar vótála.
  5. Níl freagra cinnte ar fáil ar cheist amháin a phléifear i bhFine Gael: an mbeadh vóta an pháirtí níos mó dá mbeadh an t-iarTheachta Dála Kate O’Connell ainmnithe acu in ionad James Geoghegan? Mar sin féin neartóidh an toradh an t-amhras atá ar mhórán sa pháirtí faoi chumas toghchánaíochta Leo Varadkar. Chaill Fine Gael dhá shuíochán déag agus ní raibh ach 35 Teachta Dála ag an bpáirtí sa Dáil tar éis an olltoghcháin anuraidh. Ní haon údar misnigh dó toradh an fhothoghcháin seo.
  6. Thug vótóirí Chuan Bhaile Átha Cliath Theas an chluas bhodhar do chás atá á chur chun cinn ag Fine Gael le tamall: is é sin, gurb é Sinn Féin an príomh-namhaid agus gurb é Fine Gael an páirtí is fearr chun seasamh ina gcoinne. Chuir an páirtí sampla áiféiseach den mheon sin ar fáil uair an chlog sular chríochnaigh an vótáil sa bhfothoghchán, i ngiolc a dúirt “Big Sinn Féin Turnout Reported. Don’t let Sinn Féin in by staying at home.” Léirigh an giolc (nár thagair in aon chor don Lucht Oibre) easpa stuaime ar a laghad, ar mhórán leibhéal.
  7. Níl aon chúis sóláis ag duine ar bith i bhFianna Fáil tar éis sciar an pháirtí den vóta i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas a bheith laghdaithe go dtí 4.6 faoin gcéad ó 13.8 faoin gcéad san olltoghchán. Ní raibh vóta an pháirtí i bhfothoghchán chomh híseal riamh. Ardófar mórcheisteanna faoin iarrthóir a roghnaigh an páirtí, faoi riar an fheachtais ar a son, agus faoin bhfáth go bhfuil tacaíocht an pháirtí chomh híseal i mBaile Átha Cliath go háirithe. Is doimhne an chúis imní a thug toradh an fhothoghcháin d’Fhianna Fáil toisc gur léirigh sé fadhbanna a chuirfidh imní ar an gceannaire Micheál Martin ach a spreagfaidh amhras freisin faoin Teachta Dála áitiúil Jim O’Callaghan, fear a bhfuil súil aige a bheith ina cheannaire amach anseo, agus a bhí i gceannas ar an bhfeachtas.
  8. Níor tháinig dea-scéala ná drochscéala do Shinn Féin ón gcomhaireamh i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas. Choinnigh Lynn Boylan an sciar den vóta a fuair Teachta Dála an pháirtí Chris Andrews san olltoghchán. Cuibheasach gan a bheith maíteach mar sin, ach tá dhá ábhar sóláis ag an bpáirtí. Ní dheachaigh siad ar gcúl ainneoin iarrthóir ó dháilcheantar eile a bheith ainmnithe go déanach acu, agus beidh siad sásta go n-atoghfar Andrews sa chéad olltoghchán eile.
  9. Bhí sciar iarrthóir an Chomhaontais Ghlais Claire Byrne den vóta (8%) go mór chun deiridh ar vóta cheannaire an pháirtí Eamon Ryan san olltoghchán (22.4 %). Dúirt a lucht tacaíochta go ndearnadh imeallú ar a feachtas agus go raibh an bhéim á cur sna meáin ar an iomaíocht idir Fine Gael, an Lucht Oibre agus Sinn Féin. Ní chuirfear brú ar cheannaireacht Ryan sa ghearrthéarma mar gheall ar an drochthoradh, ach ní neartóidh sé a chás laistigh den pháirtí.
  10. Tá fiúntas i dtuairimí na ndaoine a thug tacaíocht d’iarrthóirí nár sheas thar ceann Fhine Gael, an Lucht Oibre ná Sinn Féin a dúirt go raibh tionchar nach beag ag pobalbhreith a foilsíodh sa Irish Times naoi lá roimh lá na vótála ar sciar na n-iarrthóirí eile den vóta. Tugadh le fios sa phobalbhreith dar leo go raibh iarrthóirí na dtrí pháirtí sin chomh mór chun tosaigh ar na hiarrthóirí eile nach raibh sa rás dáiríre ach Geoghegan (27% sa phobalbhreith), Bacik (22%) agus Boylan (13%).

Is é bun agus barr an scéil áfach go mbaineann go leor vótóirí leas as faisnéis phobalbhreithe (go háirithe nuair nach mbíonn ach Teachta Dála amháin le toghadh) chun vótáil ar dhóigh a rachaidh i bhfeidhm ar an rogha a dhéanfar faoi dheireadh.

Ní ar pholasaithe na bpáirtithe ná ar phearsantacht na n-iarrthóirí amháin mar sin a vótálann na daoine sin. Bunaíonn siad a rogha freisin ar an bhfaisnéis faoin léargas toghchánaíochta a chuireann pobalbhreitheanna ar fáil.

Ní féidir tionchar na bpobalbhreitheanna ar mheon an pobail a shéanadh. Ní hionann sin áfach agus cás maith a dhéanamh le cosc a chur ar fhoilsiú faisnéise a chuidíonn leis an rogha a dhéanann mórán agus a tharraingíonn aird ar thoghchán.

Fág freagra ar 'Ábhar machnaimh do na páirtithe i dtoradh an fhothoghcháin'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá na poinntí thuas déanta go maith ach tá ábhar macnaimh eile ann do na páirtithe:

    11. Is léir ón aistriúchán a fuair James Geoghegan san 8ú comhaireamh (+ 865) gur aistrigh sciar mhaith de vóta Fhianna Fáil go iarrthóir Fhine Gael. Le aistriúchán mar sin ar fud na tíre idir an dá pháirtí rialtais, d’fhéadfadh sé níos mó suíocháin a thabhairt do Fhine Gael, dá mbeadh an páirtí in iomaíocht le Sinn Féin don suíochán deireadh. Má tá Fine Gael agus Fianna Fáil ag usáid PR le suíochán a choinneáil ó Shinn Féin beidh tionchar aige sin ar thoradh an chéad toghcháin eile.

    12. Is léir chomh maith go raibh cuid mhaith vótaí a bhí ag Boylan nár aistrigh sa 9ú cuntas nuair a nach raibh fágtha ach Lucht Oibre agus Fine Gael: ciallaíonn sé sin nach dtugann formhór lucht leanúna aon aistriúchán don Lucht Oibre. Más mian leis an Lucht Oibre an ráta aistriúcháin ó Lucht Oibre a mhéadú, anois go bhfuil FF agus FG ag aistriú vótaí idir a gcuid iarrthóirí, b’fhiú a rá roimh an chéad toghchán eile go mbeidís sásta dul i gcomhrialtas le Sinn Féin, ach líon áirithe suíochán a bheith acu.

  • Poraic o'hEipicín

    Bhí an bua ag an Luchr oibre toisc go bhfuil siad ar son an ghinmhilleadh.