Tá ráite ag Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge Catherine Connolly gur “ábhar díomá” é nár chinntigh RTÉ agus TG4 gur i nGaeilge a bheadh a bpobalbhreith iarvótála sa Ghaeltacht.
Tuairiscítear go ndearnadh roinnt gearán i mbothán vótála i nGaeltacht Chonamara faoi gan aon Ghaeilge a bheith ag an oibrí ón gcomhlacht RED C a bhí i mbun na pobalbhreithe ansin don dá chraoltóir.
Rinne fear Gaeltachta a labhair faoin scéal ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inné gearán le TG4 agus RTÉ toisc gur i mBéarla a reáchtáladh an phobalbhreith i Scoil Sailearna in Indreabhán i gCois Fharraige i gceartlár na Gaeltachta.
Dúirt Séamus Ó Tuairisg gur chuir sé “iontas an diabhail” air nár earcaíodh Gaeilgeoir chun na ceisteanna a chur ar mhuintir na Gaeltachta.
Mhaígh sé gur bhain an scéal preab chomh maith as an té ar labhair sé leis faoi i TG4.
Ghlac 3,000 duine páirt i bpobalbhreith TG4 agus RTÉ, a reáchtáil an comhlacht Red C, ag breis is 150 ionad vótála éagsúla ar lá na dtoghchán.
Bhain roinnt ceisteanna sa phobalbhreith le tábhacht na Gaeilge ach is i mBéarla amháin a cuireadh na ceisteanna go léir sa Ghaeltacht.
I ráiteas a chuir TG4 ar fáil faoin cheist dúradh gur “comhlacht neamhspleách, gairmiúil taighde iad Red C” agus nach raibh “aon ról ag TG4 sa chur chuige a stiúradh”. Thug an stáisiún le fios áfach nár tugadh aon treoir do Red C maidir le seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil sa Ghaeltacht.
“Is oth linn má bhí duine ar láthair Ghaeltachta nach raibh ábalta na ceisteanna a chur i nGaeilge. Má bhíonn baint againn arís lena leithéid de thaighde tabharfar treoir go mbeadh duine le Gaeilge ar fáil ag aon ionad Gaeltachta a bhíonn ann,” a dúradh sa ráiteas.
Dúradh freisin go raibh TG4 “an-sásta gur éirigh le TG4 agus RTÉ a bheith páirteach sa phobalbhreith iarvótála RedC” agus gur “chuir sé go mór leis an gclúdach a rinne RTÉ agus TG4 ar na toghcháin”.
I ráiteas a fuair Tuairisc.ie ó RTÉ, dúradh:
“Ní bheadh sé mar rogha agallamh pobalbhreithe a dhéanamh i nGaeilge in aon taighde eile a dhéanann Red C, agus bíonn siad i mbun taighde ar fud na tíre.
“Agus, cé go bhfuil cuid den phobal nach mbeadh sásta, b’fhéidir, páirt a ghlacadh san agallamh de bharr é a bheith i mBéarla, glacann formhór na ndaoine páirt ann ina ainneoin sin.”
“Cuireadh an-chuid daoine faoi agallamh ar an Aoine, ach is ábhar é seo go mbeidh athbhreithniú á dhéanamh air do thaighde i gceantair Ghaeltachta amach anseo,” a dúradh sa ráiteas.
Dúirt Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go mbíonn “chuile eagraíocht den tuairim go bhfuil siad ag déanamh a ndíchill” ó thaobh na teanga ach gur “a mhalairt” a tharla sa chás seo. Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur “ábhar díomá” an scéal.
Éamonn Ó Gribín
Nach ábhar díomá é iad a bheith i mbun pobalbhreith i mBéarla taobh amuigh den Ghaeltacht freisin?
Nach bhfuil an Ghaeilge ina phríomhtheanga sa Stát ar fad,
de réir Bhunreacht na hÉireann!
Sibéal
Cláracha spóirt agus pobalbhreitheanna tré Bhéarla ag TG4! Cén súil eile?
Bunreacht frithGhaelach
@Éamonn
Ní hí an Ghaeilge “an príomhtheanga” sna 26 contae, go dlíthiúil fiú mar baintear an seasamh sin di in Alt 8 den Bhunreacht.
Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil go siombalach agus in Alt 8 tugter lán-chead don Stát feidhmiú tré Bhéarla amháin rud atá déanta acu go fonnmhar.