‘Abair ‘go raibh maith agat’ le do thiománaí bus, le fear an tacsaí agus sa siopa áitiúil – feachtas nua ar bun ag Conradh na Gaeilge

Is í an aidhm atá ag feachtas nua Chonradh na Gaeilge ná an pobal a spreagadh le níos mó Gaeilge a úsáid sa ghnáthshaol. Beifear in ann an feachtas a leanúint ar na meáin shóisialta faoin haischlib #BUAGaeilge

15/01/2014. Taxi protest, Dublin. Taxi Drivers, including Christopher Gorman from Glasnevin in Dublin, bring the city centre to a standstill as they block Molesworth street and streets surrounding the Dail this afternoon to protest against the oversupply of taxis in the city as well as decreased profits. Photo: Laura Hutton/RollingNews.ie
Tiománaí tacsaí i BÁC. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

 

Tá “tús neamhfhoirmeálta” curtha le feachtas nua ar líne ag Conradh na Gaeilge an mhí seo. Feachtas gníomhaithe atá bunaithe ar na meáin shóisialta atá i ‘Bainim Úsáid As’ agus é á rith faoin haischlib #BUAGaeilge.

Is í an aidhm atá ag an bhfeachtas ná an pobal “a spreagadh agus a chumasú le níos mó Gaeilge a úsáid” i suíomhanna éagsúla. Beidh téama difriúil á chur chun cinn ag an bhfeachtas gach mí.

An mhí seo, mí Eanáir, tá an Conradh ag díriú ar an nath ‘go raibh maith agat’ agus tá grafaic curtha le chéile ar a bhfuil eolas uirthi faoi na háiteanna ar féidir úsáid simplí a bhaint as an nath céanna.

Moltar sa ghrafaic buíochas a ghabháil i nGaeilge le tiománaithe bus agus tacsaí, i siopaí agus gnólachtaí eile, ar an bhfón agus ar chártaí buíochais, agus moltar an giorrúchán ‘grma’ a scríobh ar na meáin shóisialta agus i dtéacsanna.

“Beidh cuid de na téamaí simplí go leor agus ag díriú orthu siúd atá báúil don Ghaeilge ach go mb’fhéidir nach bhfuil an muinín acu mórán Gaeilge a úsáid, mar shampla ag úsaid frásaí Gaeilge atá simplí agus so-aitheanta; agus cuid de na teamaí níos dúshlánaí agus ag díriú ar chainteoirí cumasacha, mar shampla ag lorg seirbhísí stáit as Gaeilge,” a dúirt Brenda Ní Ghairbhí, bainisteoir an fheachtais.

Nuair a bheidh an feachtas feasachta seolta i gceart, beidh an Conradh ag iarraidh ar an bpobal scéalta a phostáil faoina rannpháirtíocht san fheachtas ar na meáin shóisialta agus a chuid smaointe agus taithí féin a roinnt. Tá leathanach Facebook curtha ar bun go speisialta don fheachtas seo agus beifear in ann an haischlib #BUAGaeilge a úsáid ar mheáin eile shóisialta.

Deir Conradh na Gaeilge gur feachtas as an nua é BUA nach bhfuil aon bhaint aige leis an bhfeachtas darb ainm céanna a tosaíodh i Maigh Nuad ceithre bliana ó shin.

Tá an feachtas ‘Bain Úsáid Aisti (BUA)’ fós ag dul ar aghaidh ar an mbaile ollscoile sin agus feictear greamáin ar fhuinneoga na ngnólachtaí atá sásta an Ghaeilge a úsáid i gcónaí. Chuir lucht an fheachtais sin ar fáil do lucht gnó an bhaile leabhráin agus cártaí ar a raibh frásaí bunúsacha orthu. 

Fág freagra ar '‘Abair ‘go raibh maith agat’ le do thiománaí bus, le fear an tacsaí agus sa siopa áitiúil – feachtas nua ar bun ag Conradh na Gaeilge'