A Thaoisigh, níl aon snáth ceangail speisialta ag Gaeltacht le healaín ná turasóireacht

Agus airí nua ceaptha sa Roinn nua ar a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi, cuirtear ceist ar roinnt Gael sa dara halt sa tsraith trí alt seo cad é an chéad rud a dhéanfaidís féin dá mbeidís mar aire Gaeltachta

A Thaoisigh, níl aon snáth ceangail speisialta ag Gaeltacht le healaín ná turasóireacht
Máire Nic Eoin Uí Fhlatharta le Máíre Ní Fhinneadha

A Thaoisigh, níl aon snáth ceangail speisialta ag Gaeltacht le healaín ná turasóireacht

Máire Ní Fhinneadha, saoránach Gaeltachta

Mhíneoinn don Taoiseach nach bhfuil aon snáth ceangail speisialta ag Gaeltacht le healaín ná turasóireacht thairis roinn ar bith eile. Ní ghlacfainn leis an onóir mura ngeallfadh an tAire Oideachais dom go gcuirfí ‘séip’ éigin ar churaclam Gaeilge iarbhunscoile chlann na Gaeltachta.

Thabharfainn ar ais scéim labhairt na Gaeilge ach thosódh sí an chéad lá ar scoil do na gasúir. D’athróinn an teideal ar an roinn go Roinn na Duilleoige Fige agus bheadh an Ghaeltacht agus an Ghaeltacht a Chodail sna Cáipéisí againn feasta ar na comharthaí bóthair. D’fhoilseoinn na figiúirí faoi líon na ndaoine atá ag obair ar thórramh na Gaeilge agus na Gaeltachta agus cén trasnaíl atá ina saothar. Bheadh cúrsaí samhraidh ar fáil agus iad éigeantach d’aon Bhéarlóir ar mhian leis freastal ar scoil Ghaeltachta sa bhfómhar.

Thabharfainn reachtaíocht isteach chun an dlí a chur ar aon eagraíocht nó fostaí poiblí nach gcuirfeadh seirbhís ar fáil i nGaeilge sa nGaeltacht.

Chuirfinn tacaíocht mheabhairshláinte ar fáil do na daoine ar fad a bhfuil a gcroí agus a spiorad cloíte ag díothú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Bhunóinn tearmann ar Bhóthar Mespil d’aspail an chur i gcéill. Ní sheasfainn i bhfad san oifig mar chuirfeadh an meon agus an córas saidhleam dearg orm.

Dhéanfainn tréaniarracht bheith ionraic, tuisceanach agus réadúil

Sorcha Ní Chéilleachair, Tuismitheoirí na Gaeltachta

Ní duine uilechumhachtach aon Aire Stáit agus iad ceangailte le córais atá fágtha le huacht acu agus atá greanta sa chóras polaitíochta cheana féin. Mar sin féin tá rudaí bunúsacha, praiticiúla a d’fhéadfaí dhéanamh agus Dia idir sinn agus an t-olc dá mbeinnse i mbun an phoist dhíreoinn ar an méid sin. 

Caith uait an cur i gcéill, an mugadh magadh agus ná fág muintir na Gaeltachta ag síorlorg déirce. Ná bímis ag sodar i ndiaidh uaisle an Bhéarla ag tathaint orthu an cúpla focal a labhairt, bímis mórálach as an méid atá againn féin. Tá saibhreas luachmhar agus oidhreacht thábhachtach againn sa Ghaeltacht agus níl aitheantas ceart á thabhairt ag an rialtas don méid seo. Dá mbeinnse im’ Aire Stáit Gaeltachta bheadh thabharfainn tús áite dó sin. 

Labhróinn le muintir na Gaeltachta agus d’éisteoinn leo. Is dócha go n-aireoinn an focal reservation arís agus arís eile. D’fhiosróinn é seo agus dhéanfainn iarracht ciall eile a bhaint as. Ní drochrud é an reservation. Ní fhaca mé aon reservation riamh ar chláracha an National Geographic nach raibh airgead agus acmhainní go leor caite leo.

Bíonn cosaint faoi leith tugtha do na hainmhithe iontu, gach aon chóir curtha orthu agus gach aon iarracht déanta le cinntiú go mairfidís. Tá ag éirí leis na tearmainn!

Shamhlóinn gur mhaith an modh oibre é seo le cur i bhfeidhm sa Ghaeltacht. Tearmann cánach do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge, tacaíochtaí teanga don teaghlach, don óige agus don bpobal, cosaint don teanga, cead pleanála do lánúineacha óga, forbairt pobail, forbairt eacnamaíochta, infreastruchtúr cuí agus cearta teanga. Ní mhairfidh an teaghlach Gaeltachta muna mbíonn na cúinsí cearta sa phobal – nach é seo an aidhm lucht na dtearmann? 

Dhéanfainn tréan-iarracht bheith ionraic, fírinneach, praiticiúil, tuisceanach agus réadúil. Ní chosnaíonn na tréithe seo an cent amháin féin agus tá an méid seo tuillte ag muintir na Gaeltachta. Cé go mbeadh cúram an Spóirt orm chomh maith sa leagan amach nua, d’fhágfainn na cluichí polaitíochta ar leataobh agus sheasfainn leis na daoine. 

An mbeidh an tAire Stáit sásta dul i mbun troda in aghaidh réimeas seanbhunaithe, seanchaite, stálaithe agus fís don nGaeltacht agus don nGaeilge a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm? Beidh le feiscint. Go n-éirí leis agus go deimhin leis an Aire í féin. Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag súil go mór le dul i mbun oibre leo agus beimid ar fáil i gcónaí mar shaighdiúirí dílse teanga agus pobail sa reservation!

Dhéanfainn Roinn amháin stáit a dhílárú chun na Gaeltachta

Alan Titley, scríbhneoir

Dheimhneoinn go mbeadh Gaeilge mhaith líofa ag gach Garda, gach neach Oifig an Phoist, gach banaltra, dochtúir agus fostaí stáit, agus gur Gaeilge a labhródh siad le cách ar an gcéad dul síos. Ní dóigh liom gur déanadh é seo riamh. Thabharfainn na deontais chearta ar ais do na mná tí (agus na fir tí, b’fhéidir) ar cuid riachtanach d’eacnamaíocht na Gaeltachta í le fada, agus a choinníonn nasc tábhachtach measa idir an Ghaeltacht agus an chuid eile den tír.

Dhéanfainn Roinn amháin stáit, ceann tábhachtach nach mbaineann go sonrach leis an nGaeilge, a dhílárú chun na Gaeltachta.

Dá mbeinnse i m’Aire Gaeltachta, is é a dhéanfainn ná…

Fág freagra ar 'A Thaoisigh, níl aon snáth ceangail speisialta ag Gaeltacht le healaín ná turasóireacht'

  • Bríd

    Fáil réidh le Quangos na Gaeilge atá ag sochar ar a gceirtlín féin le blianta fada.
    Cá dtosnóidh muid? Bhuel leo siúd atá ar Ghravy traein na Gaeilge le blianta fada agus gan pioc déanta acu don Ghaeilge ná don Oideachas Gaeltachta. Cúpla glaoch ZOOM anseo & ansiúd ag na heagrais seo agus sásfaidh sé sin an Ceann Eagraíocht!
    Iniúchadh láithreach riachtanach ar na heagrais sin. Ó ar luaigh mé an Polasaí don Oideachas Gaeltachta? Meastú ar shabháil siad an teanga fós? Meastú?