Dá mbeinnse i m’Aire Gaeltachta, is é a dhéanfainn ná…

Agus airí nua ceaptha sa Roinn nua ar a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi, cuirtear ceist sa tsraith trí alt seo ar roinnt Gael cad é an chéad rud a dhéanfaidís féin dá mbeidís mar aire Gaeltachta

Dá mbeinnse i m’Aire Gaeltachta, is é a dhéanfainn ná…

D’iarrfainn maithiúnas ar mhuintir na Gaeltachta…

Conchúr Ó Giollagáin, sochtheangeolaí agus údar

D’iarrfainn maithiúnas ar mhuintir na Gaeltachta thar ceann an Státchórais, agus ar mhuintir na hÉireann trí chéile, i ngeall gur cuireadh a gcuid ama agus acmhainní amú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. D’admhóinn gur neamhpholasaí í agus go bhfuil sí chomh marbh le hart, mar a d’admhaigh iarAire de chuid Fhianna Fáil, Pat Carey, ina taobh dhá bhliain ó shin.

Seachas athnuachan a dhéanamh ar straitéis a theip, d’iarrfainn ar na forais Stáit tosú an athuair agus cur chuige ciallmhar a cheapadh a ghabhfadh i ngleic le riachtanais shoiléire, géarchéim na Gaeltachta go príomha. Chuirfinn moltaí na dtuarascálacha taighde: an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, an tIniúchadh ar an gCumas Dátheanagach i bhfeidhm, go háirid an moladh i dtaobh Scéim Labhairt na Gaeilge a athbhunú ar bhonn ní ba réadúla; agus chuirfinn ina luí ar Údarás na Gaeltachta agus fo-rannóg Gaeltachta na Roinne go ndéanfaí leas an phobail dá dtarraingeoidís fealsúnacht agus aidhmeanna Bheartas Úr na nGael chucu féin agus iad ag tabhairt aghaidh ar chúram mhuintir na Gaeltachta.

Mura dtabharfaí aird ar na moltaí fiúntacha atá ann, d’iarrfainn ar an Roinn Oideachais an mhírín seo a chur ar shiollabas na hArdteiste le go mbeadh taithí bhreise ag na scoláirí ar úsáid an mhodh choinníollaigh.

 

Thabharfainn spreagadh do thuismitheoirí gan a ndroim a iompú ar an nGaeilge…

Norita Ní Chartúir, léachtóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

Níl tuismitheoirí ag Gaeilgeoireacht lena bpáistí sa nGaeltacht. An chéad rud a dhéanfainnse mar Aire Gaeltachta, thabharfainn spreagadh do thuismitheoirí na Gaeltachta gan a ndroim a iompú ar an nGaeilge agus Gaeilge a labhairt lena bpáistí. Níl mé in ann aon mheabhair a bhaint as cén fáth a bhfuil tuismitheoirí le togha na Gaeilge ag labhairt lena bpáistí i mBéarla. Cloisim chuile lá iad mórthimpeall orm. Caithfear a chur ina luí orthu an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an teanga. Seo é an eilifint sa seomra!

Ina dhiaidh sin chuirfinn cúntóirí isteach go dtí scoileanna na Gaeltachta le dhá bhliain iomlána tumoideachais sa nGaeilge a thabhairt do na gasúir atá ag teacht isteach le Béarla agus atá ag truailliú Ghaeilge na ngasúr atá á dtógáil le Gaeilge.

 

Chuirfinn iallach ar chuile eagraíocht stáit a cuid oibre a dhéanamh go dátheangach…

An tOllamh Kevin Scannell, saineolaí ríomhaireachta agus teangeolaí

Dhéanfainn iarracht tógáil ar an bplean leathanbhanda chun tuilleadh fostaíochta a chruthú sa Ghaeltacht sa chaoi go mbeadh daoine óga in ann fanacht sa mbaile. Cén chaoi? Dá mbeadh iallach ar chuile eagraíocht stáit a cuid oibre a dhéanamh go dátheangach agus gach ábhar/seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge, agus dá gcuirfí brú ar na comhlachtaí eachtrannacha (a bhaineann an-tairbhe as rátaí ísle cánach in Éireann) a gcuid seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge freisin, bheadh arm mór gníomhairí seirbhíse, ríomheolaithe, teicneolaithe, aistritheoirí, dearthóirí, srl. le Gaeilge ag teastáil, agus cuid mhaith den obair sin indéanta ón bhaile sa Ghaeltacht.

 

Dónall Ó Cnáimhsí

Déarfainn le hóige na Gaeltachta, gur lúb thábhachtach iad sa tslabhra órga…

Dónall Ó Cnáimhsí, Pleanálaí Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair

Tá beagnach 100 bliain caite ó fógraíodh Saorstát Éireann, 65 bliain ó leagadh amach na teorainneacha Gaeltachta. 40 bliain ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta.

10 mbliana den Straitéis 20 Bliain imithe. Cé go dtáinig athruithe móra ar shaol mhuintir na Gaeltachta le linn na tréimhse sin, tá dhá ghné ghaolmhara dár saol nár tháinig aon athrú orthu, sé sin an óige ag imeacht ar imirce agus an titim leanúnach ar líon na gcainteoirí Gaeilge laethúla.

Mar sin, mar Aire na Gaeltachta leagfainn m’fhís amach do na pobail labhartha Gaeilge. Cén todhchaí a fheiceann siad don aos óg anseo? An measann siad go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an ghlúin seo d’óige na Gaeltachta? Dhéanfainn óráid a rachadh i bhfeidhm ar óige na Gaeltachta. Óráid a thabharfadh le fios d’óige na Gaeltachta, gur lúb thábhachtach iad sa tslabhra órga sin a shíneann siar thar na nglúnta agus na gcianta, gurbh í Gaeilge a dteanga dhúchais. Ábhar bróid agus mórtais, seachas náire is leisciúlacht.

Chuirfinn brú ar an rialtas ardú stádais a thabhairt don teanga, deireadh a chur leis an imeallú, sochaí dhátheangach iomlán a chruthú, sochaí agus stát ina bhfuil fáilte roimh cibé teanga ar mhaith le saoránach a úsáid ina saol.

Fág freagra ar 'Dá mbeinnse i m’Aire Gaeltachta, is é a dhéanfainn ná…'

  • Pádraig

    An ceart ar fad acu. Cén fáth nach bhfuil aon duine ag éisteacht? Níl mé féin in ann aon mheabhair a bhaint as ach oiread cén fáth a mbíonn roinnt tuismitheoirí ag labhairt Béarla lena gclann, go háirithe sa lá atá inniu ann. Níl ach buntáistí ag baint le gasúir a thógáil le Gaeilge. Agus níl aon bhaol ann nach mbeidh scoth an Bhéarla acu agus an Béarla i ngach áit. Ach má thógtar le Béarla iad is beag seans go mbeidh scoth na Gaeilge acu. Is treise dúchas ná oiliúint. Caithfear dul i gcion ar na tuismitheoirí sin ar bhealach éigin agus iad a spreagadh. Sin an dúshlán is mó atá roimh thodhchaí na Gaeilge.

  • Gabriel Rosenstock

    https://www.academia.edu/42894172/THE_IRISH_PROBLEM_-YOU_WONT_BELIEVE_IT?email_work_card=title
    Tuar féinchomhlíontach (nó ‘self-fulfilling prophecy) is a bás teanga a fhógairt, lá i ndiaidh lae.

  • Ruth

    Bhí mé i gConamara le foghlaimeoirí Gaeilge nuair a rinne Ó Giollagáin tuar fá Ghaeilge mar atá díreach déanta fa Ghaidhlig na hAlban aige. Agus is éard a dúirt bean amháin liom, cad chuige a leanfaimis orainn leis an Ghaeilge, más mar sin atá sé! Dúirt mé léi gur post atá sa taighde agus go raibh Gaeilge á húsáid ina shaol pearsanta féin aige, ainneoin na taighde … Sin mar a dheileáilimse leis an síorchomhrá i nGaeilge fá staid na Gaeilge. Déanaimse mo chosán féin a shiúil agus is beag beann ar an stát nó ar eagrais stáit a labhraím Gaeilge agux sílim gur cheart guf mar sin a bheadh sé.

  • Conchúr Ó Giollagáin

    Sea, a Ghabriel, agus tá eolaithe na haeráide ag milleadh an chomhshaoil nádúrtha …

  • Colin Ryan

    Ní hí an Ghaeilge inti féin atá i mbaol ach an cineál Gaeilge a bhíodh á labhairt sa Ghaeltacht. Is léir ón bhfianaise go léir go bhfuil an tóin ag titim as an teanga sa Ghaeltacht thraidisiúnta agus nach bhfuil teacht aniar inti. Ní leigheas ar an meath an tseanmóireacht faoi “thábhacht” na teanga i gceantair na seanfhundúirí. Tá Gaeilge iarthraidisiúnta ann anois agus í beo bríomhar sa réimse cathrach. Tá lé agam féin leis an tseanteanga, ach ní mór a bheith réadúil.

  • Gabriel Rosenstock

    Ní hiad eolaithe na haeráide atá ag milleadh an chomhshaoil nádúrtha. Ag comhaireamh na dtinte móra in Abhantrach na hAmsóine atá siad ach ní mhúchfaidh a gcuid taighde na lasracha sin.
    Tá loitiméirí agus scriostóirí na timpeallachta beag beann ar lucht taighde. Réabhlóid shóisialta amháin a dhéanfaidh gníomh fónta a stopfaidh meath teangacha agus meath na timpeallachta araon. Díríodh taighdeoirí ar an gcóras alpach atá ag iarraidh ilghnéitheacht chultúrtha agus timpeallachta a scriosadh, gach áit ar fud an domhain.

  • Gabriel Rosenstock

    Ba de theaghlach Gaelach i máthair Trump, Màiri Anna NicLeòid. Cén fáth nár léirigh an tUachtarán Trump lé ar bith le teanga dhúchais a mháthar? Mar bhí córas eile maireachtála á shantú ag Trump, an córas caipitlíoch a dtiomáineann an Béarla é, gan taise gan trócaire: Doonbeg agus ní hé Dún Beag (a bhí ina cheantar Gaeltachta go dtí na 1950í) atá ar an áras aige in Éirinn. Bhí ar chumas Trump (agus tá fós) cúpla milliún a chaitheamh ar mhaithe le teanga a mháthar a chur chun cinn ar Oileán Leodhais, ach is cúl le cine é. (Ní hé gur leigheas é an t-airgead ar fhadhbanna sóisialta agus cultúrtha an domhain: is é a mhalairt é, go minic!) Go leor de na drochthréithe a shamhlaítear leis an Uachtarán Trump – saint, féinspéis, sotal, uabhar, speabhraidí agus mar sin de – samhlaítear go minic iad sin le daoine atá dífhréamhaithe, ar strae, gan teacht acu níos mó ar an dínit agus ar an ngaois sin a bhain le pobal a raibh a fhios acu cár díobh iad, ainneoin chruatan an tsaoil. Má tá Gaeilge na hAlban i mbaol inniu – agus teangacha neamhfhorleathana uile an domhain – is toisc go leanann an córas atá i réim faoi láthair ( an córas caipitlíoch) aon rud atá in ann fairsingiú a dhéanamh, mar a leanann an cú an giorria. Is é a nádúr é bheith ag borradh is ag at – aon ní atá sa tslí air, leagfar é. Níl spéis ag an an gcaipitleachas san fhealsúnacht sin a mbíodh an-chaint uirthi tráth ‘small is beautiful’ ; má tá mionrudaí áille an domhain le bheith ag na glúine atá ag teacht aníos, ní mór dóibh – dála Dháiví – a rá le Góiliát, ‘Stad, nó is duitse is measa!’ Níl ansin ach mo thuairim mheáite féin. Níl aon taighde, mórán, déanta agam ina thaobh. Institiúidí ar nós ollscoileanna a bhíonn i mbun taighde agus ní bheadh a fhios agat cá bhfaigheann siad a gcuid airgid. Fuaireas amach an lá cheana gur chum an CIA rac-amhrán áirithe a raibh an-ráchairt go deo air d’fhonn an tsaoirse a chur chun cinn!