Tá a scuad do Chorn Sacair an Domhain ainmnithe ag bainisteoir fhoireann ban na hÉireann, Vera Pauw.
D’fhógair Pauw an 23 imreoir a bheidh ag taisteal go dtí an Astráil agus an Nua-Shéalainn don chomórtas an mhí seo chugainn, an chéad uair riamh d’fhoireann na hÉireann páirt a ghlacadh i gCorn an Domhain.
Is é an scéal is mó ná go mbeidh Aoife Mannion, Megan Campbell agus Leanne Kiernan ag fanacht sa bhaile agus cinneadh déanta ag Pauw gan iad a roghnú toisc na gortuithe a bhí ag cur as dóibh le gairid.
Bhí gortuithe ag cur as do Mannion agus Campbell ag deireadh an tséasúir agus níl an bheirt chosantóirí tagtha chucu féin in am le bheith mar chuid den scuad. Níl ach dhá chluiche imeartha ag Mannion, a rugadh i Sasana ach arb as Gaillimh agus Maigh Eo a muintir, d’Éirinn ó rinne sí an cinneadh imirt don fhoireann mí Feabhra ach tá beagnach leathchéad cluiche imeartha ag Campbell sa gheansaí glas agus í mar chuid den fhoireann a bhain áit amach ag Corn an Domhain.
I gcás Kiernan, chaill an tosach formhór an tséasúir de bharr gortú rúitín agus cé go raibh sí ar ais ar an bpáirc le roinnt seachtainí anuas, is léir gur mheas Pauw nach raibh sí réidh do Chorn an Domhain.
Chomh maith leis an 23 imreoir a roghnaigh an bainisteoir sa scuad, beidh triúr eile – Jamie Finn, Harriet Scott agus Sophie Whitehouse – ag taisteal chun na hAstráile chun a bheith ag traenáil leis an scuad.
Tá áit bainte amach ag Sinéad Farrelly agus Marissa Sheva, a rugadh i Meiriceá agus a chinn imirt d’Éirinn tar éis don fhoireann áit a bhaint amach ag Corn an Domhain, sa scuad. Is iad Abbie Larkin agus an seanfhondúir Áine O’Gorman an t-aon bheirt sa scuad a imríonn i bPríomhroinn na mBan in Éirinn.
Is í Katie McCabe captaen na foirne agus Éire le haghaidh a thabhairt ar an Astráil, ar Cheanada agus ar an Nigéir i nGrúpa B. Imreofar an chéad chluiche in aghaidh na hAstráile ar an 20 Iúil ach beidh a gcluiche deireanach sa mbaile ag na himreoirí an tseachtain seo chugainn nuair a imreoidh siad i gcoinne na Fraince ar an 6 Iúil.
Scuad na hÉireann
- Cúl báirí: Courtney Brosnan (Everton), Grace Moloney (Reading), Megan Walsh (Gan club)
- Cosantóirí: Heather Payne (Florida State University), Áine O’Gorman (Shamrock Rovers), Niamh Fahey (Liverpool), Louise Quinn (Birmingham City), Diane Caldwell (Reading), Claire O’Riordan (Celtic), Megan Connolly (Unattached), Chloe Mustaki (Bristol City), Isibeal Atkinson (West Ham United)
- Imreoirí lár páirce: Katie McCabe (Arsenal), Denise O’Sullivan (North Carolina Courage), Lily Agg (London City Lionesses), Ruesha Littlejohn (Gan club), Ciara Grant (Hearts), Sinead Farrelly (Gotham FC), Lucy Quinn (Birmingham City)
- Tosaithe: Kyra Carusa (London City Lionesses), Amber Barrett (Standard Liege), Marissa Sheva (Washington Spirit), Abbie Larkin (Shamrock Rovers)
- Imreoirí Breise: Sophie Whitehouse (Lewes FC), Harriet Scott (Birmingham City), Jamie Finn (Birmingham City)
Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile
Táimid, Éireannaigh ‘thíos fén’ cruinne’ ag tnúth le ‘Cailíní na Léinte Glasa’ a fheiscint ag déanamh gaisce.