A raibh le foghlaim ó Shraith Iomána 2018

Caitheann Tuairisc.ie siúl siar ar a raibh le foghlaim ó iomáint an earraigh, feabhas Chill Chainnigh, deacrachtaí na Gaillimhe agus fuinneamh nua Luimnigh

A raibh le foghlaim ó Shraith Iomána 2018

Bainisteoir Chill Chainnigh, Brian Cody. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cill Chainnigh ag dul sa treo ceart

Nuair a d’éirigh Henry Shefflin, Tommy Walsh, JJ Delaney agus Brian Hogan as an imirt i ndiaidh fheachtas 2014, dúradh go mbeadh sé deacair ag Cill Chainnigh tada a bhuachan ar feadh tamaill. Ó shin, tá Craobh na hÉireann 2015 buaite acu, cluiche ceannais eile sroichte acu agus anois tá an tsraith tugtha leo acu. D’fhoireann a bhí in ísle brí, níor chruthaigh siad ródhona.

Ba é díocas Chill Chainnigh an difríocht ba shuntasaí idir na foirne inné agus bhí sin le brath ar na himreoirí nua atá tagtha isteach le cúpla bliain chomh maith céanna mar ba léir ón imirt a rinne Paddy Deegan agus a leithéidí. Tá na Cait fós ag brath go mór ar TJ Reid ach seasann sé an fód dóibh níos minice ná a mhalairt. Bhí Walter ar fheabhas sa dara leath inné chomh maith agus is iontach an cúnamh é do Chill Chainnigh nuair a bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa.

Sular bhuaigh siad cluiche an lae inné, bhí cluiche ceannais na sraithe sroichte deich n-uaire ag Cill Chainnigh faoi cheannas Cody. Ocht mbliana díobh sin, chuaigh na Cait ar aghaidh agus bhuaigh siad Craobh na hÉireann. Níl siad fós ina rogha na coitiantachta le Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo in 2018 ach cinnte tá siad ag dul sa treo ceart.

Imreoirí le teacht a neartóidh tosaithe Thiobraid Árann

Lántosach Thiobraid Árann, Jason Forde. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Is mór an cathú atá ar lucht na hiomána i dTiobraid Árann a gcúigiú cluiche ceannais sraithe as a chéile a bheith caillte anois acu ach rud amháin a thabharfaidh misneach dóibh i ndiaidh chliseadh an lae inné ná go raibh imreoirí breátha in easnamh orthu go dtí seo. Ní fhacthas Séamus Callanan ar an bpáirc ar chor ar bith i rith na sraithe ach beidh súil ag Michael Ryan go mbeidh teacht aige ar Imreoir na Bliana 2016 don chraobh.

De bharr go raibh Jason Forde ag imirt chomh maith sin sa líne lántosaithe, níor bhraith na Tiobraid Árannaigh Callanan uathu rómhór ach dá mbeadh Callanan, Forde agus na McGraths i mbarr a maitheasa i rith an tsamhraidh, ní bheadh mórán foirne in ann iad a sheasamh.

Tá Dan McCormack agus Patrick ‘Bonnar’ Maher fós le teacht ar ais do Thiobraid Árann chomh maith agus tá a fhios ag Michael Ryan go dtabharfaidh an bheirt sin, agus Michael Breen, an fuinneamh agus an neart dá fhoireann a bheidh ag teastáil sa líne leatosaithe agus timpeall lár páirce.

An-chuid oibre le déanamh fós ag Gaillimh

Bainisteoir na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Agus Craobh na hÉireann buaite acu den chéad uair le beagnach tríocha bliain, thuigfeá go mbeadh na Gaillimhigh ag iarraidh lánsult a bhaint as an ngaisce sin. I ndiaidh fheachtas crua 2018, lig foireann Mhicheál Donoghue a scíth i rith an gheimhridh agus níor thosaigh siad ar ais ag traenáil le chéile go dtí deireadh mhí Eanáir.

Ní haon iontas é mar sin nach raibh an bainisteoir róbhuartha faoi thaispeántais na foirne i rith na sraithe. Beidh díomá air nár thapaigh mórán de na himreoirí nua a chuir sé chun páirce na deiseanna a tugadh dóibh ach fós bhuaigh siad ar Aontroim, Laois, Uíbh Fhailí agus Baile Átha Cliath agus gan iad fiú i mbarr a maitheasa.

Nuair a tháinig an crú ar an tairne, áfach, i gcoinne Luimnigh agus arís in aghaidh Loch Garman, ní raibh siad in ann coinneáil leo. Ó tharla go raibh níos lú traenála déanta acu ná foirne eile, seans gur easpa aclaíochta ba mhó a bhí ag cur as do Ghaillimh i rith na sraithe, go háirithe sa dá chluiche dheireanacha sin, ach fós, tá an chuma orthu go bhfuil an-chuid oibre le déanamh acu.

Ní féidir le Luimneach obair an earraigh a chur amú sa chraobh

Tosach Luimnigh, Aaron Gillane. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Cé gur bhuaigh Luimneach Craobh Faoi-21 na hÉireann trí huaire as a chéile ag tús na mílaoise, níor éirigh leis na himreoirí sin aon dul chun cinn a dhéanamh le foireann na sinsear.

Anois, agus imreoirí óga ag teacht tríd arís ó fhoirne buacacha Luimnigh le cúpla bliain anuas, ní féidir an bhrí agus an fuinneamh sin a chur amú arís. Tá tús maith déanta ag na fir óga agus feachtas sraithe maith imeartha acu i mbliana ach tá dúshlán mór rompu sa chraobh.

Imreoidh siad i gcoinne Thiobraid Árann i bPáirc na nGael sa chéad bhabhta agus cé go ndearna siad go maith ina gcoinne i gcluiche leathcheannais na sraithe, beidh tuilleadh ag teastáil mí Bealtaine. Tubaiste a bheadh ann dá gclisfeadh go dona orthu sa chluiche sin.

Is gá fáil réidh leis na babhtaí ceathrú ceannais

Agus iarracht déanta ag CLG an séasúr idirchontae a dhéanamh níos giorra, tá sé aisteach go bhfuil siad fós ag cur ama amú ag imirt babhtaí ceathrú ceannais sa tsraith iomána. Ar dtús, is babhta breise cluichí atá ann nach bhfuil aon ghá leo, go háirithe ó tharla athrú déanta anois ar an gcraobh, agus go n-imreoidh gach foireann ceithre chluiche, ar a laghad, sa chúige.

Rinne CLG scéal mór de i mbliana go gcoinneofaí an tAibreán saor do chluichí na gclubanna ach chlis orthu é sin a dhéanamh. Is fíor go raibh fíor-dhrochaimsir againn i rith an earraigh, ach mar sin féin, dá bhfaighidís réidh leis na babhtaí ceathrú ceannais bheadh an tAibreán ag na clubanna.

Mar bharr air sin, tá an leagan amach atá ann faoi láthair míchothrom. Baineann ceithre fhoireann ó Roinn 1A agus ceithre fhoireann ó Roinn 1B áit amach sna babhtaí ceathrú ceannais, cé gur deacra go mór ag foirne as Roinn1A é sin a dhéanamh.

Chríochnaigh Gaillimh sa dara háit, Uíbh Fhailí sa tríú háit agus Baile Átha Cliath sa cheathrú háit i Roinn 1B i mbliana ach chailleadar triúr acu in aghaidh foirne Roinn 1A sa mbabhta ceathrú ceannais.

Fuair CLG réidh leis na babhtaí leathcheannais sna sraitheanna peile nuair nach raibh gá leo. Tá sé in am an rud céanna a dhéanamh san iomáint.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó Shraith Iomána 2018'