A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais peile na hÉireann…

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na ceachtanna a bhí le foghlaim ó chluiche ceannais na hÉireann a bhuaigh Baile Átha Cliath inné

A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais peile na hÉireann…

Mar a bhí á thuar, bhí tábhacht mhór leis na fir ionaid

Dúradh go minic roimh chluiche an lae inné go gcuirfeadh fir ionaid Bhaile Átha Cliath cor cinniúnach i scéal an chluiche ceannais agus b’in mar a tharla. Ní raibh saothar ionadaithe Bhaile Átha Cliath chomh suntasach agus a bhí i gcluichí ceannais eile ina ndearna leithéidí Kevin McManamon agus Cormac Costello gaiscí móra, ach is cinnte go raibh baint ag binse láidir Jim Gavin le bua Bhaile Átha Cliath ar Mhaigh Eo.

Thug an dá fhoireann seisear fear ionaid isteach inné. Bhí 211 cluiche imeartha ag seisear Bhaile Átha Cliath agus 47-362 aimsithe acu sna cluichí sin. Ar an taobh eile, bhí 102 cluiche imeartha ag fir ionaid Mhaigh Eo agus 36 acu sin imeartha ag Ger Cafferkey nár imir ach 90 soicind inné. 7-34 ar fad a bhí aimsithe ag seisear Mhaigh Eo. Insíonn sé sin a scéal féin.

Chruthaigh Kevin McManamon, Diarmuid Connolly, Paul Flynn agus Bernard Brogan uilig scóranna sa dara leath agus d’aimsigh McManamon agus Connolly cúilíní iad féin.

Lena gceart a thabhairt dóibh siúd a tháinig isteach do Mhaigh Eo, thug Conor Loftus, Stephen Coen agus go háirithe Diarmuid O’Connor fuinneamh breise do Mhaigh Eo ach ní bhíonn an tionchar céanna acu is a bhíonn ag fir ionaid Bhaile Átha Cliath.

Ní fhéadfadh Maigh Eo mórán eile a dhéanamh

Chris Barrett ag fáil an cheann is fearr ar Dean Rock

Ní dócha gur mórán sóláis dóibh é, ach ní fhéadfadh Maigh Eo mórán eile a dhéanamh chun cluiche an lae inné a bhuachan. Cé nach raibh Baile Átha Cliath i mbarr a maitheasa, murab ionann is cluichí ceannais eile, ní hé gur chaith Maigh Eo uathu an ceann seo.

Níor bhain aon tubaiste den chúl báire mar a tharla san athimirt anuraidh. Is é Stephen Cluxton is mó a bhí faoi bhrú mar a tharlaíonn sé agus sé cinn dá chuid ciceanna amach buaite ag Maigh Eo sa chéad leath.

Ní hionann agus an chéad chluiche ceannais in 2017, ní cúil thuathalacha a chniog Maigh Eo an geábh seo ach oiread. Bhí a gcuid cosantóirí ar fheabhas ó thús deireadh an chluiche. Seans go raibh gradam laoch na himeartha tuillte níos mó ag Chris Barrett ná Keith Higgins ná mar a bhí sé ag James McCarthy, ach ba é fear Bhaile Munna a thug an svae leis.

Níor ghéill imreoirí Stephen Rochford tar éis do Bhaile Átha Cliath dul dá phointe chun cinn sa dara leath ach an oiread. D’aimsigh Lee Keegan cúl dóibh a d’fhág cúilín chun tosaigh iad agus fiú nuair a tháinig Baile Átha Cliath ar ais, scóráil Cillian O’Connor pointe breá chun na foirne a chur ar comhscór arís agus an t-am beagnach caite.

Cinnte, chuir siad iarrachtaí amú sa chluiche, ach ní raibh an oiread céanna iarrachtaí ar strae acu agus a bhí blianta eile. Ní ann don fhoireann a n-éiríonn leo scór a aimsiú gach uair a thugann siad faoi. I ndeireadh na dála, tá imreoirí seo Mhaigh Eo ag imirt chomh maith agus is féidir leo, ach faraor tá Baile Átha Cliath beagáinín níos láidre ná iad.

Deargamaidí Vaughan

Cárta dearg do Donal Vaughan

Cúis aiféala amháin a bheidh ag Maigh Eo ná an cárta dearg a taispeánadh do Donal Vaughan leath bealaigh tríd an dara leath.

Deargamaidí ab ea é dul sáite san eachtra le John Small agus níl aon údar gearáin ag an bhfear as Baile an Róba. Ní hamháin go raibh Joe McQuillan ar tí an dara cárta buí a thaispeáint do John Small ach bhí cic saor bronnta aige ar Mhaigh Eo freisin, cic a chuirfeadh ar comhscór arís iad dá n-aimseofaí é. Dá mba rud é go mbeadh fear breise ag Maigh Eo don 20 nóiméad deireanach sin, bheadh sé an-deacair ag Baile Átha Cliath iad a stopadh.

Mar a tharla sé ba é críoch agus deireadh na mbeart gur caitheadh an liathróid isteach agus gurbh é Brian Fenton a d’aimsigh an chéad scór eile sa chluiche. I gcoimhlint a bhí chomh dian sin, ní beag an tionchar a bhí ag an eachtra ar an toradh.

Níl Baile Átha Cliath dosháraithe

Philly McMahon agus an corn ardaithe aige

Agus an tríú craobh as a chéile buaite ag Baile Átha Cliath, cuireadh tús ar The Sunday Game leis an seamsán faoin gcontae a roinnt ina dhá leath, nó ina cheithre chuid mar a mhol Colm O’Rourke. Déanta na fírinne, tá sé róluath don chaint sin. I bhfianaise an daonra agus na n-acmhainní atá ag foireann na hardchathrach, d’fhéadfadh go mbeadh gá le hathrú de chineál éigin amach anseo ach cé nach bhfuil an beart déanta go fóill acu tá sé cruthaithe ag Maigh Eo nach bhfuil Baile Átha Cliath dosháraithe.

Cúig chluiche ceannais atá buaite acu le seacht mbliana anuas, ach is é an bua trí phointe a bhí acu ar Chiarraí in 2015 an farasbarr is mó a bhí acu ar a gcéilí comhraic sna cluichí sin. I ngach cluiche acu sin, bhí deiseanna ag Ciarraí agus Maigh Eo tuisle a bhaint as Baile Átha Cliath.

Is í an chúis go n-éiríonn go maith le Maigh Eo in aghaidh Bhaile Átha Cliath ná go bhfuil siad sásta aghaidh a thabhairt ar fhoireann Jim Gavin gan córas dianchosanta a chur i bhfeidhm. B’in a rinne Ciarraí chomh maith nuair a bhuaigh siad cluiche ceannais na sraithe níos luaithe i mbliana.

Tá sé léirithe ag Maigh Eo, mar sin, nach bhfuil Baile Átha Cliath dosháraithe ach seans gurb iad fir na Ríochta is fearr a thabharfaidh a ndúshlán amach anseo. 

Cinnte, beidh Maigh Eo i measc na bhfoirne is fearr sa tír arís an bhliain seo chugainn ach ní léir go bhfuil tosaithe óga ag teacht chun cinn acu a chuirfidh barr feabhais ar an bhfoireann. Sin rud atá ag Ciarraí, agus a gceathrú craobh mhionúir buaite acu inné. Má bhíonn David Clifford chomh maith leis na sinsir agus a bhí sé leis na mionúir, ní fada go ndéanfar dearmad arís ar an gcaint uile faoi bhuntáistí Bhaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'A raibh le foghlaim ó chluiche ceannais peile na hÉireann…'