A post caillte ag Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020, ach plé á dhéanamh faoi sheacht dtionscadal Gaeilge

Tá sé deimhnithe anois go bhfuil Freda Nic Giolla Chatháin ar dhuine de sheachtar déag fostaí de chuid Gaillimh 2020 a bhfuil a bpostanna caillte acu

A post caillte ag Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020, ach plé á dhéanamh faoi sheacht dtionscadal Gaeilge

Tá Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020 ar dhuine den seachtar déag d’fhoireann na féile a bhfuil deireadh ar fad curtha lena bpost. Tá an cinneadh sin ar cheann de na hathruithe atá á gcur i bhfeidhm ag an eagraíocht de bharr phaindéim an Covid-19.

30 duine a bhí ar lárfhoireann Gaillimh 2020 agus mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, bhí Freda Nic Giolla Chatháin, iarOifigeach Gaeilge Gaillimh 2020, ar dhuine den 19 duine den “lárfhoireann Gaillimh 2020” a chaill a bpostanna “go sealadach” ag tús mhí an Aibreáin.

Tá sé deimhnithe anois go bhfuil Freda Nic Giolla Chatháin ar dhuine de sheachtar déag fostaí a cuireadh ar iomarcaíocht.

Ghabh Freda Nic Giolla Chatháin buíochas as an tacaíocht a fuair sí le linn a tréimhse mar Oifigeach Gaeilge le Gaillimh 2020.

Dúirt sí gur bhain sí “an-sult” as a cuid ama ag obair ar an tionscadal “in ainneoin na gconspóidí uile agus an chruatain ar fad”.

D’iarr Tuairisc.ie ar Gaillimh 2020 faoi na himpleachtaí a bheas ag an chinneadh iomarcaíochta seo ar imeachtaí Gaeilge a bhí beartaithe mar chuid de chlár Gaillimh 2020.

Dúirt urlabhraí ó Gaillimh 2020 go raibh “athbhreithniú” á dhéanamh fós ar chlár na féile mar gheall ar Covid-19. 

Dúirt an t-urlabhraí go raibh cainteanna ar siúl idir Gaillimh 2020 agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le clár nua na féile agus go rabhadar ag súil go mbeidh deireadh leis an phróiseas sin “go luath”. 

“Tá muid ag díriú ar thionscadail áitiúla agus náisiúnta, i gcomhpháirt le páirtnéirí cultúrtha áitiúla agus náisiúnta a bheas muid in ann a chur ar fáil i mbliana nó ag tús na bliana seo chugainn,” a dúirt an t-urlabhraí. 

Tugadh le fios go bhfuil plé á dhéanamh faoi sheacht dtionscadal Gaeilge nó dátheangach a d’fhéadfaí a reáchtáil ag deireadh na bliana nó tús na bliana seo chugainn, ina measc Turas Conamara, tionscadal dírithe ar an aimsir, Óró, tionscadal le hEalaín na Gaeltachta agus ‘Aistriú’, tionscadal le hOllscoil na hÉireann Gaillimh.

Nuair a thosaigh ráig an choróinvíris in Éirinn, cuireadh ar ceal mórthionscadal Gaeilge Gaillimh 2020 ‘Sruth na Gaeilge’, a bhí á léiriú ag Branar.

Dúirt Gaillimh 2020 an tráth sin go raibh athbhreithniú á dhéanamh ag an bhord ar chlár Gaillimh 2020 le roinnt seachtainí anuas agus go raibh “cinntí tábhachtacha” á ndéanamh acu faoi thodhchaí na féile.

I measc na gciorruithe atá déanta ar chlár Gaillimh 2020, tá deireadh curtha lena gconradh le Artichoke, stiúrthóir páirtnéireachtaí ealaíon na heagraíochta.

Nuair a rinneadh an fógra sin, dúirt an Cathaoirleach, Arthur Lappin, go rabhthas “aireach faoin misean atá mar bhonn agus mar thaca ag Gaillimh 2020 ón tús – clár a chur ar fáil a dhéanfadh ceiliúradh ar chruthaitheacht na Gaillimhe”.

Fág freagra ar 'A post caillte ag Oifigeach Gaeilge Gaillimh 2020, ach plé á dhéanamh faoi sheacht dtionscadal Gaeilge'