A mhúinteoirí agus a dhaltaí! Acmhainní oideachais nua seolta ag Tuairisc.ie don Ardteist agus don tSraith Shóisearach

Tá acmhainní nua seolta ag Tuairisc.ie, i gcomhar le TG4, atá dírithe ar an tSraith Shóisearach agus tá forbairt bhreise déanta againn ar rannóg na hArdteistiméireachta don scoilbhliain nua

A mhúinteoirí agus a dhaltaí! Acmhainní oideachais nua seolta ag Tuairisc.ie don Ardteist agus don tSraith Shóisearach

A scoláire dhil,

Tá bliain scoile eile faoi lán seoil agus guíonn Meitheal Oideachais Tuairisc.ie gach rath ort san obair atá romhat.

Táimid ag cur le hacmhainní oideachais Tuairisc.ie i rith an ama agus tá áthas orainn a fhógairt inniu go bhfuil acmhainní breise seolta againn, i gcomhar le TG4, atá dírithe ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge sa tSraith Shóisearach.

Is cúis áthais dúinn comh maith go bhfuil forbairt bhreise déanta againn ar rannóg na hArdteistiméireachta agus tuilleadh acmhainní fós ar na bioráin.

Tá forbairt déanta freisin ar thrí mhór-áis theicneolaíoch a rachaidh chun tairbhe d’fhoghlaimeoirí agus do mhúinteoirí.

  1. Taifead – áis taifeadta a ligeann do scoláirí iad féin a thaifeadadh, éisteacht siar lena gcuid oibre agus ataifeadadh a dhéanamh.
  2. Foclóirí – tugann an áis seo deis do dhaoine cliceáil ar aon fhocal a fhoilsítear in alt ar Tuairisc.ie agus sainmhíniú an fhocail sin a fháil ó Teanglann.ie.
  3. Éist – áis a chuirfear ar fáil go luath i gcomhar le abair.ie. Is féidir le foghlaimeoirí éisteacht le hábhar á léamh sna trí chanúint.

Ar na rudaí a bheidh á gcur ar fáil againn don tSraith Shóisearach do 2018/19 beidh:

Ar na rudaí a bheidh á gcur ar fáil againn don Ardteist don scoilbhliain 18/19 beidh:

Bígí ag faire amach mar sin don ábhar spleodrach, taitneamhach, cabhrach seo a bheidh á fhoilsiú gach seachtain i Rannóg Oideachais Tuairisc.ie.

Le meas,

Meitheal Oideachais Tuairisc.ie

Fág freagra ar 'A mhúinteoirí agus a dhaltaí! Acmhainní oideachais nua seolta ag Tuairisc.ie don Ardteist agus don tSraith Shóisearach'