A mhí Eanáir, tabhair beagáinín suaimhnis dúinn le do thoil!

Tá a droch-cháil tuillte go maith ag Eanáir na bliana seo is gan an tseachtain féin caite fós

A mhí Eanáir, tabhair beagáinín suaimhnis dúinn le do thoil!

Ní hí mí Eanáir an mhí is suáilcí a chastar ort an bhliain is fearr a bhíonn sí agus chaithfeadh go bhfuil mí Eanáir na bliana seo ag iarraidh an chraobh a bhaint amach. Tá a droch-cháil tuillte go maith ag Eanáir na bliana seo is gan an tseachtain féin caite fós!

Dá mbeinn in ann focal a chur isteach ina chluas, déarfainn leis, fág anois é, a Eanáir, as ucht mac Dé agus na maighdine Muire, tá do dhóthain déanta agat! Mura mbeadh ach spraoi, scléip agus spórt romhainn an chuid eile den mhí seo agat, ní fhéadfadh duine ar bith a chur i do leith gur lig tú na maidí le sruth.


Rud eile a déarfainn le mí Eanáir, dá dtabharfadh sí aon aird orm, ná go gcuirfinn i gcuimhne di bhfuil sí ainmnithe i ndiaidh an Dia Janus ón tseanRóimh. B’fhéidir agus muid ar thairseach na bliana nua, go bhfuil sé dearmadta aici cén ról a bhí ag a comhainmneach.

D’fheictí íomhánna den dia Janus ar bhoinn airgid na Róimhe agus dhá éadan air, ceann acu a bhí ag breathnú siar agus an ceann eile ag breathnú chun cinn. An jab a bhí ag Janus, dar leis na Rómhánaigh, ná súil a choinneáil ar thairseacha agus ar dhoirse. Deirtear go ndeirtí paidreacha chuige ag tús na bliana, is go deimhin i rith na bliana ar fad, ag impí air na rudaí maithe a ligean isteach is an t-olc a stopadh ag an doras.

Anois, a Eanáir, an bhfuil aon aird agatsa air sin? Ní raibh agat ach jab amháin, súil a choinneáil ar an doras idir an bhliain seo caite agus an bhliain seo, is ní maith liom é a rá amach leat is níl mé ag iarraidh a bheith ag caitheamh anuas ort, ach tá an chuma ar an scéal nach ndearna tú do chuid oibre. Fág beagáinín suaimhnis againn an chuid eile den mhí, a chomrádaí.

Murar leor Janus Horribilis, tá an galar tógtha ag Lilí, Banríon an Tí freisin agus í ina Canis Horribilis. Ní raibh a fhios agam go mbíonn gadhair ag déanamh rún don bhliain nua, ach tá mé a cheapadh go bhfuil sé leagtha amach ag Lilí go ngabhfaidh sí ag sianaíl chuile oíche i mbliana.

Ba í an gadhairín ba chiúine dá bhfaca tú riamh í in 2021, ach tá an chuma uirthi gurb é rún na hathbhliana aici croitheadh a bhaint asainn in 2022. Sula mbeidh aon imní ort fúithi, níl sí tinn ná aon rud mar sin. I rith an lae, níl mairg ar bith uirthi.

An imní is mó atá orm ná go gcuirfidh sí na comharsana amach as a gciall, tá muide curtha as ár gciall cheana aici, ach níl muid in ann an locht a chur ar éinne eile! Ní hé an tús is fearr leis an mbliain é má bhíonn tú tite amach le do chomharsana mar gheall ar an ngadhar.

Níl a fhios agam an é go gcuirim an iomarca creidimh sna piseoga, ach tá barúil agam gur thug muid an iomarca den mholadh di i rith na Nollag agus gur tharraing muid an mí-ádh anuas orainn féin. Ceapaim go mb’fhéidir gur thug an moladh ar fad cloigeann mór di is go bhfuil sí iompaithe ina sórt diva anois.

Fág freagra ar 'A mhí Eanáir, tabhair beagáinín suaimhnis dúinn le do thoil!'