A mbeannacht tugtha ag an Rialtas d’athoscailt chúrsaí go leor sa tír i rith an tsamhraidh

Tá cead le tabhairt de réir a chéile do dhaoine freastal ar imeachtaí agus tabhairt faoin taisteal idirnáisiúnta arís

A mbeannacht tugtha ag an Rialtas d’athoscailt chúrsaí go leor sa tír i rith an tsamhraidh

Tá a mbeannacht tugtha ag an Rialtas d’athoscailt chúrsaí go leor sa tír i rith an tsamhraidh agus cead le tabhairt de réir a chéile do dhaoine freastal ar imeachtaí agus tabhairt faoin taisteal idirnáisiúnta arís.

Beidh cead ag bialanna agus tithe tábhairne bia agus deoch a chur ar fáil taobh istigh ón 5 Iúil agus cead taisteal nach bhfuil riachtanach a dhéanamh lasmuigh den tír seo ón 19 Iúil.

Tabharfaidh an Rialtas feidhm do theastas taistil an Aontais Eorpaigh a ligfidh do phaisinéirí taisteal ar fud an Aontais Eorpaigh gan coraintín éigeantach a bheith rompu ar fhilleadh dóibh.

Féadfaidh óstáin athoscailt ón gCéadaoin an 2 Meitheamh agus ón 7 Meitheamh féadfaidh tithe ósta agus bialanna seirbhís bia agus deoch ag an mbord a chur ar fáil amuigh faoin aer. An lá céanna sin a bheidh cead athoscailte ag ionaid spóirt agus pictiúrlanna.

An 5 Iúil a bheidh seirbhís taobh istigh faoi dhíon le fáil i dtithe ósta agus i mbialanna.

Tabharfar cead do 200 duine freastal ar roinnt imeachtaí spóirt agus siamsaíochta in ionaid mhóra i mí an Mheithimh. Agus i mí Iúil, ar bhonn trialach, beidh cead ag 500 duine freastal ar roinnt imeachtaí.

Ón dara lá de Lúnasa beidh cead ag suas le 5000 duine a bheith i láthair ag imeachtaí faoin aer.

Dea-scéal do chuid éigin de lucht leanta na camógaíochta mar beidh cead ag roinnt acu a bheith sna seastáin ag cluiche ceannais Shraith Liberty Insurance i bPáirc an Chrócaigh ar an 20 Meitheamh.

Faoi dheireadh mhí an Mheithimh beidh lucht na rásaíochta ábalta dul ag na rásaí ar Churrach Chill Dara.

An 11 Meitheamh beidh lucht freastail ceadaithe go trialach ag trí chluiche – cluiche rugbaí idir Cúige Laighean agus Dragons na Breataine Bige san RDS; cluichí sacair idir Rógairí na Seamróige agus Cláirsí na Finne; agus Cathair Chorcaí in aghaidh Chábán tSíle.

Ag an gcruinniú Rialtais pléadh moltaí go mbeadh cead ag 10,000 den lucht leanúna freastal Chluiche Ceannais Iomána Laighean i  lár mhí Iúil agus cead ag breis is 25,000 a bheith i bPáirc an Chrócaigh do Chluichí Ceannais na hÉireann i mí Lúnasa.

Ag a 6.00 tráthnóna inniu a fhógróidh an Taoiseach Micheál Martin na bearta is deireanaí ón Rialtas

Dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan cé nach ionann go baileach na rialacha taistil ó na Stáit Aontaithe agus ón Ríocht Aontaithe agus pas taistil digiteach an AE gurb é “mórán an cur chuige céanna a bheidh i gceist”.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach bhféadfaí cúrsaí taistil a oscailt go hiomlán idir an tír seo agus an Bhreatain i mí an Mheithimh mar gheall ar an imní faoina líonmhaire is atá an B.1.617.2 , an cineál den Covid-19 a deimhníodh ar dtús san India agus gurb é atá anois i gceist le níos mó ná 50% de na cásanna atá á n-aimsiú sa mBreatain.

Fág freagra ar 'A mbeannacht tugtha ag an Rialtas d’athoscailt chúrsaí go leor sa tír i rith an tsamhraidh'