A laghad daoine le Gaeilge ar thóir poist sa státseirbhís gur ‘gold nuggets’ iad dar leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí

An t-iarAire Gaeltachta Éamon Ó Cuív den bharúil go gcaithfeadh daoine a bheith ‘sách saonta’ le dul ar phainéal Gaeilge agus fanacht fada a bheith orthu le poist a fháil

Shirley Comerford

Tá sé tugtha le fios ag níos lú ná 1% díobh siúd atá cláraithe leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) gur mhian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an eagraíocht atá freagrach as ceapachán foirne sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí.

Thug Shirley Comerford, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí le fios do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTeach Laighean tráthnóna inné go raibh 518,905 duine cláraithe leo trí Bhéarla agus nach bhfuil ach 4,131 cláraithe trí Ghaeilge.

Dúirt sí gur dúshlán é daoine le Gaeilge a mhealladh do phoist sa státseirbhís agus shéan sí gur míbhuntáiste é do dhaoine a dhul san iomaíocht ar phainéil a bhí curtha ar leataobh do dhaoine le líofacht i nGaeilge agus i mBéarla. Dúirt sí go raibh iarrachtaí móra ar bun ag PAS le daoine le Gaeilge a mhealladh agus gurbh ionann agus “gold nuggets” daoine le Gaeilge a mheallfaí chun fostaíochta. Dúirt sí freisin go raibh oiread tábhachta leo go gcaithfí iad a mhealladh agus tacú leo le linn an phróisis earcaíochta.

Dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin PAS gur minic a chuireann daoine tic i mbosca ag rá go bhfuil Gaeilge acu agus iad ag dul san iomaíocht do phoist sa státseirbhís ach go dtarraingíonn siad siar nuair a fhaightear amach nach bhfuil an líofacht atá riachtanach don obair acu. Thug sí le fios agus í ag freagairt ceiste ón Teachta de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Moynihan, go gcaitear an oiread céanna airgid ar fhógraíocht ar phoist i nGaeilge agus a dhéantar i mBéarla.

Léirigh figiúirí nua a foilsíodh anseo inné go raibh titim ar líon na ndaoine le Gaeilge atá á gceapadh sa státseirbhís agus sna Gardaí le blianta beaga anuas.

Dúirt iarAire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, go gcaithfeadh daoine a bheith “sách saonta” le dul ar phainéil Ghaeilge agus fanacht fada a bheith orthu le poist a fháil ó tharla nach raibh Ranna Rialtais ag aithint jabanna a raibh riachtanas Gaeilge ag baint leo. Dúirt an Teachta Ó Cuív go mbeadh anró breise agus dhá agallamh i gceist do dhaoine le Gaeilge le dul san iomaíocht ar dhá phainéal, ceann do státseirbhísigh le Béarla agus ceann eile do dhaoine le Gaeilge. “Míbhuntáiste seachas buntáiste atá ann do dhuine an dá theanga a bheith acu faoin gcóras earcaíochta faoi láthair,” a dúirt sé.

Dúirt an Teachta de chuid Shinn Féin, Aonghus Ó Snodaigh go raibh daoine le Gaeilge ag diúltú a rá go raibh líofacht sa teanga acu ar eagla go gcuirfí ag obair mar oifigigh Ghaeilge iad agus go mbeidís sáinnithe. Bhí faitíos orthu, a dúirt sé, go ndéarfaí fúthu, “You’re the token Gaeilgeoir.”

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly gur géarchéim é laghad na ndaoine le Gaeilge a bhí á bhfostú sa státseirbhís. D’fhiafraigh sí ar cheart marcanna bónais a thabhairt ar ais arís do dhaoine a raibh líofacht sa dá theanga acu mar a tharlaíonn fós do phoist sna húdaráis áitiúla.  D’admhaigh ionadaithe PAS ag an chruinniú nach raibh aon taighde déanta ar éifeacht na marcanna bónais ach gur measadh gur easpa iarrthóirí le Gaeilge an dúshlán ba mhó a bhí le sárú. Dúradh gur ceist polasaí a bhí sna marcanna bónais nár bhain leo féin ach gur gnó don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é.

Dúirt Shirley Comerford, PAS, go gcaithfí líon na n-iarrthóirí le Gaeilge a mhéadú. “The numbers are currently so low, we have to do something,” a dúirt sí. Dúirt an Cathaoirleach, an Teachta Catherine Connolly nach bhfaca sí aon “fhianaise” go raibh PAS “ag breathnú ar bhealaí nua le daoine a mhealladh”.

Dúirt Nicholas Meehan a bhí i láthair thar ceann na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag an gcruinniú go raibh ionadaithe óna Roinn féin, ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ó PAS ar choiste a bhí i mbun plean sé bliana a réiteach chun daoine a bhfuil líofacht i nGaeilge agus i mBéarla acu a earcú don chóras poiblí.

Fág freagra ar 'A laghad daoine le Gaeilge ar thóir poist sa státseirbhís gur ‘gold nuggets’ iad dar leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Réiteach simplí ná aitheantas a thabhairt don té sa státchóras atá in ann agus sásta oibriú tríd an dá theanga oifigiúla tré liúntas 10% breise a íoc leo. Bheidís níos cáilithe, níos ábalta, níos solúbthaí agus níos usáidtí don státchóras ná an státsheirbhíseach aon teangach. Caighdéan an ard a bheadh riachtanach ar ndóigh.

  • Máiread

    Breis paigh doibh suid a dheineann a gcuid oibre trí Gaeilge

  • Paidioriain

    I mo thuarimse An té atá in ann an gno a dheanamh I dhà Teanga .Tā sé no si nios cailithe na an tè aonteangach . Da Bhri sin Tā nios mo airgead Tuilte daoibh.