‘A hata caite ag an DUP leis an troid in aghaidh na reachtaíochta Gaeilge’

Tá Jeffrey Donaldson cáinte ag an TUV agus leid tugtha aige go mbeidh cás na reachtaíochta Gaeilge mar chuid dá straitéis idirbheartaíochta faoin bPrótacal iarBhreatimeachta

‘A hata caite ag an DUP leis an troid in aghaidh na reachtaíochta Gaeilge’

Ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Beidh lucht éilimh na gcearta teanga ó thuaidh ag súil go bhfuil an ceart ag Jim Allister, ceannaire an TUV, go bhfuil a hata caite ag an DUP leis an troid in aghaidh na reachtaíochta Gaeilge.

“Tá seasamh an DUP ar an reachtaíocht don Ghaeilge ag éirí níos doiléire, agus gan aon chosúlacht troda orthu faoi níos mó.”

“Ar ndóigh, is é fírinne an scéil gur fheall siad ar an gceist seo ar mhaithe le greim a fháil ar an gcumhacht faoin socrú Ré Nua Cur Chuige Nua. Is cóir cuimhneamh dá réir ar an dream a d’íoc an éiric nuair a chuirfear an Ghaeilge chun cinn go dásachtach agus Coimisinéir mórchumhachtach ina ceann,” arsa Jim Allister.

D’fhéadfadh go labhróidh Jeffrey Donaldson an DUP ar cheist na reachtaíochta Gaeilge ach a dtabharfaidh feidhmeannas a pháirtí a mbeannacht dó mar cheannaire.

Sheachain Donaldson aon ní a rá faoi cheist na Gaeilge ó dearbhaíodh ina cheannaire nua ar an DUP é, ach thug sé leid go mbeidh cás na reachtaíochta mar chuid dá straitéis idirbheartaíochta faoin bPrótacal iarBhreatimeachta.

Tuairiscítear go dtabharfaidh feidhmeannas an DUP a mbeannacht dá gceannaire nua ag cruinniú inniu agus táthar ag súil le ráiteas níos cuimsithí uaidh i dtaobh a mhianta.

Dúirt sé cheana go gcaithfeadh Rialtas na Breataine tosú ag géilleadh maidir le ceist an Phrótacail sula bhféachfadh an DUP ar conas a rachfar i ngleic leis na geallúintí i gcomhaontú New Decade New Approach, mar a bhfuil reachtaíocht agus straitéis nua don Ghaeilge geallta.

Tá geallta ag Rialtas na Breataine go dtabharfar an reachtaíocht chultúir agus teanga isteach in Westminster an fómhar seo chugainn mura ndéantar an beart in Stormont roimhe sin.

Dúirt Jeffrey Donaldson anuraidh go mbeadh veto ag an DUP maidir leis na seirbhísí trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil don phobal faoi aon reachtaíocht teanga a thabharfaí isteach mar chuid den chomhaontú faoinar athbhunaíodh Stormont.

Dúirt sé gurb é an DUP in Oifig an Chéad-Aire a shocródh cuid mhór cad iad na dualgais teanga a bheadh ar eagrais phoiblí faoin gcomhaontú New Decade, New Approach. 

Idir an dá linn, tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an Aire Pobal Deirdre Hargey tús a chur le hullmhú straitéis Ghaeilge don Tuaisceart ach tá sé ina imní go gcuirfidh an DUP bac ar an obair sin chomh maith.

Fág freagra ar '‘A hata caite ag an DUP leis an troid in aghaidh na reachtaíochta Gaeilge’'