A céad phointe ag Corn Domhanda na mBan faighte ag Éirinn ach deireadh déanta san Astráil

Fágann Éire slán leis an Astráil agus cé go mbeidh díomá ar imreoirí na hÉireann nár éirigh leo níos mó dul chun cinn a dhéanamh, ní haon chúis náire iad na taispeántais a thugadar le coicís anuas

A céad phointe ag Corn Domhanda na mBan faighte ag Éirinn ach deireadh déanta san Astráil

Tá deireadh tagtha le feachtas na hÉireann ag Corn Domhanda na mBan 2023 agus foireann Vera Pauw críochnaithe ar comhscór leis an Nigéir sa tríú cluiche acu i nGrúpa B.

Fágann Éire slán leis an Astráil agus leis an gcomórtas le cúl amháin agus pointe amháin ach, cé go mbeidh díomá ar imreoirí na hÉireann nár éirigh leo níos mó dul chun cinn a dhéanamh, ní haon chúis náire iad na taispeántais a thugadar le coicís anuas.

Mar a tharla sna cluichí in aghaidh na hAstráile agus in aghaidh Cheanada, thug na hÉireannaigh a raibh iontu i gcoinne na Nigéire ach d’fhág na heasnaimh ar an bhfoireann nach rabhadar in ann deireadh a chur leis an gcomórtas le bua stairiúil.

Tháinig Lily Agg agus Heather Payne isteach ar an bhfoireann don chluiche inniu agus nuair a bhí Denise O’Sullivan ag imirt níos faide suas an pháirc, léirigh Éire beagáinín níos mó misnigh nuair a bhí seilbh acu ar an liathróid sa chéad leath agus na himreoirí sásta pasanna gearra a imirt trí lár na páirce seachas dul leis an modh díreach i gcónaí.

Bhí an chuid is fearr den imirt ag Éirinn sa chéad leath agus ní raibh ach ceithre nóiméad imeartha nuair a tháinig an deis is fearr ar chúl a bhí acu sa chluiche. Chuir Payne pas maith isteach sa bhosca ón gcliathán chuig Sinéad Farrelly, thug sise pas gearr do Katie McCabe ach tharraing McCabe a hiarracht trasna an chúil agus ar fóraoil.

Bhí an t-ádh ar Éirinn nár ghéilleadar cúl théis 13 nóiméad nuair a thug drochphas ó Louise Quinn deis don Nigéir dul ar an ionsaí. Cruthaíodh seans do Asisat Oshoala ach ní raibh imreoir Barcelona in ann an sprioc a aimsiú.

Cé go raibh leathsheansanna ag Kyra Carusa agus Sinéad Farrelly as sin go leath ama, níor tháinig aon chúl.

Scaoil Éire cúil isteach go luath théis leath ama in aghaidh na hAstráile agus in aghaidh Cheanada agus bhí siad buíoch dá gcúl báire Courtney Brosnan as sábháil den scoth a dhéanamh chun an Nigéir a choinneáil amach. Rinne Toni Payne obair iontach chun an deis a chruthú agus cé gur éirigh le Uchenna Kanu a ceann a chur leis an liathróid a cuireadh isteach ón gcliathán, rinne Brosnan go hiontach agus tumadh síos ar dheis, lámh a chur leis an liathróid agus í a chur ag scinneadh den trasnán. Nuair a chaithfear súil siar ar an Chorn Domhanda seo ag Éirinn, ar an tsábháil sin agus cúl Katie McCabe a chuimhneofar.

Bhí deis eile ag Asisat Oshoala díreach i ndiaidh na sábhála ach theip uirthi arís an sprioc a aimsiú. Bhí deis mhaith eile ag Éirinn théis uair an chloig nuair a chruthaigh Kyra Carusa deis sa bhosca do Denise O’Sullivan ach bhí cosantóir de chuid na Nigéire san áit cheart chun cos a chur le hiarracht bhean Chorcaí.

Thuirsigh imreoirí na hÉireann ina dhiaidh sin agus iad ag teacht faoi bhrú ón Nigéir ach níor éirigh le ceachtar foireann deis mhaith a chruthú, Bhí na Nigéaraigh sásta lena gcuid agus iad cinnte d’áit sa chéad bhabhta eile pé toradh a bheadh ann inniu a bhuíochas den bhua cumasach a bhí ag an Astráil ar Cheanada.

Is ag bun an tábla a chríochnaigh Éire, pointe amháin acu ó na trí chluiche, agus deireadh leis an dóchas a bhí ann nuair a bhain an fhoireann áit amach ag an gcomórtas. Tá amhras ann an mbeidh Vera Pauw i gceannas ar an bhfoireann i bhfad eile agus deireadh le teacht an mhí seo chugainn leis an gconradh atá aici leis an FAI.

Léirigh cluiche an lae inniu laigí agus láidreachtaí na foirne faoina ceannas ach go dtí go dtiocfar ar réiteach maidir le teip na foirne cúil a scóráil, beidh sé deacair ag Éirinn an chéad chéim eile a bhaint amach, is cuma cé a bhíonn i gceannas.

Fág freagra ar 'A céad phointe ag Corn Domhanda na mBan faighte ag Éirinn ach deireadh déanta san Astráil'