A bhfuil romhainn amach ar an ngarraí glas agus lasmuigh de as seo go ceann bliana…

Nach bhfuil sé thar am don nGaillimh seáp a chaitheamh? An mbeidh leigheas ag Jarlath Burns agus a chriú ar aicíd na pasála láimhe? Agus ceisteanna caide eile don bhliain amach romhainn…

Bord na Mona O'Byrne Cup Round 1, St. Patrick's Park, Enniscorthy, Co. Wexford 3/1/2016 Wexford vs Dublin Dean Rock of Dublin waits to take a free Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
©INPHO/Donall Farmer

Gura seacht fearr a bheimid an dtaca seo bliana a deirid siúd a bhfuil dóchas ina gcroíthe an tráth seo bliana agus is é an dála céanna ag lucht leanta na caide é agus sinn ag iarraidh léamh a dhéanamh ar a bhfuil romhainn amach ar an ngarraí glas agus lasmuigh de as seo go ceann bliana.

Cuid des na ceisteanna atá ag dó na geirbe againn ná…

Cé leis a bheidh rith an ráis? An cheist shíoraí agus an freagra, ba dhóigh leat, an-shimplí. Tá scata den dtuairim nach mbeidh sa rás ach an dá fhoireann a chuirfidh tús ceart le h-iomaíocht na bliana 2016 sa chéad bhabhta sraithe faoi shoilse Pháirc an Chrócaigh i ndeireadh mhí Eanáir. Ach caithfidh go mbeidh níos mó ná Ciarraí agus Áth Cliath sa rás an uair seo? Chuir sé iontas orm i gcaitheamh na Nollag oiread de lucht gaoise agus saineolais caide bheith ag tabhairt a gceart do Mhaigh Eo sa chur is cúiteamh. Nílim ag déanamh neamhaird de gur ar éigean go bhfuilid curtha faoi chois ag curadh uile Éireann le ceithre bliana anuas, ach ná feic a bhfeicfir agus ná creid a gcloisfir fúthu nó go gcruthaíonn siad a mhalairt. Ainmhí an-dhainséarach iad Tír Eoghain ach cuimhnigh um an dtaca seo cúig bliana ó shin go raibh Dún na nGall áirithe ag uimhir 17 in ord fiúntais na bhfoirne peile. Cé h-iad Dún na nGall na bliana 2016? Nach bhfuil sé thar am don nGaillimh seáp a chaitheamh? Ach an bhfuil sé iontu? Is deacair dul thairis na Dubs.

Cén fhaid eile gur féidir tionchar na teicneolaíochta a choimeád ó dhoras?  Dúirt Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Forbartha na Réiteoirí, Seán Walsh, le déanaí go raibh sé féin tagtha ar mhalairt poirt maidir le h-úsáid an Oifigigh Teilifíse le linn cluichí agus go gcreideann sé anois go bhfuil tairbhe áirithe ag baint le múnla an TMO mar atá i gcúrsaí rugbaí. Feictear do Walsh agus do scata eile a bhíodh ag iarraidh Súil an tSeabhaic (HawkEye) a choimeád ó dhoras, nach bhfuil sa teicneolaíocht ach uirlis eile chun saoráid a dhéanamh do ról an réiteora. Bhí conspóid nach beag i gcluiche cáilithe sa chraobh iomána idir Luimneach agus an Iarmhí nuair a taibhsíodh do lucht an Sunday Game gur léirigh ceamaraí teilifíse go raibh dearmad déanta ag an réiteoir, Paud O’ Dwyer, agus a mhaor cúil as cúl a chlárú do Luimneach. Léirigh ceamara eile arís, áfach, go raibh an ceart ar fad acu lena gcinneadh. Má tá a leithéid de theicneolaíocht ar fáil, ba chóir í a úsáid agus níor cheart leithscéal a dhéanamh faoin éiginnteacht chun tuilleadh éiginnteachta a chruthú agus éagóir a dhéanamh ar lucht imeartha na gcluichí. Ní fada uainn an TMO agus b’fhéidir nach fada uainn ach an oiread micreafón an réiteora bheith ar fáil mar áis dúinne a bhíonn ag faire na gcluichí agus ag déanamh iontais de chinntí réiteora.

An fada eile a chaithfidh an gnáth imreoir cur suas le rudaí mar atá? Beidh dian-dhíospóireacht roimh Chomhdháil Bhliantúil CLG i gCeatharlach i mí Feabhra maidir le leagan amach na gcomórtas a fhágann an t-imreoir club ar an bhfán bliain i ndiaidh bliana. Thug plécháipéis an Ard Stiúrthóra, Páraic Duffy ábhar maith machnaimh don gcosmhuintir ag deireadh na bliana 2015 ach tá gá le beart de réir briathair anois. Muna ndeintear rud éigin fónta don imreoir club ag Comhdháil CLG a chinnteoidh breis béime ar chluichí club sna blianta amach romhainn, beidh an deighilt idir club agus contae agus idir an dá aicme imreora, an-dheacair go deo le sárú. Níor chabhraigh cás conspóideach Dhiarmuid Connolly leis an ndearcadh go bhfuil riail amháin d’imreoirí áirithe agus malairt rialach d’imreoirí eile. agus má leantar leis an gcur i gcéill beidh an-dhíobháil go deo déanta do CLG. Tá feachtas stocaireachta tosnaithe le tamall ag CLG ag iarraidh cur ina luí gaidhte ar bhallraíocht an Chumainn go bhfuil gá le hathraithe agus go n-éireoidh leis na hathruithe céanna má ghlactar leo. Beidh na seachtainí i dtús na bliana 2016 cinniúnach sa bhfeachtas.

An mbeidh leigheas ag Jarlath Burns agus a chriú ar aicíd na pasála láimhe? Ceist í seo a bhí ag dó na geirbe agam um an dtaca seo anuraidh…agus an bhliain roimis sin… agus an bhliain roimis sin. Tá bliain eile curtha dínn againn agus tá na staitisticí agus an fhianaise lom díreach ar ár n-aghaidh amach. An féidir linn, an acmhainn dúinn nó go deimhin an fiú dúinn an cheist a sheachaint arís i mbliana? Tá níos mó machnaimh ná aoinne eile déanta ar an gceist ag Jarlath Burns, Cathaoirleach Choiste Athbhreithnithe na Rialacha, agus cé go bhfuil moltaí fiúntacha le déanamh ag an gcoiste céanna ar rudaí ar nós an chic amach agus ar nós marc a thógaint ón gcic amach, is tábhachtaí go mór an teora atá le cur ar líon na bpasanna láimhe, dar liom.

 

Fág freagra ar 'A bhfuil romhainn amach ar an ngarraí glas agus lasmuigh de as seo go ceann bliana…'

  • Seán Mac Gearailt

    Alt den scoth arís ón gCinnéadach. Gaelainn bhinn bhlasta na Mumhan agus ní ag caitheamh anuas ar Ghaeilge na gcuigí eile atá mé agus seo á rá agam. Cé nach suim liom an t-ábhar a bhíonn idir lámha aige i gcónaí, léim a scríobhann sé ar mhaithe le feabhas a chur ar mo chuid Gaelainne féin. B’fhiú do gach mac déanamh amhlaigh. Go maire sé.

  • padraig

    Tagaim go mor leat. Is eiseamlair e Dara den rud a bhi i gceist ag an Athair Peadar nuair a thracht se thar ‘an da arm aigne’ .i. an Ghaeilge agus an Bearla a bheith ag muintir na hEireann ar a dtoil. Is feidir an da theanga a ainliu go faobhruil, liofa, cumasach mar a dheanann Dara, ni ga chuige ceachtar den da cheann a chaitheamh i dtraipisi. Is eisceacht a bheidh sa duine aonteangach (monoglot) sna blianta amach romhainn agus ceilfidh se deiseanna fostaiochta air fein da dheasca sin agus is eisceacht aon duine san Eoraip faoi lathair, go bhfios domhsa, nach bhfuil dha theanga ar a laghad ar a thoil aige. Ta muintir na hEireann go mor chun deiridh mar le teangacha eile seachas an Bearla a fhoghlaim. Ni mor feachaint ar an gcoras oideachais agus e a atogail o bhonn, is eachtrannaigh is mo ata ag obair ag Apple i gCorcaigh mar theangeolaithe. Ni miste dhuinn a bheith ilteangach ar na saolta seo chun ar n-aigne a leathnu agus a shaibhriu agus, ar bhonn nios praiticiula, deiseanna fostaiochta a shealbhu. Beidh fairisngiu a dheanamh ar na deiseanna ceanna sin amach anseo san Eoraip do lucht na Gaeilge go hairithe, ach a mbainfear an maolu den teanga, rud ata ar na biorain. ‘Bhfuil sibh ullamh, reidh chuige sin a lucht Fodla no an bhfuil sibh i dtoirchim suain i gconai os comhair na teilifise? Bhfuil Tuairisc ag caint air seo fos? Tair slan a Dhara.