Bheith istigh faighte ag léitheoirí na Gaeilge in Aontas na Scríbhneoirí

‘Foras poiblíochta’ do leabhair Ghaeilge i measc na n-ábhar a phléigh leathchéad scríbhneoir ag an gcéad chruinniú d’Aontas na Scríbhneoirí

Power of Words

‘Litríocht, léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn’.

Sin príomhaidhm Aontas na Scríbhneoirí a bunaíodh i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite.

I measc na n-ábhar eile a pléadh ag an gcruinniú bhí bunú ‘foras poiblíochta’ chun aird a tharraingt ar shaothair Ghaeilge.

Socraíodh chomh maith nach mbeadh ballraíocht an aontais teoranta do scríbhneoirí a bhfuil saothair i gcló acu, agus go mbeadh fiú cead ag ‘léitheoirí’ na Gaeilge bheith ina mbaill den Aontas.

Fógraíodh ‘am na héigeandála’ don scríbhneoireacht Ghaeilge i mí na Samhna seo caite agus bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí chun dul i ngleic leis an éigeandáil. Bhí tuairim is leathchéad duine i láthair ag an gcéad chruinniú ag an Aontas nua agus thart ar an méid céanna a ghabh a leithscéal as gan a bheith i láthair.

Mhair an cruinniú cúpla uair a’ chloig agus toghadh coiste stiúrtha sealadach a bheas ag obair as seo go ceann trí mhí ar thús ceart a chur le hobair an Aontais. Ar an gcoiste tá Cathal Póirtéir (bunaitheoir an Aontais), Alan Titley, Réaltán Ní Leannáin, Meadhbh Ní Eadhra, Proinsias Mac an Bhaird, Aindrias Ó Cathasaigh, Antain Mac Lochlainn, Éilís Ní Anluain agus Gabriel Rosenstock.

Ó bhí mí na Samhna ann, bhí moltaí á seoladh chuig Cathal Póirtéir, a bhí ina rúnaí sealadach ar an Aontas roimh an gcruinniú tionscnaimh Dé Sathairn, ar cén chaoi ab fhearr dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh scríbhneoirí agus scríbhneoireacht na Gaeilge. Roinneadh an slua ina ghrúpaí beaga ag an gcruinniú agus pléadh na moltaí ab fhearr a tháinig isteach.

Beartaíodh go mbreathnódh an tAontas, thar ceann na scríbhneoirí, ar an tacaíocht a thugann an stát do chúrsaí litríochta agus scríbhneoireachta trí chéile ó thuaidh agus ó dheas.

“Breathnóidh muid ar na scéimeanna atá acu agus oibreoidh muid amach cé méid den airgead a chaitear ar litríocht agus scríbhneoireacht na Gaeilge agus cé méid a chaitear ar litríocht agus scríbhneoireacht an Bhéarla, mar bhí an tuairim ann nach raibh cothrom na féinne á fháil ag scríbhneoirí Gaeilge ó thaobh an chaiteachais de,” a dúirt Cathal Póirtéir.

Cruthófar gréasán freisin le go mbeidh scríbhneoirí in ann fanacht i dteagmháil le chéile. Dúradh go raibh gá le bunachar eolais faoin méid a bhí ag titim amach i saol liteartha na Gaeilge. Ar an mbunachar nua, bheadh eoals faoi imeachtaí litríochta, nuacht faoi chomórtais, eolas ar sparántachtaí agus go leor eile.

Thug na scríbhneoirí le fios go mba mhaith leo páirt níos mó a bheith acu i gcur le chéile na straitéise léitheoireachta a bhíonn ag Clár na Leabhar Gaeilge. Cuirfear aighneacht ó Aontas na Scríbhneoirí le chéile a bhféadfaí Clár na Leabhar Gaeilge úsáid a bhaint aisti agus an straitéis á cur le chéile.

Dúirt Cathal Póirtéir le Tuairisc.ie gur bhraith na scríbhneoirí nach raibh nasc acu lena léitheoirí agus gur cheart don Aontas réiteach a a fháil ar an bhfadhb sin.

“Theastaigh ó dhaoine go mbeadh nasc éigin acu leis na léitheoirí. Tá scéimeanna i bhfeidhm ag Ealaín na Gaeltachta atá ag iarraidh cúrsaí léitheoireachta i measc na n-óg a spreagadh agus is dóigh linn gur chóir dúinn comhoibriú a dhéanamh leo sin agus go mbeadh liosta de scríbhneoirí ar fáil a bheadh sásta dul ar cuairt chuig grúpaí léitheoireachta agus scoileanna. Bhíodh Maidhc Dainín Ó Sé agus Anna Heusaff agus roinnt eile páirteach ann ach féadfar i bhfad níos mó a dhéanamh leis. Ní fhaca mise éinne a dtabharfá ‘scríbhneoir’ air beo os mo chomhair go dtí an ollscoil,” a dúirt an Póirtéireach.

Bhain cuid den phlé le poiblíocht agus dáileadh na leabhar nuascríofa. Ba mhaith leis an Aontas go ndéanfaí dáileadh chomh fada fairsing agus poiblíocht chomh leathan agus ab fhéidir nuair a chuirtear na leabhair i gcló iad.

Dúradh gur cheart go mbeadh foras poiblíochta éigin ann i dtreo is go bhfeicfí gurb ann do na leabhair nuafhoilsithe “do shaolré an leabhair féin ón uair a chuirtear i gcló í, nuair atá sí ar na seilfeanna agus don chéad bhliain i ndiaidh don leabhar teacht amach”.

Ní do scríbhneoirí amháin a bheas Aontas na Scríbhneoirí, dar leis an bPóirtéireach, agus táthar ag iarraidh dhá chineál ballraíochta a shocrú do scríbhneoirí agus léitheoirí.

“Socraíodh ar an Satharn an bhallraíocht a fhágáil chomh hoscailte agus is féidir; nach mbeadh aon teorainn ann go gcaithfeadh trí no ceithre leabhar de do chuid a bheith i gcló ná aon rud mar sin ach go mbeadh daoine a bheadh ag blagáil nó ag cur ailt i gcló in irisí ar líne nó i nuachtáin nó fiú amháin daoine ar léitheoirí díograiseacha iad agus go mba mhaith leo cuidiú linn,” a mhínigh sé.

Pléadh go leor eile ag an gcruinniú Dé Sathairn, ó stocaireacht ar fhéilte Béarla ar nós Sheachtain na Scríbhneoirí go feachtas poiblíochta ar na meáin shóisialta.

– Féadfar tuilleadh eolais a fháil ar imeachtaí an Aontais ach teagmháil a dhéanamh le Cathal Póirtéir ag cathalpoirteir@gmail.com.

 

Fág freagra ar 'Bheith istigh faighte ag léitheoirí na Gaeilge in Aontas na Scríbhneoirí'

  • Mise Åine

    ‘Litríocht, léitheoireacht agus scríbhneoireacht na Gaeilge a chur chun cinn’. Go n-éirí go geal leo!