‘A Aire, déan beart réabhlóideach don ghaeloideachas, mar a rinne Donogh O’Malley don oideachas’

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu, iarrfar ar an Aire Norma Foley polasaí oideachais náisiúnta nua a fhorbairt don Ghaeilge taobh istigh de bhliain

‘A Aire, déan beart réabhlóideach don ghaeloideachas, mar a rinne Donogh O’Malley don oideachas’

An Seanadóir Lorraine Clifford-Lee

Iarrfaidh Coiste Oireachtais ar an Aire Oideachais Norma Foley inniu polasaí náisiúnta nua don Ghaeilge a fhorbairt taobh istigh de bhliain.

Glacadh le déanaí ag cruinniú príobháideach de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta go n-éileofaí ar an Aire an polasaí cuimsitheach  atá geallta ag an Rialtais do theagasc agus d’fhoghlaim na Gaeilge.

Déanfar an t-éileamh sin go foirmiúil nuair a thiocfaidh an tAire Foley os comhair an choiste inniu.

Conradh na Gaeilge a d’iarr ar an gcoiste na t-éileamh a dhéanamh ar na Aire.

Tá an polasaí ar cheann de na gealltanais a tugadh sa chlár rialtais a foilsíodh mí an Mheithimh seo caite.

Ghlac baill an chomhchoiste le moladh Chonradh na Gaeilge go gcuirfeadh an tAire tús “láithreach bonn” le próiseas comhairliúchán faoin bpolasaí le go mbeadh sé réidh taobh istigh de bhliain.

Tuigtear go ndéarfaidh an tAire Foley go bhfuil obair réamhphleanála ar siúl ag a Roinn i dtaobh an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee, ball den choiste Oireachtais, go raibh sé i gceist aici a chur in iúl don Aire Foley ag cruinniú an lae inniu go bhfuil “beart réabhlóideach” ag teastáil le hathrú chun feabhais a dhéanamh ar chás na Gaeilge sa chóras oideachais. 

“Ba mhaith liom a chur in iúl di go bhfuil seans aici rud éigin réabhlóideach a dhéanamh i dtaca leis an oideachas Gaeilge, beart mór cosúil leis an méid a rinne Donogh O’Malley.”

Ba iar-aire oideachais de chuid Fhianna Fáil é Donagh O Malley, a thug sé oideachas iarbhunscoile saor in aisce isteach sa stát.

Dúirt Lorraine Clifford Lee go raibh géarghá le polasaí “iomlán” don Ghaeilge sa chóras oideachais ina mbeadh freastal á dhéanamh “ar gach aois”.

“Tá gá le polasaí iomlán don Ghaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal agus tá deis ag an Aire Foley rud éigin mór a dhéanamh chun seasamh na Gaeilge sa tír a fheabhsú. I gcomhthéacs an bhille teanga agus na hearnála poiblí agus an sprioc 20% d’earcaigh nua a bheith ina gcainteoirí líofa caithfimid rud éigin suntasach a dhéanamh.”

Fág freagra ar '‘A Aire, déan beart réabhlóideach don ghaeloideachas, mar a rinne Donogh O’Malley don oideachas’'

  • Rossa Ó Snodaigh

    Nach bhfuil an rialtas fós fé réimeas an plean 20 bliain chun 250,000 cainteoir laethúil a chruthú?
    Sílim go m’bhfearr gur fé na téarmaí seo, mar gur aontaigh gach páirtí leo, a ba chóir aon achainí a dhéanamh le h-aon Aire agus gur a n-áit sa stair an sílín ar a gcíste.