An tAire gan ainm, an colúnaí cráite agus an phleanáil náisiúnta…

An bhfuil sé ar ár gcumas dul i mbun na pleanála náisiúnta i gceart? Gheobhaimid amach amárach...arís....

An tAire gan ainm, an colúnaí cráite agus an phleanáil náisiúnta…

Níor casadh an bheirt atá páirteach sa chomhrá seo a leanas ar a chéile riamh. Go deimhin is daoine samhailteacha go hiomlán iad.

Sin ráite, níl tuairimí na beirte thíos rófhada ó na tuairimí a bhí á nochtadh agus plean caiteachais deich mbliana an rialtais á phlé le cúpla mí.

Foilseoidh an rialtas an plean, chomh maith le leagan leasaithe den Chreatlach Náisiúnta Pleanála, ar a dtugtar ‘Ireland 2040’, i Sligeach amárach, Dé hAoine . Cén fáth gur i Sligeach seachas i mBaile Átha Cliath a sheolfar an dá phlean? Bí ag léamh leat…

AIRE GAN AINM: Tá tú amhrasach. Ní gá ach breathnú ort agus feicim i do shúile cén cineál colúin atá beartaithe agat a scríobh. Lán le searbhas, soiniciúlacht agus tarcaisne. Féach, ní fiú a bheith ag caint leat dáiríre.

COLÚNAÍ CRÁITE: (a lámha san aer): Beidh amhras ann, admhaím go mbeidh, agus údar leis. Níl Teachta Dála san áit seo nár mhol daoibh níos mó a chaitheamh ina dháilcheantar féin – sa Dáil, ar an staighre, sa phasáiste, sa bhialann, sa chlós lasmuigh, nó i ráiteas, i ríomhphost, ar an bhfón, ag cruinniú nó ar dhóigh éigin eile.

Féach, tuigim bhur gcás. Is breá le daoine plean go dtí go bhfaigheann siad amach nach rachaidh sé chun tairbhe dóibh ar bhealach soiléir. Géillfidh sibh, mar a ghéilleann polaiteoirí i gcónaí toisc gur mian leo go dtoghfaí arís iad. Ach ní plean a fhógróidh sibh ach comhréiteach ar mhaithe le vótaí.

AIRE: Ara stop, tá €115 billiún le caitheamh againn in imeacht deich mbliana. Beidh scéimeanna á bhfógairt againn Dé hAoine a rachaidh chun tairbhe do gach duine sa tír: ospidéil nua, scoileanna nua, rúidbhealach nua san aerfort i mBaile Átha Cliath, scéim nua chun tacú le forbairt faoin tuath, mótarbhealach nua idir Corcaigh agus Luimneach…

COLÚNAÍ: …ar chóir a bheith tógtha deich mbliana ó shin, ar a laghad.

AIRE: Aontaím leat, ach cuimhnigh ar staid na tíre in 2008. Ní raibh cent ar fáil le caitheamh ar rud ar bith, dá fheabhas é. Pé scéal é, murar miste leat, beidh cúpla beartas eile á bhfógairt againn a gcuirfidh fiú cnáimhseálaithe Tuairisc.ie fáilte rompu. Tógáil an ospidéil náisiúnta do leanaí…

COLÚNAÍ: Seanscéal.

AIRE: Ceart go leor, ach ní foláir airgead a chur i leataobh lena aghaidh, rud nach ndearnadh fós. Tógáil an Ospidéil Náisiúnta Mháithreachais nua…

COLÚNAÍ: Scéim eile a fógraíodh cheana. Céard faoi ospidéal nua a thógáil i nGaillimh sula dtugann Leo cuairt ar an gceann plódaithe atá ann faoi láthair. Cuimhnigh ar chuairt Enda ceithre bliana ó shin, nuair a dúirt sé go raibh coinníollacha san ospidéal sin  ‘dofhulaingthe’. Labhair le duine ar bith a bhí san áit ó shin. Tá cúrsaí níos measa anois.

AIRE: Beidh ort fanacht go dtí Dé hAoine nuair a neosfar an t-iomlán. Cá raibh mé?  Méadú mór ar thógáil tithe sóisialta. Córas nua teileachumarsáide do na Gardaí. Síneadh ar an DART go Droichead Átha.

COLÚNAÍ: Stop. Tá do sháith ráite agat. Tá a fhios againn go mbeidh seoda den uile chineál á nochtadh agaibh. Ach ní hiad na seoda, na scéimeanna forbartha agus feabhais agus mar sin de, ní mar gheall ar na sonraí sin atáim amhrasach roimh ré.

Is é an fáth go bhfuilim amhrasach nach féidir libhse, ná le rialtas Éireannach ar bith, a admháil nach laghdófar róthábhacht agus róthionchar Bhaile Átha Cliath i gcomparáid leis an gcuid eile den tír, gan tabhairt faoi mhórfhorbairt phleanáilte ar chathair nó dhó eile, seachas ar fud na tíre.

AIRE: Ach thugamar le fios roimhe seo go gcuirfí béim níos mó feasta ar fhorbairt a dhéanamh ar chathracha áirithe: Corcaigh, Luimneach, Port Láirge agus Gaillimh…

COLÚNAÍ: Agus?

AIRE: Agus Sligeach, ar ndóigh, áit a seholfar an dá phlean Dé hAoine. Agus Baile Átha Luain…

COLÚNAÍ: Toisc gur sheas Boxer Moran an fód dá cheantar dúchais. Agus rachaidh sibh go Sligeach toisc go ndúradh libh, tar éis do Leo a rá gur ar na cathracha thuasluaite a dhíreofaí an mhórfhorbairt, nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag Leath Choinn den oileáin.

Tuigimid go léir na fáthanna nach ndearnadh fíor-roghanna pleanála roimhe seo, i 1968 (tuairisc Buchanan) ná in 2002 (Straitéis Náisiúnta Spásúil). Ní raibh duine ar bith i mbun rialtais a bhí toilteanach diúltú don mheon…

AIRE: ‘One for everyone in the audience’? Nach é sin an t-achasán a chaitheann do leithéidse agus, ahem, saoithe eile, linn i gcónaí. Beidh a fhios agat Dé hAoine go raibh tú i bhfad róshoiniciúil. Is é bun agus barr an dá phlean seo ná roghanna dáiríre a dhéanamh…

COLÚNAÍ: Tá tú ag magadh fúm?

AIRE: …agus teacht ar chóimheá – éist, ar feadh cúpla soicind – idir an rogha is gá a  dhéanamh, agus an rogha, níl aon náire orm é a admháil, agus an rogha, a shásóidh daoine ar fud na tíre. Níl náire orm a rá ach oiread go bhfuil leasuithe déanta ar an dá phlean a chabhróidh le hiarrthóirí rialtais sa chéad olltoghchán eile. Ní bheifeá ag súil lena mhalairt. An gá dom a chur i gcuimhne duit arís eile nár toghadh tusa riamh, ná na ‘saoithe’ eile sna meáin ach oiread, agus nach bhfuil bhur dtuarastail bhreátha…

COLÚNAÍ: Ha. Geallaimse duit go bhfuil an cúiteamh taistil a fhaigheann tú ar thuras amháin chun na Dála níos mó ná an táille a íoctar le colúnaithe Tuairisc.ie. Ach coinnigh ort…

AIRE: Níl bhur dteacht isteach ag brath ar bhreith na vótóirí. Féach, ní foláir dom filleadh ar an oifig. Gheall mé go labhróinn le cathaoirleach na comhairle contae arís. Slán!

COLÚNAÍ: Neosfar toradh an chomhrá sin, agus go leor eile lena chois, Dé hAoine. Slán!

Fág freagra ar 'An tAire gan ainm, an colúnaí cráite agus an phleanáil náisiúnta…'