Cinneadh déanta ag an Rialtas reifreann a ghairm faoin Ochtú Leasú

Cinneadh ag cruinniú rialtais anocht go dtabharfaí cead don Aire Sláinte bille a dhréachtú a cheadódh ginmhilleadh sa chéad 12 seachtain den toircheas sa chás go vótálfaí ar son aisghairm an Ochtú Leasú

Cinneadh déanta ag an Rialtas reifreann a ghairm faoin Ochtú Leasú

Tá cinneadh déanta ag an Rialtas tráthnóna reifreann a ghairm faoi aisghairm an Ochtú Leasú ar an mBunreacht agus tá cead tugtha don Aire Sláinte Simon Harris bille reifrinn a dhréachtú a cheadódh ginmhilleadh sa chéad 12 seachtain den toircheas.

Chinn an Rialtas anocht ag cruinniú a mhair ceithre uair an chloig go gcuirfí clásal nua in áit Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht, nó an t-ochtú leasú mar a thugtar air go coitianta, a chuirfeadh ar chumas an Oireachtais reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh ginmhilleadh sa tír seo dá nglacfaí leis an reifreann. Táthar ag súil an reifreann a ghairm ag deireadh mhí na Bealtaine.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar i ndiaidh an chruinnithe gur tháinig athrú ar a mheon féin i leith na ceiste seo de réir mar a dhein sé a mhachnamh fúithi agus dúirt sé gurb í fírinne an scéil ná go raibh ginmhilleadh in Éirinn cheana.

“Tá ginmhealladh againn in Éirinn cheana, ach ní bhíonn sé sábhailte agus bíonn sé neamhrialaithe agus mídhleathach. Ní féidir ár bhfadhbanna a chur thar tír amach ná ár réitigh a fháil thar tír eile isteach a thuilleadh,” a dúirt an Taoiseach. Cinneadh ag an gcruinniú rialtais go dtabharfaí cead don Aire Sláinte bille reifrinn a dhréachtú a cheadódh ginmhilleadh sa chéad 12 seachtain den toircheas sa chás go vótálfaí ar son aisghairm an Ochtú Leasú.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadh sé féin ag tacú le haisghairm an Ochtú Leasú agus go mbeadh sé ag feachtasaíocht ar son an reifrinn.

Aontaíodh chomh maith ag an gcruinniú Rialtais go mbeadh an reifreann ann go luath sa samhradh, ach ní bheidh dáta cinnte socraithe go dtí lá níos faide anonn nuair a bheidh glactha ag an Dáil agus an Seanad leis an reachtaíocht is gá chun reifreann a reáchtáil.

Cé gur aontaigh an Taoiseach agus a chuid airí rialtais tráthnóna go dtabharfaí cead don Aire Harris reachtaíocht a dhréachtú a cheadódh ginmhilleadh sa chéad 12 seachtain den toircheas, is faoi na hairí féin a bheidh sé rogha a dhéanamh faoin ról a ghlacfaidh siad i bhfeachtas an reifrinn. Tuairiscítear go ndúirt an Tánaiste Simon Coveney ag cruinniú na hoíche anocht go bhfuil sé ar son aisghairm an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, ach nach mbeadh sé ag tacú le ceadú ginmhilleadh sa chéad 12 seachtain den toircheas.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag an Rialtas reifreann a ghairm faoin Ochtú Leasú'