Is deacair fiacla a chur i gcúl corráin. Is éard a chiallaíonn sé gur cur amú ama a bheith ag argóint le hamadán. B’fhéidir gurb ea ach tá contúirt eile ag baint le bheith ag sárú ar a leithéid de dhuine freisin agus ’sé sin go bhféadfadh sé aisfhreagra sách géar a thabhairt ort.
Is fada ráite é gur fiacail con, dealg láibe agus focal amadáin na trí ní is géire ar bith.
Is iontach go deo na leaganacha atá ar an bhfocal amadán sa nGaeilge. Seo cuid bheag acu: amaid, baothán, gaimse, gamal, leibide, óinmhid, pleidhce, simpleoir, dundarlán, lúmaire, dallamlán, ainbhiosán, graoisín, bobarún, bobaide, leathcheann, aerthóir, stualán.
Sin iad na fir. Ní thosóidh mé ar na mná. Níl sé de mhisneach agam é a dhéanamh agus b’fhéidir gurbh fhearr dom gan iad a tharraingt orm.
‘Is deacair fiacla a chur i gcúl corráin’. Nach deas é?
seainin
‘pleota’, ‘leamhairic’ etc.
Ceard e leath-amadán mar sin meas tu?
Seosamh Ó Cuaig
Céard é half-wit an Bhéarla?