Measann 73% den phobal nach bhfaigheann Éireannaigh thar lear dóthain tacaíochta ón dtír seo, ach ní chreideann ach 40% dínn gur cheart níos mó tacaíochta a thabhairt do lucht iarrtha tearmainn a thagann go hÉirinn.
De réir phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown tá 38% den phobal den tuairim nár cheart a thuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do lucht iarrtha tearmainn anseo.
21% atá idir dhá chomhairle nó gan tuairim faoin gceist.
I measc na ngrúpaí is mó a chreideann nár cheart breis tacaíochta a thabhairt do lucht iarratha tearmainn, tá daoine san aoisghrúpa 23-34 bliain d’aois (46%); feirmeoirí (45%); daoine idir 35 agus 44 bliain d’aois (42%); agus daoine a bhfuil cónaí orthu in áiteanna eile i gCúige Laighean seachas Baile Átha Cliath (51%).
Ar na grúpaí is mó a chreideann gur cheart níos mó tacaíochta a thabhairt do lucht iarrtha tearmainn, tá mná (43%); daoine idir 55 agus 64 bliain d’aois (50%); daoine idir 45 agus 54 bliain d’aois (44%); agus daoine meánaicmeacha (AB – 49%).
Bhí líon na ndaoine a chreid gur cheart níos mó tacaíochta a thabhairt do lucht iarrtha tearmainn níos airde chomh maith i measc an lucht oibre (45%) agus i measc daoine a bhfuil cónaí orthu (52%) i mBaile Átha Cliath (52%).
Dúirt formhór mór de rannpháirtithe phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown, a bhfuil an chuid deiridh di á foilsiú inniu againn, nach dtugtar dóthain tacaíochta anseo sa bhaile d’Éireannaigh thar lear.
77% a aontaíonn leis an ráiteas gur cheart don tír seo níos mó a dhéanamh ar son na n-imirceoirí Éireannacha atá imithe uainn ar thóir saoil níos fearr.
Níl ach 11% de dhaoine ann a cheapann nár cheart go gcuirfí níos mó tacaíochta ar fáil d’Éireannaigh a bhfuil an tír fágtha acu. Tá 16% den phobal gan tuairim nó idir dhá chomhairle faoin gceist.
Fág freagra ar 'I bhfad Éireann níos mó tacaíochta dár gcuid féin'