Tá Trevor Ó Clochartaigh (SF), as Conamara, atofa ina Sheanadóir. Toghadh Ó Clochartaigh chun an 25ú Seanad ar maidin ar an rolla Talmhaíochta. Ar an dara comhaireamh a toghadh é.
Tháinig Ó Clochartaigh sa tríú háit sa chéad chomhaireamh, agus ba é an dara duine toghadh i ndiaidh a chomhghleacaí Rose Conway-Walsh, comhairleoir contae de chuid Shinn Féin as Maigh Eo.
Is é seo an dara huair ag Ó Clochartaigh a bheith tofa ina Sheanadóir. Níor éirigh leis suíochán Dála a fháil i nGaillimh Thiar san Olltoghchán níos luaithe i mbliana.
Tá Ó Clochartaigh ar dhuine de na polaiteoirí is mó a thugann aird ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i dtithe an Oireachtais agus tá sé ina urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta ag Sinn Féin.
Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ina chónaí ar an gCeathrú Rua i gConamara agus bhíodh sé ag plé le cúrsaí teilifíse agus drámaíochta agus cúrsaí pobail sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht.
Fág freagra ar 'Suíochán Seanaid buaite ag Ó Clochartaigh'