Mallacht Pháirc Thuamhan agus scéalta móra eile spóirt na deireadh seachtaine amach romhainn

A gcéad bhua le beagnach 30 bliain do Chúige Chonnacht i Luimneach? Buaiteoirí nua i gCraobhacha na gCúigí? Céard is tábhachtaí le lucht leanúna Manchester Utd, an toradh nó an taispeántas?

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Cúige Chonnacht ag iarraidh deireadh a chur le mallacht Pháirc Thuamhan

go bhfuil na Connachtaigh ag déanamh thar barr go dtí seo i mbliana, iad ar bharr tábla an Pro12, beidh a gcuid leantóirí imníoch faoi chluiche na deireadh seachtaine seo. Ní díreach mar gheall go bhfuil siad ag tabhairt aghaidh ar Chúige Mumhan, atá sa dara háit sa tábla, ach mar gheall go bhfuil an cluiche i bPáirc Thuamhan, áit nach bhfuil bua faighte ann ag fir an iarthair le beagnach 30 bliain.

Ba é an 22 Samhain 1986 an uair dheireanach a thug na Connachtaigh an lá leo i Luimneach agus is iomaí drochlá acu ann ó shin. Den fhoireann a bhuaigh i gcoinne Brive sa Sportsground an tseachtain seo caite, ní raibh ach beirt, Ronan Loughney agus Nathan White, a bhí ar an saol an lá stairiúil sin i bPáirc Thuamhan, nuair a bhuaigh na Connachtaigh 11-9. Dá n-éireodh leo an toradh céanna a fháil an Satharn seo, thabharfadh sé spreagadh iontach d’imreoirí Pat Lam agus cluichí móra eile le teacht le linn na Nollag.


INPHO/Cathal Noonan
INPHO/Cathal Noonan

Roinnt contaetha ag iarraidh deireadh a chur leis an ngorta i gCraobhacha na gCúigí

Ag caint ar dheireadh a chur leis an ngorta, is í an aidhm chéanna a bheidh ag roinnt clubanna atá páirteach i gcluichí ceannais na gcúigí an deireadh seachtaine seo. Cé go bhfuil seantaithí ag Raonaithe Nemo agus Raonaithe na Croise ar chraobh an chúige a bhuachan, níl sé buaite riamh ag Abhallort-An Bealach, Cuala nó ag Na Tráchtálaí, Cluain Meala.

go bhfuil craobh peile Uladh buaite ag Baile an Scotaigh, a bheidh ag tabhairt aghaidh ar Raonaithe na Croise, níl an beart déanta ó 1989 aci.

hamháin nach bhfuil taithí ag na clubanna áirithe seo ar chraobh an chúige a bhuachan, tá tamall fada ó bhuaigh aon fhoireann óna gcontaetha craobh an chúige. Cé go raibh Abhallort-An Bealach i gceithre cinn de chluichí ceannais le gairid, chaill siad gach ceann acu. B’iad Ráth an Iúir, thiar i 1998, an fhoireann dheireanach ó Loch Garman a bhuaigh craobh Laighean. Tá an gorta níos faide fós sa bpríomhchathair agus 36 bliain caite ó bhuaigh Cromghlinne i 1979. Dá mbuafadh Cluain Meala ar Raonaithe Nemo ar an Domhnach, bheidís ar an gcéad fhoireann ó Thiobraid Árann chun Corn Mhicheál Uí Chonchúir a ardú.


INPHO/Lorraine O'Sullivan
INPHO/Lorraine O’Sullivan

Louis Van Gaal: Saoi nó daoi?

Agus foireann Manchester Utd ag fágáil páirc Old Trafford ar an gCéadaoin i ndiaidh an chomhscóri in aghaidh PSV, ba mhaith a bhí an frustrachas i measc an tslua le haireachtáil. Dá mbuafadh Utd aréir, bheidís cáilithe don chéad bhabhta eile de Shraith na gCuradh agus is léir gur cheap a lucht tacaíochta go raibh siad sách maith chun an beart a dhéanamh.

Tugann taispeántas na hoíche aréir tuilleadh ábhar cainte dóibh siúd atá ag cur agus ag cúiteamh le tamall faoi Louis Van Gaal agus an stíl imeartha atá in úsáid aige. Le roinnt seachtainí anuas, tá de nós ag an slua “Ionsaígí, ionsaígí, ionsaígí,” a bhéiceadh mar fhreagra ar an stíl chosantach, choimeádach atá in úsáid ag Van Gaal. Dá mba aon bhainisteoir eile a bheadh ann, b’fhéidir go ngéillfidís don bhrú ach tá Van Gaal chomh muiníneach agus chomh ceanndána sin gur cuma leis céard atá á rá ag éinne.

Thuigfeá chomh maith. Má bhuann United in aghaidh Leicester ar an Satharn, beidh siad ar bharr na Príomhroinne. Is í an fhadhb atá ag Van Gaal ná go bhfuil taithí ag lucht leanúna United ar bheith ar bharr an tábla. Thug siad fiche bliain faoi Alex Ferguson agus ceannas nach mór iomlán acu ar an tsraith. Ní leor do Van Gaal cluichí a bhuachan; caithfidh sé an méid sin a dhéanamh agus an slua a shásamh chomh maith.

Fág freagra ar 'Mallacht Pháirc Thuamhan agus scéalta móra eile spóirt na deireadh seachtaine amach romhainn'