Easpa cruthaitheachta na hÉireann agus ceachtanna eile ó Chorn an Domhain

Féachann Tuairisc.ie ar a raibh le foghlaim againn ó Chorn an Domhain agus ó theip na n-Éireannach i gcluiche ceathrú ceannais arís

INPHO/Dan Sheridan
Ian Madigan. INPHO/Dan Sheridan

Easpa cruthaitheachta ag cur as d’ionsaí na hÉireann

Ar an Satharn, rinne an Nua-Shéalainn scrios iomlán ar an bhFrainc i Caerdydd agus bua beagnach 50 pointe acu ar fhoireann Philippe Saint-André. Ba é an rud ba shuntasaí faoin taispeántas ná cumas thosaithe na Nua-Shéalainne agus seilbh na liathróide acu. Is minic a bhí siad le feiceáil ar an gcliathán agus iad ag tabhairt pasanna uathu agus an liathróid taobh thiar dá ndroim.

B’in a bhí le feiceáil ó fhoireann na hAirgintíne sa chomórtas go dtí seo chomh maith agus lean siad orthu ar an gcaoi sin ar an Domhnach. Bhí cuma níos compordaí ar húcálaí na ‘Pumas’, Augustín Creevy, agus seilbh na liathróide aige ná mar a bhí ar chuid mhaith de chúlaithe na hÉireann.

Is í an fhadhb atá ann ná go mbraitheann siad an oiread sin ar chiceáil Johnny Sexton agus Conor Murray chun dul chun cinn a dhéanamh ar an bpáirc. Tháinig Madigan isteach ar an Domhnach agus ní bhaineann sé úsáid as an gcic leath chomh minic. Mar gheall air sin, bhí ar Éire seilbh na liathróide a choinneáil agus nuair a tharlaíonn sin, bíonn sé ró-éasca léamh ar imirt na hÉireann.

Ceithre bliana ó shin, bhí míchlú ar an Airgintín mar fhoireann nach raibh compordach agus seilbh na liathróide acu. Tá sé sin athraithe go hiomlán acu ó shin agus má tá Éire ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i gCorn an Domhain, caithfidh siad sampla na hAirgintíne a leanacht.

INPHO/Billy Stickland
Chris Henry agus Iain Henderson. INPHO/Billy Stickland

Taispeántais Henderson mar bhuaicphointe i ndroch-chomórtas

Pé rud a tharla i gCorn an Domhain, bhí a fhios againn chomh luath agus a bheadh sé thart, go mbeadh deireadh le laethanta Paul O’Connell i ngeansaí na hÉireann. Cé gur tharla sé sin níos luaithe ná bhí mar a bhí muid ag súil leis, ba é imeacht O’Connell ba chionsiocair le ceann den bheagán dea-scéalta a bhí againn – taispeántas Iain Henderson.

Tá an tUltach thart le cúpla bliain ach toisc go raibh O’Connell, dar ndóigh, agus Devin Toner roimhe, níor imir sé chomh minic b’fhéidir agus a bhí sé ag iarraidh. Le cúpla seachtain anuas, áfach, tá cumas an Ultaigh feicthe againn agus é ag bláthú i ngeansaí na hÉireann.

Dealraíonn sé a bheith chomh láidir céanna le Toner sa síneadh amach ach tá sé níos éifeachtaí ar an ionsaí ná an Laighneach. Gan é ach 23 bliana d’aois, bheadh sé míréasúnta a shamhlú go mbeidh Henderson in ann áit O’Connell a líonadh gan stró, ach tá tús maith déanta aige.

Richie McCaw agus Kieran Read. INPHO/Photosport/Grant Down
Richie McCaw agus Kieran Read. INPHO/Photosport/Grant Down

Níl meas madra ag an leathsféar theas orainn fós

Cé go raibh rath ar Éirinn i gCraobh na Sé Náisiún le roinnt blianta anuas, agus muid ag ceapadh go bhfuil muid ar cheann de mhórfhoirne rugbaí an domhain dá bharr, fós tá an chosúlacht air nach bhfuil an oiread sin measa ag foirne an leathsféir theas orainn. Agus i bhfianaise chluiche an Domhnaigh, ní haon iontas é.

Ní thugtar mórán airde ar Chraobh na Sé Náisiún sa taobh sin den domhan agus cuirtear an bhéim uile ar Chorn an Domhain. Sin an fáth go bhfuil an oiread sin ómóis acu don Fhrainc, foireann a bhí go hainnis i gCraobh na Sé Náisiún le tamall anuas ach a mbíodh an cumas iontu gaisce gan choinne a dhéanamh ag Corn an Domhain.

Seacht n-uaire a cháiligh Éire óna ngrúpa ag Corn an Domhain ach fós níl cluiche díbeartha buaite againn sa chomórtas. Go dtí go mbeidh sé sin ar a laghad déanta againn, ní bheidh meas madra ag muintir an leathsféir theas orainn.

Sean O'Brien. INPHO/Dan Sheridan
Sean O’Brien. INPHO/Dan Sheridan

Pé rud faoi ghortuithe, tá dúire do-mhaite

Cé go mbeidh cuid mhaith d’imreoirí na hÉireann in ísle brí ar feadh tamaill tar éis dóibh cliseadh ag Corn Domhain eile, seans go dtógfaidh sé níos faide ar Sheán O’Brien teacht chuige féin ná mar a thógfaidh sé ar aon cheann de na himreoirí a bhí ar an bpáirc inné.

Cé go raibh mí-ádh ar Éirinn leis an líon imreoirí a gortaíodh i rith an chomórtais, amaidí ba chúis le O’Brien a bheith amuigh don chluiche ceathrú ceannais. Ní raibh ach 23 soicind imeartha i gcoinne na Fraince nuair a tharraing an Laighneach dorn ar Pascal Papé agus, pé rud faoi mhíshásamh mhuintir na tíre seo le fianaise an Fhrancaigh ag an éisteacht smachta, ní féidir gníomh O’Brien a chosaint.

Ar an bpáirc inné, bhí an neart atá ag O’Brien i measc na rudaí is mó a d’airigh foireann na hÉireann uathu. Chomh maith leis an obair a dhéanann sé ag an ruc, tá O’Brien ar cheann de na himreoirí is éifeachtaí atá againn ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh agus seilbh na liathróide aige. Beidh fear Cheatharlach 32 faoin am a dtiocfaidh an chéad Chorn Domhain eile agus is deacair a rá an mbeidh seans eile aige.

Fág freagra ar 'Easpa cruthaitheachta na hÉireann agus ceachtanna eile ó Chorn an Domhain'