B’fhearr freagra a thabhairt ar dhaoine a thugann dúshlán don chomhdhearcadh seachas iad a náiriú

Tá damáiste suntasach á dhéanamh do gheilleagar na hEorpa agus gan mórán feabhais ar chúrsaí i gcogadh na hÚcráine in aghaidh na Rúise

B’fhearr freagra a thabhairt ar dhaoine a thugann dúshlán don chomhdhearcadh seachas iad a náiriú

Donald Tusk

Le seachtain anuas, tá iarracht ar coup bunreachtúil curtha i leith Donald Tusk sa Pholainn agus tá teannas mór san Úcráin faoin liostáil éigeantach.

Má bhí aon amhras riamh faoi chlaonadh ár bpreas, ba é an easpa scéalta faoi na cúrsaí seo é. Agus fiafraíonn siad cén fáth a bhfuil daoine ag dul áit eile lena gcuid nuachta agus eolais?

Scéal eile nár thug RTÉ nó meáin na hÉireann dóthain airde air ná na cainteanna idir príomh-aire na hIorua, Jonas Gahr Store agus Uachtarán na Fionlainne, Alexander Stubb, le huachtarán na Rúise, Vladimir Putin.

Ní hé gur tháinig mórán as an gcaint uair a chloig go leith – tuairiscítear go raibh se sách teasaí –  ach ba é an chéad iarracht í ar thaidhleoireacht i dtaobh chogadh na hÚcráine, ó aon Eorpach, le bliain anuas.

Is cosúil go bhfuil amhras ar roinnt ceannairí Eorpacha go bhfuil an Eoraip fágtha taobh amuigh agus taidhleoireacht ar siúl idir Meiriceá agus an Rúis faoin gcogadh.

Ní raibh aon rud nua le moladh ag an mbeirt seo.  Bhí siad ag iarraidh go nglacfadh an Ruis le saighdiúirí ó NATO ar chríocha na hÚcráine – ach is é a leithéid a spreag an cogadh ar an gcéad dul síos, is níl seans ar bith go nglacfadh an Rúis leis.

Mar sin féin, chuir an iarracht taidhleoireachta seo fearg agus imní ach go háirithe ar na poblachtaí Baltacha atá ag iarraidh go bhfanfadh an an Eoraip glan aon taidhleoireacht is go leanfaí leis an gcogadh.

Ach is cosúil go bhfuil athrú intinne ag éirí níos forleithne agus go bhfuil pobail na hEorpa ag éirí tuirseach den Úcráin, is den síorchaiteachas ar an gcogadh.

Sular labhair Store is Stubb le Putin, bhí Bart de Wever, dúirt príomh-aire na Beilge go poiblí nach féidir leis an Eoraip íoc as an gcogadh a thuilleadh is gur chóir labhairt leis an Rúis.

I dtoghchán na Seirbia cuireadh an rialtas a bhí pro-Rúiseach as oifig, dhearbhaigh an páirtí a bhuaigh an toghchán go seasfaidís leis an Rúis freisin.

Agus sa Bhulgáir toghadh uachtarán atá fabhrach don Ruis freisin.

Ar ndóigh, chun an Úcráin a mhaoiniú tá roinnt stát ag gearradh siar ar chaiteachas sóisialta – beart nach dtaitníonn rómhaith le an-chuid saoránach.

I gcás na hÉireann, tá €550 milliún tugtha cheana don Úcráin, is tá €125 milliún breise geallta ag an rialtas i mbliana.

Tá an Ghearmáin i ndiaidh ar a laghad €45 billiún a thabhairt, €25 billiún a thug an Bhreatain, $175 billiún atá caite ag na Stáit Aontaithe agus €115 billiún a bhí ann i gcás an Aontais Eorpaigh.

Leis na suimeanna móra airgid sin, d’éirigh leis an Úcráin moill a chur ar ghluaiseacht chun cinn na Rúiseach, ach níor éirigh leo taoide an chogaidh a chasadh.

Is é freagra an chomhdhearcaidh Eorpaigh ná níos mó airgid a thabhairt, níos mó smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, agus an Eoraip a leithlisiú níos mó agus níos mó ón Rúis. An toradh ná go bhfuil damáiste suntasach á dhéanamh do gheilleagar na hEorpa agus gan mórán feabhais ar chúrsaí i gcogadh na hÚcráine in aghaidh na Rúise.

An eagla go ndéanfaí an Eoraip a bhrú ar leataobh mar gheall ar an taidhleoireacht idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis a spreag iarracht Jonas Gahr Store agus Alexander Stubb, ach tá an Bhruiséil ag cloí go docht leis gcomhdhearcadh reatha  – agus Éire in éineacht léi.

De réir cosúlachta, ní ábhar imní é go bhfuil an beartas seo ag teip. Ach is ábhar imní é do shaoránaigh na hEorpa, agus is féidir a bheith ag súil go dtiocfaidh méadú ar an mbrú ón bpobal.

Is é an bealach is éasca chun comhdhearcadh a chosaint ná gach ceist a a chur in iúl mar streachailt idir maith agus olc. Nuair a dhéantar easaontas polaitiúil de cheisteanna morálta, is féidir iad siúd a thugann dúshlán don chomhdhearcadh a náiriú seachas freagra a thabhairt orthu.

Má dhéantar rogha idir an tsaoirse agus an t-impiriúlachas de gach ceist, bíonn sé i bhfad níos éasca labhairt le haon ghuth amháin. Is cuid den phróiseas seo é gan aird ar bith a thabhairt ar ghearáin na Rúise faoina gcuid slándála féin. Agus gan slándáil don Rúis is don Eoraip i gcoitinne ní bheidh síocháin ar bith ann.

Is mura bhfuil síocháin ar na bacáin, céard eile atá romhainn ach an chogaíocht– agus cogadh núicléach ag deireadh thiar.

Fág freagra ar 'B’fhearr freagra a thabhairt ar dhaoine a thugann dúshlán don chomhdhearcadh seachas iad a náiriú'