Ba bheag nár thit mé as mo sheasamh maidin Dé Luain nuair a tháinig mé amach as m’árasán agus nuair a chas mé cúinne na sráide.
Ansin a bhí sí, ar bharr thúr an Lange Jan, atá 90.4 méadar ar airde agus a bhíonn le feiceáil ó gach cearn de chathair Middelburg agus go deimhin ó gach cearn d’oileán Walcheren a bhfuil an chathair sin ina lár, bratach mhór mhillteach tuar ceatha.
Bhí cuid mhór den ionadh orm toisc gur túr eaglaise (ceann Protastúnach) atá sa Lange Jan (‘Seán Ard’). Ní dóigh liom go bhfaca mé bratach tuar ceatha – gan trácht ar cheann a bhí chomh mór le páircín beag peile – ar foluain ar shéipéal d’aon chineál cheana.
Ba mhó fós an t-ionadh a bhí orm toisc gur ceantar sách creidmheach é Zeeland, an contae in iardheisceart na hÍsiltíre arb í Middelburg a phríomhchathair; Caitlicigh ó dheas in aice le teorainn na Beilge agus Protastúnaigh – mórchuid ball de na heaglaisí Protastúnacha leasaithe (.i. fíorchoimeádacha) ina measc – sa chuid eile. Go deimhin nuair a bhog mé go cathair Middelburg san earrach, d’fhiafraigh níos mó ná duine amháin díom an raibh mé cinnte gur theastaigh uaimse, fear aerach, bogadh go dtí an taobh sin tíre.
Agus caithfidh mé a admháil gur mhothaigh mé cnap i mo scornach nuair a chonaic mé bratach an tuair cheatha ar an Lange Jan.
Go dtí le gairid, bhí mé den tuairim nach raibh gá leis an gcroitheadh bratacha sin ar fad, in iarthar na hEorpa pé scéal é.
Ach tá athrú intinne orm ó bhí sé sna ceannlínte san Ísiltír, a bhíodh ar cheann de na tíortha ba liobrálaí ar domhan tráth dá raibh, go bhfuil titim 2 faoin gcéad le hais mar a bhí 5 bliana ó shin ar líon na nÍsiltíreach a bhfuil glacadh acu leis an bpobal LADT+ – ach go bhfuil an titim sin chomh mór le 50 faoin gcéad i measc na bhfear in aois mheánscoile (idir 12 agus 16 bliana d’aois.)
Thug sé ugach dom an bhratach tuar ceatha sin a fheiceáil ar foluain go hard os cionn na cathrach, fiú i ndiaidh dom a fháil amach nár crochadh i dtúr na heaglaise an lá roimhe sin í, an Lá Idirnáisiúnta Teacht Amach, toisc gur Domhnach a bhí sa lá sin.
Ní hé nár mhothaigh mé ar mo shuaimhneas cheana féin i mo chathair nua – a mhalairt ar fad, mothaím go bhfuilim sa bhaile – ach má bhím go hiomlán ionraic liom féin, mhair cuid den réamhchlaonadh sin faoi mhuintir Zeeland a bhíonn ag daoine sa chuid eile den Ísiltír ionamsa freisin, gur dream thar a bheith creidmheach agus, uaireanta, cúngaigeanta iad muintir na Séalainne.
Agus an bhratach tuar ceatha ar foluain ar bharr na heaglaise is mó sa chontae ar fad, mhothaigh mé go raibh fáilte romham – ní hamháin mar dhuine, ach mar dhuine LADT+.
Ach rith ceist liom nuair a chas mé an chéad chúinne eile agus nuair a d’imigh an Lange Jan as radharc.
Cén uair a fheicfidh muid bratach an tuair cheatha ar bharr shéipéil Chaitliceacha?
Nó ar mhosc?
Fág freagra ar 'Cén uair a fheicfimid bratach an tuair cheatha ar bharr shéipéil Chaitliceacha … nó ar mhosc?'