Ní bhfuair TG4 aon ardú i mBuiséad 2027, an chéad uair le 10 mbliana nach bhfuair an stáisiún aon ardú sa bhuiséad.
€65.4 milliún a bheidh ag TG4 an bhliain seo chugainn, an maoiniú céanna a tugadh don stáisiún do 2026.
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, go raibh “an díomá” faoin bhfógra.
“Tráth a bhfuil spéis thar na bearta sa nGaeilge agus a bhfuil éileamh níos mó ná riamh ar ábhar Gaeilge, is cúis mhór díomá dúinn nachbhfuil méadú ar mhaoiniú TG4 i mBuiséad 2027.
“Níl an cinneadh ag teacht ar chor ar bith leis an luach a bhaineann an pobal as TG4, luach atá cruthaithe leis an ardú leanúnach atá ar an lucht féachananá leis an méid a chuireann TG4 leis an ngeilleagar.
“Is ionann seo agus deis curtha amú chun infheistíocht a dhéanamh i seirbhís a chuireann spriocanna cultúir, sóisialta agus eacnamaíocha i gcrích.
“Beidh impleachtaí ag an gcinneadh seo ar TG4 in 2027 agus beidh orainn é a mheas anois i dtaobh ár gcuid pleananna agus spriocannastraitéiseacha don bhliain amach romhainn.”
Ardú €5.4 milliún a fuair TG4 i mBuiséad 2026, cuid de a bhí le caitheamh ar chur lena soláthar nuachta agus seirbhís nuachta ar líne a bhunú.
Ardú €7.3 milliún a fógraíodh do TG4 i mBuiséad 2027 leis an gcainéal nua do dhaoine óga Cúla4 a bhunú.
Tá ardú faighte ag TG4, atá ag ceiliúradh 30 bliain a bhunaithe Oíche Shamhna, i ngach buiséad ó 2016 i leith. €32.5 milliún a bhí ag an stáisiún an bhliain sin, rud a fhágann go bhfuil ardú breis is 100% tagtha ar bhuiséad an stáisiúin ó shin.
D’fhógair an tAire Cumarsáide Patrick O’Donovan tráthnóna chomh maith nach raibh aon phingin bhreise le fáil ag RTÉ don bhliain seo chugainn. €240 milliún a bheidh ag RTÉ arís in 2027.
€11 milliún breise a lorg TG4 sa bhuiséad, rud a d’fhágfadh €76.4 milliún sa bhliain ag an stáisiún ina bhfuil 130 duine fostaithe. €3.3 milliún a lorgaíodh mar infheistíocht i gcúrsaí nuachta in 2027.
Chaithfí €1.9 milliún de sin ar uasghrádú a dhéanamh ar an stiúideo nuachta i gceannáras an stáisiúin i mBaile na hAbhann i nGaeltacht Chonamara.
Rinne Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge cáineadh ar an méadú beag don teanga i mBuiséad 2027, a fógraíodh inné.
Méadú níos lú ná €1 milliún a fógraíodh inné i mBuiséad 2027 don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, ó €160 milliún go dtí €160.8 milliún.
Dúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary go raibh an “deis” ann “ardú mór” a dhéanamh ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta anuraidh ach nach raibh an deis chéanna i mbliana aige. Bhí súil aige, a dúirt sé, go mbeadh a mhalairt de scéal arís ann an bhliain seo chugainn.
Ach dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur mhaígh an t-aire um an dtaca seo anuraidh nach raibh sa mhéadú suntasach ar phota na teanga a fógraíodh i mBuiséad 2026 ach “an chéad chéim” agus, in áit sin, gur “céim siar” a bhí sa mhéad a fógraíodh inné.
Fág freagra ar 'Ardú ar bith do TG4 sa bhuiséad den chéad uair le deich mbliana'