Bhí toscaireacht ó Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i láthair ag ciorcal comhrá a reáchtáladh i bpuball an phobail ar bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin inniu.
An tseachtain seo a chuaigh thart a seoladh Chraobh Phort an Dúnáin, craobh úrnua de Chonradh na Gaeilge. An tseachtain seo b’éigean don chraobh nua na chéad ranganna Gaeilge a bhí le reáchtáil acu a chur ar ceal mar gheall ar an chonspóid faoi mhaisreáil an Oird Oráistigh i bPort an Dúnáin.
Dúirt Ciarán Ó Fearghail, Cathaoirleach Chraobh Phort an Dúnáin de Chonradh na Gaeilge, gur scríobh siad chuig Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge “ag impí orthu toscaireacht éigeandála” a chur chucu.
“B’údar mór spreagtha dúinn gur tháinig an Chraobh agus an eagraíocht náisiúnta, le hionadaithe ón Choiste Chúige agus Comhaltas Uladh, le chéile ag clubtheach CLG Thír na nÓg ar an bhóthar,” a dúirt Uí Fhearghail.
“Bhí lúcháir mhór orainn ciorcal comhrá á chur ar siúl anseo ag barr an chnoic ar Bhóthar Gharbhachaidh agus tá muid go mór faoi chomaoin ag Ionad Uíbh Eachach as Béal Feirste a thug imeacht s’acu – Aoine na Gaeilge, ar camchuairt chugainn inniu.”
“An t-am seo an tseachtain seo caite sheol muid ár gcraobh nuabhunaithe de Chonradh na Gaeilge agus chláraigh breis agus 100 duine ón cheantar lenár ranganna Gaeilge,” a dúirt sé le Tuairisc.
Dúirt sé go raibh “teachtaireacht aontaithe” ag an gciorcal comhrá go seasfadh pobal na Gaeilge “i ndlúthpháirtíocht” agus iad ag iarraidh “pobal Gaeilge a thógáil sa cheantar, saor ó imeaglú, fhuath agus leatrom”.
Is é seo an séú lá go bhfuil slua mór léirsitheoirí bailithe ar Bhóthar Gharbhachaidh mar agóid in éadan an chinnidh paráid an Oird Oráistigh a cheadú síos an bóthar den chéad uair ó 1997.
Bhuail ionadaithe an Oird Oráistigh agus Breandán Mac Cionnaith, príomhionadaí Ghrúpa Aitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh, le Státrúnaí an tuaiscirt Chris Bryant i gCaisleán Chromghlinne aréir agus iad ag iarraidh teacht ar réiteach.
Ag labhairt dó, le tuairisceoirí i ndiaidh an chruinnithe, dúirt Bryant gur dóigh leis gurbh é seo “deireadh leis na comhráití seo” agus gur “mór an trua é” nach raibh siad ábalta teacht ar chomhaontú.
Bhí achomharc a rinne áitritheoirí ó Bhóthar Gharbhachaidh in aghaidh an chinnidh go gceadófaí don pharáid dul síos Bóthar Gharbhachaidh le héisteacht inniu ach cuireadh siar go dtí an Luan é.
Fág freagra ar '‘Ciorcal comhrá’ eagraithe ag Conradh na Gaeilge ar Bhóthar Gharbhachaidh'