Éamonn Fitzmaurice le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann peile na Gaillimhe

Tá Fitzmaurice le teacht i gcomharbacht ar Phádraic Joyce agus peileadóirí na Gaillimhe ag fanacht ó 2001 ar Chraobh na hÉireann a bhuachan

Éamonn Fitzmaurice le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann peile na Gaillimhe

Tá sé fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe go bhfuil Éamonn Fitzmaurice le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann sinsir peile an chontae. 

Tuairiscíodh inné gurb é an Ciarraíoch rogha na coitiantachta chun teacht in áit Phádraic Joyce mar bhainisteoir agus tá sé deimhnithe anois go bhfuil Fitzmaurice le ceapadh. Tá sé fógartha gur téarma trí bliana atá aontaithe ag Fitzmaurice le Gaillimh. 

D’fhógair Joyce ag tús mhí Mheán Fómhair go raibh sé ag éirí as mar bhainisteoir tar éis dó seacht mbliana a chaitheamh i gceannas ar a chontae dúchais. 

Bhuaigh Éamonn Fitzmaurice trí cinn de chraobhacha uile-Éireann agus é ag imirt le foireann sinsir Chiarraí agus chaith sé sé bliana i gceannas ar fhoireann na Ríochta idir 2013 agus 2018. Bhí sé i gceannas nuair a bhuaigh Ciarraí Craobh na hÉireann in 2014 agus thugadar leo craobh na Mumhan i ngach ceann de na sé bliana a bhí aige mar bhainisteoir. 

Éamonn Fitzmaurice le Corn Mhig Uidhir. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Níor ghlac Fitzmaurice ceannas ar aon fhoireann idirchontae ó d’éirigh sé as in 2018 agus bhain sé cáil amach as a chuid anailíse agus tráchtaireachta ar an bpeil do RTÉ agus don Irish Examiner. 

Bhí sé freisin ar an gCoiste Athbhreithnithe Peile de chuid CLG a d’fhiosraigh agus a mhol na rialacha nua peile a cuireadh i bhfeidhm anuraidh. 

As Leic Snámha i dtuaisceart Chiarraí do Fitzmaurice agus tá sé ina phríomhoide ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean. Bhí Fitzmaurice ag múineadh staire, tíreolaíochta agus Gaeilge sa scoil ó 2001 agus tháinig sé i gcomharbacht ar Phádraig Firtéar mar phríomhoide in 2018. Bhí baint mhór ag Fitzmaurice le foirne peile na pobalscoile a bhuaigh craobhacha uile-Éireann in 2014 agus 2015. 

Bhí baint ag Fitzmaurice le hullmhú roinnt foirne i gCiarraí chomh maith, An Fosadh agus a chumann áitiúil Fionnúig ina measc. 

Meastar foireann na Gaillimhe ar cheann de na cinn is láidre sa tír. Shroich Gaillimh cluichí ceannais na hÉireann in 2022 agus 2024 faoi cheannas Phádraic Joyce ach níl Craobh Peile na hÉireann buaite ag an gcontae ó 2001. Bhí Éamonn Fitzmaurice mar chuid d’fhoireann Chiarraí a bhuaigh ar Ghaillimh i gcluiche ceannais 2000.  

Fág freagra ar 'Éamonn Fitzmaurice le ceapadh ina bhainisteoir ar fhoireann peile na Gaillimhe'