AN GHEARMÁIN: ‘Tubaiste’ do Merz, tuilleadh dul chun cinn déanta ag an eite fhíordheis

Tá páirtí an tSeansailéara faoi bhrú millteanach tar éis dó an toradh is measa a fháil i dtoghchán ón Dara Cogadh Mór

AN GHEARMÁIN: ‘Tubaiste’ do Merz, tuilleadh dul chun cinn déanta ag an eite fhíordheis

Tá sé ráite ag Seansailéir na Gearmáine, ⁠Friedrich Merz, go bhfuil sé an-sásta go bhfuil na Daonlathaithe Sóisialta, páirtí atá sa lár ar chlé, sásta fanacht i gcomhrialtas lena pháirtí féin, an CDU [Aontas Críostaí Daonlathach], d’ainneoin a dhona agus a chruthaigh siad sna toghcháin stáit.

“Tá mé buíoch gur tháinig scéala ó na Daonlathaithe Sóisialta ar maidin á chur in iúl go bhfuil rún acu fanacht ina gcuid den chomhrialtas i mBeirlín,” a dúirt Merz.

Tá páirtí an tSeansailéara faoi bhrú millteanach tar éis dó an toradh is measa a fháil i dtoghchán ón Dara Cogadh Mór agus an dara toghchán réigiúnach le coicís tugtha leis an AfD, páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis.

I stát Mecklenburg-Vorpommern san oirthuaisceart, bhí an CDU i bhfad ón tairseach 5% a bhí ag teastáil le suíocháin a ghlacadh sa bparlaimint stáit. Ba é deireadh an scéil go ndearna Páirtí Merz níos measa ná an toradh is measa a bhí á réamhthuar dó sa réigiún.

Bhíothas ag ceapadh gurbh é Alternative für Deutschland (AfD) ba mhó a gheobhadh vótaí in Mecklenburg-Vorpommern, ach is caolseans go mbeidh an páirtí sin i rialtas mar go ndiúltaíonn páirtithe eile oibriú leis.

Léiríonn réamhfhigiúirí go bhfuil an dara toradh is fearr riamh acu faighte ag an AfD, a dtugann seirbhísí faisnéise na Gearmáine páirtí faoina bhfuil amhras gur páirtí antoisceach ar an bhfíordheis é. Dhúbail an AfD a vóta sa stát agus 38% den vóta aige, beagán chun cinn ar na Daonlathaithe Sóisialta (SPD), páirtí ar chlé ón lár a bhí ar 35%.

Tá an tacaíocht don Seansailéir Friedrich Merz ag titim faoi 10% agus d’admhaigh sé féin gur “tubaiste” a bhí sa leadhbairt a tugadh dá pháirtí, an CDU, sa toghchán ach dúirt sé go raibh rún aige féin fanacht ina phost.

B’ionann scéal ag an CDU i mBeirlín agus greasáil eile i ndán dóibh ó Die Linke (An Clé). Tithíocht inacmhainne ba mhó a tharraing caint sa bhfeachtas i mBeirlín agus gheall Die Linke go nglacfaidís úinéireacht phoiblí ar 270,000 árasán atá i lámha gníomhairí móra eastáit príobháideacha faoi láthair.

Dúirt Merz go raibh “an mhuinín in institiúidí na tíre ag titim agus go raibh an bonn á bhaint díobh ag páirtithe radacacha ar an eite dheis agus ar an eite chlé”.

Dúirt an Seansailéir go gcaithfeadh ceannairí na hEorpa labhairt níos minice “faoin tsaoirse, faoin tslándáil sa saol laethúil, faoin tsíocháin agus faoinár láidreachtaí chomh maith lenár laigí”.

Fág freagra ar 'AN GHEARMÁIN: ‘Tubaiste’ do Merz, tuilleadh dul chun cinn déanta ag an eite fhíordheis'