Cuairt ar World Press Photo: is fiú míle focal …

Ní hionann scéal nuachta a léamh agus scéal nuachta a fheiceáil – fiú más ag láthair thaispeántais seachas san fhíorshaol é

Cuairt ar World Press Photo: is fiú míle focal …

Beirt ógbhan as Ecuador ó dhúchas, scéin ar a n-aghaidh. A n-athair á scaradh uathu ag ICE, seirbhís fhorfheidhmithe inimirce agus custaim na Stát Aontaithe, ag teach cúirte i gcathair Nua-Eabhrac.

An íomhá sin, a ghlac an grianghrafadóir as Meiriceá Carol Guzy do The Miami Herald anuraidh, a bhuaigh gradam an chomórtais World Press Photo i mbliana.

Ach ba mhó fós a chuaigh pictiúr eile as an tsraith chéanna sin a ghlac Guzy ag tithe cúirte na Stát – mar a mbíonn inimircigh mhídhleathacha á ngabháil ar an bpointe boise má theipeann ar a n-éisteachtaí – i bhfeidhm orm. Sa ghrianghraf sin, feictear fear slándála de chuid na cúirte ag gol agus teaghlach inimirceach tar éis a bheith scartha óna chéile ag ICE os comhair a shúl.

Féadfaidh mé coinneáil orm ag déanamh iarrachta cur síos a dhéanamh ar íomhánna i bhfocail, ach tá a fhios agaibh an seanfhocal: is fiú míle focal pictiúr amháin.

Faoi dhó a thug mé cuairt ar thaispeántas World Press Photo le seachtain anuas, an t-ádh orm go bhfuil sé ar siúl, saor in aisce, timpeall an chúinne ó m’árasán.

Fir i nGaza i mullach a chéile agus iad ag dreapadh ar thrucail éigeandála d’fhonn teacht ar ghreim bia.

Bean ina suí taobh amuigh dá teach scriosta i gcathair Kyiv san Úcráin, fuil ar a haghaidh agus ar a cosa, agus féachaint fholamh ina cuid súl tar éis ruathar buamála de chuid na Rúise.

Gar-amhairc de lámh agus máchail uirthi de bharr nimh thalmhaíochta.

Bainis sna Filipíní agus brídeach, grúm agus aíonna san uisce go glúin de bharr athrú na haeráide.

An tAthair Jorge ‘Chueco’ Romero á ghabháil go foréigneach ag póilíní na hAirgintíne, ag léirsiú ar son chearta phinsinéirí in Buenos Aires.

Ní hionann scéal nuachta a léamh agus scéal nuachta a fheiceáil, fiú más ag láthair thaispeántais seachas san fhíorshaol é, agus ar an gcúis sin is maith ann an comórtas World Press Photo, atá á eagrú le 71 bliain anuas.

Ach is maith ann an comórtas ar chúis eile freisin. Tarraingíonn sé aird ar an gcontúirt ina mbíonn grianghrafadóirí agus iriseoirí nuachta i gcuid mhór den domhan agus iad i mbun a gcuid oibre.

De réir léarscáil na heagraíochta Reporters Sans Frontières (RSF) a bhí ar taispeáint, níl ach seacht dtír ar chlár na cruinne – An Iorua, An Ísiltír, an Eastóin, an Danmhairg, an tSualainn, an Fhionlainn agus Éire, san ord sin – inar féidir le grianghrafadóirí agus iriseoirí nuachta a gcuid oibre a dhéanamh gan eagla.

Tá coinníollacha oibre ‘inghlactha’, de réir RSF, i dtíortha ar nós na Fraince, na hAfraice Theas agus Ceanada; ‘casta’ i dtíortha ar nós na Brasaíle agus na Stát Aontaithe; ‘achrannacha’ i dtíortha ar nós na Seirbia agus Meicsiceo; agus ‘fíorchontúirteacha’ i dtíortha ar nós na Rúise, na Síne agus i ngach tír sa Mheánoirthear.

Bhí 2025 ar cheann de na blianta ba mhó inar dúnmharaíodh iriseoirí agus iad i mbun oibre. Sa Phalaistín a dúnmharaíodh os cionn a leath.

Má bhíonn fonn ort taispeántas World Press Photo a fheiceáil san fhíorshaol, déan deifir: tá na grianghraif ar taispeáint ar Chearnóg Mhéabha i gcathair Shligigh go dtí amárach, an 10 Meán Fómhair, agus sin í an t-aon áit amháin in Éirinn ina mbeidh an taispeántas le feiceáil i mbliana. Mura bhfuil cónaí ort i ndúiche Mhéabha, tá cuid mhaith de na grianghraif bhuaiceacha le feiceáil ar shuíomh World Press Photo.

Fág freagra ar 'Cuairt ar World Press Photo: is fiú míle focal …'