Le linn na corraíola frith-inimirce a tharla i gcodanna de Bhéal Feirste mí an Mheithimh, bhí íomhánna den fhoréigean le feiceáil sna meáin ar fud an domhain.
Deir Dónal O’Connor, ceoltóir aitheanta agus stiúrthóir TradFest Bhéal Feirste, atá ag tosú Dé Domhnaigh, gur chúis díomá dó na heachtraí sin, ach nach léiriú iad ar an gcathair mar is eol dósan í.
“Cuireann rudaí mar sin imní orainn. Bhí droch-chuma ar an scéal trí na meáin, ach ar an talamh féin ní raibh ach líon beag daoine a bhí ag cothú na faidhbe. Tá fórsaí dorcha ann atá ag cothú na bhfadhbanna sin.”
Dar leis, tá ról tábhachtach ag féilte cosúil le Belfast TradFest le pictiúr níos dearfaí den chathair a chur os comhair an phobail.
“Tá sé tábhachtach go ndéanfadh muide ceiliúradh ar na rudaí maithe agus dearfacha a bhaineann le Béal Feirste. Is cathair fháilitúil, fhuinniúil, lán croí, lán sprid í Béal Feirste.”
Deir O’Connor go bhfuil Béal Feirste athraithe go mór sna blianta ó tháinig deireadh leis na Trioblóidí agus go bhfuil borradh fúithi.
“Tá na daoine fáiltiúil, tá áiseanna sa chathair ó thaobh bialann, lóistín agus araile agus tá borradh tar éis teacht ar an gcathair ar bhealach nach bhfuil ag tarlú in aon áit eile ar an oileán. Agus tá muid bródúil as an aistear a bhfuil Béal Feirste air agus tá muid ag iarraidh é sin a roinnt le daoine.”
Is mar scoil samhraidh agus féile cheoil thraidisiúnta, Scoil Samhraidh Bhéal Feirste, a thosaigh an TradFest agus tháinig forbairt air ina dhiaidh sin. Sa mbliain 2019 a cuireadh an chéad fhéile ar bun sa leagan amach atá anois air agus tá an t-ochtú bliain den fhéile á cheiliúradh i mbliana acu.
“An chéad bhliain bhí 90 mac léinn againn, ach i mbliana tá os cionn 1,000 mac léinn againn. Tá muid iontach bródúil an líne sin a thrasnú.”
Tá ranganna, ceardlanna agus breis agus 100 seisiún ceoil ar siúl i dtithe tábhairne, in ionaid ealaíon agus i spásanna cultúrtha i rith na féile. Bíonn máistrí an cheoil agus ceoltóirí óga ag seinm le chéile sna seisiúin sin.
“An rud a dhéanann scoil samhraidh ná go gcuireann sé deis ar fáil do dhaoine óga forbairt a dhéanamh ar a gcuid foghlama i rith an tsamhraidh. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh daoine óga sa chathair seo ag foghlaim ó na máistrí agus na máistrí a mhealladh go dtí an chathair is go mbeadh siad sásta a gceol a roinnt le pobal s’againne.”
Cuirfear tús leis an bhféile leis an Titanic Céilí, agus deir sé gurbh é an smaoineamh a bhí ó thús leis an bhféile ná an traidisiún a roinnt leis an oiread daoine agus ab fhéidir. Dar leis bhíodh dearcadh ann gur bhain an ceol traidisiúnta le pobal amháin seachas le pobal eile.
“Le linn na dtrioblóidí bhí an tuairim ann gur bhaint an ceol traidisiúnta leis na Náisiúnaithe agus an mháirseáil leis na hAontachtóirí. Tá muide ag iarraidh an traidisiún a roinnt le gach duine.”
Creideann sé go bhfuil féiniúlacht cheoil ar leith ag Béal Feirste agus gur cheart í a cheiliúradh.
“Tá fuaimrian faoi leith nach mbaineann le haon áit eile ar domhan a bhaineann leis an gcultúr Gaelach. Is maith linn a léiriú go bhfuil rud éigin anseo nach bhfuil in áit ar bith eile ar domhan agus gur fiú a cheiliúradh agus gach duine á cheiliúradh le chéile.”
I measc na n-aíonna i mbliana beidh Mary Bergin, Tony MacMahon, Dessie McGoldrick agus ceoltóirí ón mBriotáin. Beidh Cuas as Corca Dhuibhne, GUABecky Ní Éallaithe, Ciarán Ó Maonaigh agus Diane Ní Chanáin páirteach freisin, agus seolfaidh Diane leabhar agus albam nua dátheangach le linn na féile. Beidh Four Men and a Dog ar an gclár chomh maith, agus beidh Muireann agus Piaras Ó Lorcáin i mbun ranganna chomh maith le lear mór ceoltóirí eile.
Fág freagra ar 'Súil ag stiúrthóir Tradfest a chruthú nach cathair mar a tuairisc í Béal Feirste'