Fuinneamh agus brí ó thús deireadh i gceoldhráma nua Gaeilge sa Taibhdhearc

Bhí greann sníofa tríd ‘Saoirse’ agus bhí neomataí gleoite agus mothúchánacha ann chomh maith a chuirfeadh deora led shúile

Fuinneamh agus brí ó thús deireadh i gceoldhráma nua Gaeilge sa Taibhdhearc
SAOIRSE
Ceoldráma le Shauna Carrick
Léirithe ag An Taibhdhearc

Caithfidh mé a rá agus mé tar éis teacht ón obair, lá te agus mé traochta, ní raibh fonn orm tiomáint isteach go dtí cathair na Gaillimhe, spás páirceála a aimsiú agus dul chomh fada leis an Taibhdhearc, ach táim an-sásta go rabhas ann. Bhaineas an-taitneamh as an Saoirse a chuaigh ar stáitse sa Taibhdhearc den gcéad uair Dé hAoine seo caite agus a bheidh ar siúl ann go dtí Dé Domhnaigh, an 26 Iúil.

Is faoi Shaoirse, déagóir óg, an ceoldráma seo agus í ag imeacht go dtí an coláiste samhraidh den gcéad bhabhta i nGaeltacht Chiarraí. Bíonn imní an domhain uirthi mar nach bhfuil muinín aici ina cuid Gaolainne ach leanann sí uirthi á foghlaim agus fásann sí mar dhuine sna trí seachtainí a chaitheann sí sa Ghaeltacht agus í ag bualadh le cairde nua, agus ag déileáil le seanchairde.

Bhí fuinneamh agus brí sa léiriúchán ó thús deireadh, rud ar dóigh liom féin atá deacair le déanamh nuair nach bhfuil ach deichniúr ar stáitse i gcomparáid le ceoldrámaí eile ina bhfuil cliar ar a laghad 30 duine. Bhí formhór na n-aisteoirí ag seinm an cheoil chomh maith, gan aon ghá acu le ceolfhoireann sa bhreis, rud a cheangail agus a thug le chéile an cliar agus an scéal in ionad grúpa sa bhreis a bheith scartha amach uathu i mbun ceoil. Maidir leis an gceol agus an amhránaíocht, bhí sé nótáltha! Bhí na hamhráin dea-scríofa agus cliste, fair plé Shauna Carrick, agus beagáinín don mBéarla le clos i gcuid acu le tabhairt le fios nach raibh Gaolainn ar a dtoil ag na scoláirí. Bhí armóiní iontacha ann, agus bhí gach aon amhránaí ar stáitse ar fheabhas agus ag oibriú go maith le chéile.

Bhí duine suite in aice liom a cheap go raibh an iomarca á chur isteach sa scéal acu, thaitin na téamaí go léir liomsa. An deacracht a bhíonn romhainn sa Ghaeltacht agus gan maoiniú ar fáil dúinn, an bhuairt a bhíonn orainn nuair a bhíonn baol ann go mbeadh deireadh ag teacht le gnó nó croí na háite, an bhuairt a bhíonn faoi dhaoine óga agus iad fós ag iarraidh fáil amach cé hiad féin, an bhulaíocht a bhíonn ag tarlú i measc daoine óga nuair a bhíonn daoine eile difriúil leo, agus an streachailt a bhíonn ag daoine aeracha nuair nach nglactar leo mar a ghlactar le daoine eile. Bhí greann sníofa tríd an gceoldráma, agus bhí neomataí gleoite agus mothúchánacha ann chomh maith a chuirfeadh deora led shúile. Bhí an aisteoireacht go hiontach agus ba iad Ciara Cox, Juliette Crosbie, agus Evanne Kilgallon an triúr a sheas amach go mór dom féin!

Baineadh úsáid mhaith as an stáitse agus na soilse le hathruithe san atmaisféar a chruthú chomh maith len iad a úsáid go cliste le gnéithe sa scéal a chur in iúl don lucht féachana. Rud nár thugas ceann de ar feadh tamaill ná na micreafóin. Ní micreafóin mhóra os comhair a n-aghaidhte a bhí in úsáid, ach micreafóin bheaga ar bharra a gcinn, rud nach dtabharfá faoi deara ach go mbeifeá á lorg. Bhíos an-tógtha leis seo mar go gcuireann gnáthmhicreafóin a bhíonn ceangailte led bhéal isteach ar an scéalaíocht, dar liom féin, agus is deas an rud é gan aon cheann acu a bheith chomh feiceálach sin go mbeidís ag cuir isteach ort agus tú ag triail tú fhéin a thumadh sa scéal.

Chomh maith leis sin, bhí aip ar fáil le fotheidil an cheoldráma orthu, ionas go bhféadfadh daoine gan aon Ghaolainn nó gan mórán acu an scéal a leanúint, agus bhí mórán ag baint úsáid aisti agus na suíocháin ar fad lán, geall leis.

An t-aon rud a déarfainn ná más Ciarraíoch go smior tú, b’fhéidir go gcuirfeadh cuid de na focail nó an chaint a bhí in úsáid ar stáitse isteach ort mar nach bhfuil sé chomh cruinn, nó chomh Ciarraíoch is ba cheart dó a bheith agus an scéal lonnaithe sa Ghaeltacht.

I ndiaidh na Taibhdheirce, beidh Saoirse ag tabhairt cuairt ar Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath i mí Meán Fómhair, agus is fiú an deis a thapú agus freastal air.

Fág freagra ar 'Fuinneamh agus brí ó thús deireadh i gceoldhráma nua Gaeilge sa Taibhdhearc'