GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Mol Áineasa Ghníomhaigh Pháirc Sheangánaí curtha i gcrích

Tá Mol Áineasa Ghníomhaigh curtha i gcrích ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gcomhpháirtíocht le clubanna spóirt áitiúla, mar chuid de Mháistirphlean Pháirc agus Reilig Sheangánaí. Leis an bhforbairt seo, cruthaítear deiseanna nua spóirt agus aclaíochta don phobal ar fad i gceantar inar tháinig fás suntasach ar an daonra le blianta beaga anuas

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Mol Áineasa Ghníomhaigh Pháirc Sheangánaí curtha i gcrích

Tá Mol Áineasa Ghníomhaigh curtha i gcrích ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gcomhpháirtíocht le clubanna spóirt áitiúla, mar chuid de Mháistirphlean Pháirc agus Reilig Sheangánaí. Leis an bhforbairt seo, cruthaítear deiseanna nua spóirt agus aclaíochta don phobal ar fad i gceantar inar tháinig fás suntasach ar an daonra le blianta beaga anuas.

I gCéim 1, táthar ag díriú ar na taitneamhachtaí atá ann cheana a chomhdhlúthú agus áiseanna nua a sholáthar i bPáirc Sheangánaí, agus an tseandálaíocht agus na gnáthóga á gcosaint agus an bhithéagsúlacht á feabhsú ag an am céanna.

Cuireann na taitneamhachtaí nua go mór leis an bpáirc agus áirítear leo páirc imeartha CLG lánmhéide, spás comhroinnte cruicéid agus daorchluiche, raon ráibe 100m, limistéar callaistéinice, cúirt cispheile 3 in aghaidh 3, agus conair spraoi aclaíochta feadh bealaigh rochtana feabhsaithe trasna líne an DART. Tá neart suíochán curtha ar fáil mar chuid de na hoibreacha freisin, mar aon le hionad radhairc agus limistéir scíthe agus cosáin nua ar fud na páirce.

Frank Curran, Príomhfheidhmeannach le Eli Mulhall (10 mbliana d’aois) agus Isla Staunton (12 bhliain d’aois) ó Chumann Lúthchleasa Reathaithe Bhré, agus an Cathaoirleach, an Clr Jim Gildea

Tá an pháirc imeartha curtha i gcrích anois agus í ag teacht chun cinn go maith, agus tá an raon ráibe pobail nua oscailte don phobal, chomh maith leis na cosáin rochtana feabhsaithe thar líne an DART agus an chonair spraoi. Tá dul chun cinn maith á dhéanamh ar na háiseanna eile agus táthar ag súil go n-osclófar don phobal iad sna seachtainí atá amach romhainn.

Ag labhairt dó tráth ar tugadh oibreacha Chéim 1 chun críche, bhí an méid seo a leanas le rá ag an gCathaoirleach, an Comhairleoir Jim Gildea:

“Is feiliúnach deireadh mo théarma mar Chathaoirleach a chomóradh le Céim 1 de Mháistirphlean Pháirc Sheangánaí a fheiceáil ag teacht chun cinn. Leis an tionscadal seo, léirítear ár dtiomantas d’infheistíocht a dhéanamh i bhfolláine an phobail, sa spórt agus sa bhithéagsúlacht. Táim bródúil go háirithe as an gcomhpháirtíocht leis na clubanna áitiúla agus as an tionchar dearfach a bheidh ag na háiseanna nua seo ar an bpobal seo atá ag fás.”

Pictiúr grúpa de Céim 1 de Pháirc Sheangánaí le comhaltaí tofa agus clubanna áitiúla

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Mol Áineasa Ghníomhaigh Pháirc Sheangánaí curtha i gcrích'